A Dhia dhílis céard a dhéanfaimid?

Idir na Buiséad agus an geimhreadh fada fuar atá rompu seans gur ag teannadh isteach lena chéile a bheidh páirtithe an rialtais go ceann tamaill

A Dhia dhílis céard a dhéanfaimid?

‘A Dhia dhílis céard a dhéanfaidh mé, tá an geimhreadh seo ag teacht fuar…..

A Dhia dhílis céard a dhéanfaidh mé leis an teach seo agus a bhfuil ann?’ (Amhrán Mhaínse)

Meas tú nach bhfeileann na focla ón seanamhrán don Taoiseach agus don Tánaiste an deireadh seachtaine seo agus na hoícheanta ag éirí dorcha? Tá seachtain mhór rompu an tseachtain seo chugainn leis an mBuiséad iarChovid ach is léir sula gcuirfidh Pascal Donohue agus Michael McGrath siolla as a mbéal Dé Máirt seo chugainn go bhfuil bóthar corrach rompu.

Ó foilsíodh an plean náisiúnta forbartha Dé Luain seo caite, tá an tseanpholaitíocht thraidisiúnta sa tír seo follasach. Tá ionadaithe áitiúla i gceantair ar fud na tíre thar a bheith cáinteach ar an bplean mar nach bhfuil a gceantair féin san áireamh.

Tháinig deacrachtaí chun cinn ag cruinnithe pháirtí parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael i rith na seachtaine mar gheall ar an sean-nós i bpolaitíocht na hÉireann – is dá ndáilcheantar logánta féin a bhíonn teachtaí ag feidhmiú i ndeireadh an lae. Tá James O’Connor, an Teachta is óige sa Dáil as Corcaigh Thoir, ag tabhairt le fios go mbeadh sé sásta éirí as Fianna Fáil à la

Mark McSharry mar go bhfuil sé míshásta leis an soláthar dá dháilcheantar féin. Go deimhin dúirt sé leis an gcruinniú gur cuireadh dallamullóg air faoina bhfuil sa bplean.

Tuairiscítear go raibh cruinniú Fhine Gael achrannach agus baill an pháirtí ag cáineadh an phlean náisiúnta forbartha toisc gan a gcuid tograí áitiúla féin a bheith á gcinntiú ann agus leithéidí Charlie Flanagan agus Michael Creed ag maíomh go bhfuil a gcáil mar pháirtí an chaiteachais stuama caillte ag Fine Gael.

Idir an dá linn, tá an Comhaontas Glas ag maíomh nach dtógfar na bóithre ar fad atá luaite sa bplean agus iad á gcáineadh go fíochmhar ag a gcomhghleacaithe as a bheith “frithbhóithre”.

Cá bhfágann seo an caidreamh ag bord an rialtais? Ní fhéadfadh sé a leas a dhéanamh agus muid i bhfoisceacht laethanta do Bhuiséad 2022.

Den chéad uair ó toghadh an rialtas áirithe seo ní bheidh Covid-19 ar an scéal is mó. Beidh daoine ag faire céard atá beartaithe le dul i ngleic leis an saol iarChovid san earnáil sláinte, cén infheistíocht a dhéanfar chun plean tithíochta an rialtais a chur i bhfeidhm agus cé mhéad cúnaimh a thabharfaidh an rialtas do dhaoine le cuidiú leo agus iad i ngleic leis an ardú ar an gcostas maireachtála. Ba mhaith le teaghlaigh maolú a fheiceáil ar chostas cúram leanaí, ba mhaith le chuile dhuine laghdú ar a mbille cánach a fheiceáil agus ba mhaith le daoine bochta laghdú ar chostais fuinnimh a fheiceáil.

Tugann sin go leor le déanamh don rialtas agus anuas air sin ar fad tá pobalbhreith foilsithe anois a léiríonn go bhfuil rith an ráis le Sinn Féin ó thaobh tacaíocht an phobail de.

Idir é sin agus an geimhreadh fada fuar atá rompu shamhlóinn gur ag teannadh isteach lena chéile seachas ag géilleadh don teannas eatarthu agus ina measc a bheidh na páirtithe móra sna míonna seo romhainn.

Fág freagra ar 'A Dhia dhílis céard a dhéanfaimid?'