Tá sé i gceist ag údarás áitiúil in Albain deireadh a chur leis an taisteal saor in aisce a chuirtear ar fáil do dhaltaí scoil lán-Ghàidhlig san Eaglais Bhreac sa Ghalldachd.
Tá sé curtha i leith Chomhairle na h-Eaglaise Brice ag Bòrd na Gàidhlig gur ag dul in aghaidh a bplean teanga féin a bheadh siad dá gcuirfí na ciorruithe atá beartaithe i bhfeidhm agus go dtabharfaí an cás os comhair Riaghaltas na h-Alba.
Níl aon scoil lán-Ghàidhlig san Eaglais Bhreac faoi láthair ach cuireann an Chomhairle liúntas taistil ar fáil le daltaí a thabhairt ón mbaile chuig scoileanna atá i Lannraig a Tuath agus i Sruighlea.
Chuir an chomhairle in iúl do thuismitheoirí na ndaltaí i litir a seoladh roimh thús na scoilbhliana seo go raibh sé i gceist acu deireadh a chur leis an liúntas taistil. Ní mó ná sásta a bhí na tuismitheoirí agus táthar ag cur in aghaidh na gciorruithe go tréan. Bhí vóta le bheith ag an gcomhairle faoin gceist i mí Feabhra ach cuireadh siar é mar gheall ar thuarascáil a chuir Bòrd na Gàidhlig faoina bráid.
Dúirt LeasChéad-Aire na hAlban Kate Forbes, a chuaigh tríd an gcóras scolaíochta lán-Ghàidhlig í féin, go raibh an rialtas i mbun cainteanna le Comhairle na h-Eaglaise Brice faoin gceist agus go raibh súil aici go dtiocfaí ar réiteach. Ina dhiaidh sin féin, thug an Chomhairle le fios nach raibh sé i gceist an plean a athrú agus go mbeadh vóta ann faoin gcinneadh.
Tugadh le fios gur chaith an Chomhairle £75,289 (€89,700) ar sheirbhísí iompair do dhaltaí i scoileanna lán-Ghàidhlig in 2023/2024 agus nach bhfuarthas ach £13,000 (€15,500) ón rialtas lena aghaidh.
Is é an moladh atá ag an gComhairle anois ná go gcuirfí deireadh ar fad leis an taisteal saor in aisce do dhaltaí meánscoile agus go n-íocfaí liúntas taistil le haghaidh daltaí bunscoile atá ar bhunscoil cheana féin ach nach mbeadh sé ar fáil do na naíonáin bheaga a thosóidh i mí Mheán Fómhair 2025. Cuirfear deireadh leis an scéim ar fad in 2030.
Tá Eoghann MacLeòid ar dhuine de na tuismitheoirí atá ar buile faoin socrú nua. Téann a chlann ar scoil ón Eaglais Bhreac go Comar na nAllt i dtacsaí [turas 18km nó mar sin]. Deir sé go mbeadh air a pháistí a thógáil amach as an scoil lán-Ghàidhlig dá gcuirfí deireadh leis an scéim mar gheall go mbeadh orthu dhá bhus agus siúlóid dhá mhíle a dhéanamh gach maidin leis an scoil a bhaint amach. Maíodh i suirbhé a rinne an Chomhairle san Eaglais Bhreac nach bhfuil dóthain éilimh sa bhaile féin le scoil lán-Gàidhlig a bhunú ann i láthair na huaire.
Fág freagra ar 'Deireadh le taisteal saor in aisce do dhaltaí scoileanna lán-Ghàidhlig'