‘A chéad dánta Gaeilge’ bronnta ar an bhfile Paul Muldoon

Ghlac Paul Muldoon le cuireadh bualadh le cisteoirí An tUltach agus é i gCathair Ard Mhacha inné do Scoil Idirnáisiúnta John Hewitt

Réamonn Ó Ciaráin, Paul Mudoon, Antoine Ó Coileáin agus Ruairí Ó Bléine agus cóip acu de bhundánta Muldoon ar 'An tUltach'
Réamonn Ó Ciaráin, Paul Mudoon, Antoine Ó Coileáin agus Ruairí Ó Bléine agus cóip acu de bhundánta Muldoon ar ‘An tUltach’

Bronnadh inné ar an bhfile clúiteach Béarla, Paul Muldoon, macasamhail an leathanaigh san iris An tUltach ar ar foilsíodh a chéad dánta siar sa bhliain 1969. Ba i nGaeilge a bhí na dánta áirithe sin a chum an file a bhfuil duais Pulitzer buaite aige as a chuid filíochta i mBéarla ó shin.

Tá Muldoon ar dhuine de na daoine a thug tacaíocht don iris An tUltach nuair a fógraíodh anuraidh nach mbeifí á maoiniú feasta. Agus an feachtas in aghaidh deireadh a chur leis an iris in airde láin, chuir Muldoon teachtaireacht dea-thola chuig foireann na hirise agus dúirt gurbh ionann An tUltach agus ‘bunchloch shaol na hintleachta in Éirinn chomh fada siar agus is cuimhin liomsa’.

D’impigh sé ar Fhoras na Gaeilge leanúint orthu ag cur maoiniú ar fáil di:

“My own first poems, which happened to be in Irish, were published there in 1968. It was a thrilling moment! I strongly encourage Foras na Gaeilge to continue to support what has become an institution – not that An tUltach has ever succumbed to the greyness we might associate with that term. This is a magazine that plays a vigorous and vital role in helping Ireland understand itself,” a dúirt an Maoldúnach.

D’fheastail Muldoon ar sheoladh an leabhair Aspects of a Shared Heritage inné ag Scoil Idirnáisiúnta John Hewitt i gCathair Ard Mhacha, agus thapaigh sé an deis chomh maith freastal ar chruinniú de choiste An tUltach.

Dúirt Réamonn Ó Ciaráin thar ceann An tUltach go raibh sé an-sásta bualadh le Paul Muldoon agus a insint dó faoin “obair mhaith” atá ar siúl ag an gcoiste. D’iarr Ó Ciaráin ar dhaoine “ar spéis leo ár n-oidhreacht liteartha i gCúige Uladh” cinnte a dhéanamh de “go bhfaighidh An tUltach agus irisí eile fadbhunaithe ar nós An Timire agus Feasta an maoiniú reatha atá riachtanach” a fháil ón Stát.

“Tá An tUltach ina ardán tábhachtach in éabhlóid liteartha na Gaeilge i gCúige Uladh le chóir a bheith céad bliain agus leis an tacaíocht cheart ón rialtas, is féidir leis an Ultach a bheith ina lóchrann geal do thodhchaí na litríochta i gcanúint Chúige Uladh do na glúnta atá le teacht. Ní hacmhainn dár dteanga náisiúnta dúchais an saibhreas atá le fáil ar An tUltach gach mí a chailliúint,” a dúirt sé.

Anuas ar an tacaíocht atá tugtha aige do litríocht a chúige féin, tá cáil ar Paul Muldoon as dánta le mórscríbhneoirí ó dheas a thiontú go Gaeilge freisin, ina measc Nuala Ní Dhomhnaill, Michael Davitt agus Seán Ó Ríordáin. I measc na ndánta a bhfuil aistriúcháin déanta aige orthu tá ‘Saoirse’ an Ríordánaigh, (thíos).

Fág freagra ar '‘A chéad dánta Gaeilge’ bronnta ar an bhfile Paul Muldoon'

  • Helen Alsane

    Dia daoibh, gaeilge lag orm On Beo! they used to have translations interspersed through the text if one wished it. Aon seans é asaibh? Thanks, Helen