Slógadh Frithchiníoch ag Stormont

Beidh ollchruinniú ag Gaeil Thuaisceart Éireann ag Stormont amárach 10 Nollaig.

Slógadh Frith-Chiníoch2

Tá “Slógadh Frithchiníoch ar son an Chomhionnais” á eagrú ag an bhFeachtas Dearg i dTuaisceart Éireann amárach. Idir 13.00 agus 14.00 taobh amuigh de Stormont a bheas an Slógadh ar siúl.

Fágfaidh busanna Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag 12.00 agus féadfar suíochán a chur in áirithe ach ríomhphost a chur chuig conchur91@gmail.com

Tá an Slógadh á fhógairt cúpla seachtain tar éis ráitis fhrith-Ghaeilge Gregory Campbell i gComhthionól Thuaisceart Éireann agus tar éis do dhreamanna éagsúla Acht Gaeilge a éileamh.

 

 

 

 

Fág freagra ar 'Slógadh Frithchiníoch ag Stormont'