An scoláire aitheanta Diarmaid Ó Doibhlin imithe ar shlí na fírinne

Iarléachtóir in Ollscoil Uladh agus scríbhneoir agus staraí iomráiteach ab ea Ó Doibhlinn

An scoláire aitheanta Diarmaid Ó Doibhlin imithe ar shlí na fírinne

Tá an Dochtúir Diarmaid Ó Doibhlin, an scoláire agus iarléachtóir le Gaeigle in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin, imithe ar shlí na fírinne. Léachtóir sa Léann Éireannach san Ollscoil agus scríbhneoir iomráiteach a raibh ceangal aige le Gaeltacht Thír Chonaill a bhí ann.

Scríobh sé go leor faoi stair Chontae Dhoire, faoi Ghlinnte Aontroma agus faoi oidhreacht na Plandála in Ulaidh. Bhí sé ina bhall gníomhach de Chumainn Staire Ard Mhacha agus Dhomhnach Mór i dTír Eoghain freisin.

Ar na leabhair a scríobh sé bhí Briseadh na Cora, Ón Chreagán go Ceann Dubhrann, Duanaire Gaedhilge, Drumaí Móra agus beathaisnéis faoi Nioclás Ó Cearnaigh.

Bhí Diarmaid sna seachtóidí agus maireann a bhean agus a chlann.

Fág freagra ar 'An scoláire aitheanta Diarmaid Ó Doibhlin imithe ar shlí na fírinne'

  • Dónall Mac Murchaidh

    Iar-Léachtóir de mo chuid a bhí i nDiarmaid. Bhí meas an domhain ag na mic léinn air agus meas aige-sean orainn. Ba mhór a chuidigh sé linn agus beidh cumhaí orainn ina dhiaidh.

  • Iarla

    Duine maith. Léachtóir a spreag acmhainn chriticiúil. Báúil.