FÍSEÁN: Scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an World Economic Forum in Davos

Is í an feachtasóir Sinéad Burke, ar éirigh léi bheith istigh a fháil sa bhfoclóir don téarma ‘duine beag’, an t-aon bhean as Éirinn atá ag labhairt ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda i mbliana

FÍSEÁN: Scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an World Economic Forum in Davos

D’inis bean as Éirinn don bhFóram Eacnamaíoch Domhanda in Davos inné faoi conas mar a d’éirigh léi focal nua a chur isteach sa bhfoclóir Gaeilge.

Is í an feachtasóir Sinéad Burke, ar éirigh léi bheith istigh a fháil sa bhfoclóir don téarma ‘duine beag’, an t-aon bhean as Éirinn atá ag labhairt ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda i mbliana.

Bhí Burke, ar rugadh í  agus acondrapláise nó an ghearrghéagacht uirthi, ag labhairt inné mar chuid den phlé faoi ‘Chothú na hUileghabhálachta’ agus faoina feachtas chun aird a tharraingt ar an ngá le freastal níos fearr a dhéanamh i gcúrsaí deartha  faisin ar dhaoine faoi mhíchumas.

Le linn a cuid cainte, d’inis Burke faoina feachtas maidir le téarma nua– ‘duine beag’ –  a chur go hoifigiúil  le bunachar náisiúnta téarmaíochta na Gaeilge.

D’éirigh leis an bhfeachtas sin agus tá an téarma ‘duine beag’, ‘little person’ an Bhéarla, nó duine a bheadh an abhcacht orthu, ar fáil ar Téarma.ie ó mhí na Samhna 2016. 

Dúirt Burke in Davos inné gur léirigh an rath a bhí ar an bhfeachtas sin na buntáistí a bhaineann leis an idirlíon agus na meáin shóisialta ina cuid feachtasaíochta.

Roghnaíodh caint Burke i measc bhuaicphointí chlár an lae inné ag an bhFóram Eacnamaíoch Domhanda.

Fág freagra ar 'FÍSEÁN: Scéal an ‘duine beag’ agus an fhoclóra Ghaeilge i measc bhuaicphointí an World Economic Forum in Davos'