D’inis bean as Éirinn don bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos inné faoi conas mar a d’éirigh léi focal nua a chur isteach sa bhfoclóir Gaeilge.
Is í an feachtasóir Sinéad Burke, ar éirigh léi bheith istigh a fháil sa bhfoclóir don téarma ‘duine beag’, an t-aon bhean as Éirinn atá ag labhairt ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda i mbliana.
Bhí Burke, ar rugadh í agus acondrapláise nó an ghearrghéagacht uirthi, ag labhairt inné mar chuid den phlé faoi ‘Chothú na hUileghabhálachta’ agus faoina feachtas chun aird a tharraingt ar an ngá le freastal níos fearr a dhéanamh i gcúrsaí deartha faisin ar dhaoine faoi mhíchumas.
Le linn a cuid cainte, d’inis Burke faoina feachtas maidir le téarma nua– ‘duine beag’ – a chur go hoifigiúil le bunachar náisiúnta téarmaíochta na Gaeilge.
D’éirigh leis an bhfeachtas sin agus tá an téarma ‘duine beag’, ‘little person’ an Bhéarla, nó duine a bheadh an abhcacht orthu, ar fáil ar Téarma.ie ó mhí na Samhna 2016.
Dúirt Burke in Davos inné gur léirigh an rath a bhí ar an bhfeachtas sin na buntáistí a bhaineann leis an idirlíon agus na meáin shóisialta ina cuid feachtasaíochta.
Roghnaíodh caint Burke i measc bhuaicphointí chlár an lae inné ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda.
Cate Blanchett, Justin Trudeau, Christine Lagarde… and me.
WOW #wef18 https://t.co/7DAyhkhdUM
— Sinéad Burke (@minniemelange) 23 Eanáir 2018
Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an World Economic Forum in Davos'