A bealach féin déanta ag Reese agus gan í ag feitheamh le haon phrionsa teacht chun í a fhuascailt

Is mór atá déanta ag an réalt scannáin ildánach Reese Witherspoon chun dearcadh na mban a chur chun cinn agus sparán teann aici dá bharr

A bealach féin déanta ag Reese agus gan í ag feitheamh le haon phrionsa teacht chun í a fhuascailt

Deirtear go múineann gá seift ach fág faoi bhean é le nósanna seanbhunaithe shaol na scannán a bhriseadh, agus is léir dúinn faoin tráth seo gur ghéar a theastaigh sin.

Réalt scannáin iomráiteach ildánach í Reese Witherspoon a d’admhaigh roinnt blianta ó shin go raibh sí bréan de bheith a fáil scripteanna gan dealramh ó lucht déanta scannán.

Scéalta ar mhasla iad do ról na mban sa tsaol comhaimseartha.

Sheas sí siar ón ‘ndomhan’ san, agus d’iompaigh i dtreo gairmeacha eile a thug níos mó dínit agus sásamh di féin mar dhuine daonna.

Ceann de na scannáin is fearr im thuairimse a dhein sí sarar iompaigh sí a cúl ná Walk the Line, leis an aisteoir Jaoquin Phoenix, ina raibh sí i riocht an amhránaí chlúitigh June Carter.

Léiriú láidir cumhachtach ab ea é ar an gcaidreamh a bhí aici sin le Johnny Cash. Beirt a raibh tallann thar na bearta acu.

Léirigh Reese Witherspoon a cumas mar aisteoir i bpáirt a bhí substaintiúil láidir. Bhuaigh sí gradam Oscar dá bharr. Bhí an scannán le feiceáil ar TG4.

Is léir nach bhfuair sí páirt chomh tathagach céanna ón mbliain a deineadh an ceann sin, in 2005.

Ní díomhaoin a bhí sí ó shin más ea.

Bhunaigh sí comhlacht scannánaíochta a raibh d’aidhm acu scéalta a chuir dearcadh na bantrachta i láthair an phobail a léiriú.

Scéalta a bhí ‘teaghlach-lárnach’ chomh maith le scéalta éadroma rómánsúla ar uairibh, scéalta a thug léargas eile ar fad ar an saol, seachas an tsíorbhrúidiúlacht, éigniú agus marú ban.

Is fiú na céadta milliún dollar an comhlacht san inniu.

Anuas air sin, dhírigh sí aird ar chúrsaí léitheoireachta agus litríochta.

Bhunaigh sí Club Leabhar a bhfuil a ainm anairde inniu.

Roghnaigh sí leabhair a bhí scríte ag mná, ina raibh an bhean i lár an aonaigh, í a’ seasamh ar a cosa féin, gan a bheith a feitheamh le haon phrionsa teacht chun í a fhuascailt, mar gurb é sin a chaitheann mná a dhéanamh, a dhearbhaigh sí, iad féin a shábháil ó chruatan an tsaoil.

Ní hamháin gur thug a leithéid de chlub leabhar tacaíocht ar leith do scríbhneoirí baineanna ach thug rogha bhreá leabhair shubstaintiúla, gur fiú iad a léamh, do léitheoirí atá grinn agus géarchúiseach.

Cuireann sí spéis chomh maith i ngníomhaíochtaí a thugann tacaíocht do leanaí, leithéidí Save the Children.

Liostáil an iris iomráiteach Forbes i ar dhuine de na haisteoirí is cumhachtaí agus is saibhre ar domhan. Meastar sparán teann ar fiú breis is ceithre chéad milliún dollar a bheith inniu aici, bail uirthi.

Thug sí triúr clainne ar an saol ina theannta san.

Cé deir nach mór an ní an méid sin.

Fág freagra ar 'A bealach féin déanta ag Reese agus gan í ag feitheamh le haon phrionsa teacht chun í a fhuascailt'