‘Tá sé in am leas mar is cóir a bhaint as cultúr na Gaeltachta sa turasóireacht’

Bhailigh ionadaithe ó chumainn forbartha pobail ar fud na Gaeltachta le chéile ag an deireadh seachtaine chun tabhairt faoi phlean gníomhaíochta turasóireachta do na ceantair Ghaeltachta

‘Tá sé in am leas mar is cóir a bhaint as cultúr na Gaeltachta sa turasóireacht’
Na cainteoirí ar maidin ag an seimineár: Emer Ní Mhathúna, Teach Solais Fhanada, Dún na nGall, Daithí De Mórdha, Ionad an Bhlascaoid, Corca Dhuibhne; Cillian De Grás, Bord na nOibreacha Poiblí agus Fidelma Mullane, Comhairleoir Oidhreachta. Ar dheis tá Steve Ó Cúláin, PF Údarás na Gaeltachta, a chuir fáilte roimh an lucht freastail.
Na cainteoirí ag an seimineár: Emer Ní Mhathúna, Teach Solais Fhanada, Dún na nGall, Dáithí de Mórdha, Ionad an Bhlascaoid, Corca Dhuibhne; Cillian de Grás, Oifig na nOibreacha Poiblí agus Fidelma Mullane, Comhairleoir Oidhreachta. Ar dheis tá Steve Ó Cúláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, a chuir fáilte roimh an lucht freastail

Tá luach ar theanga agus ar chultúr na Gaeilge nach bhfuil aon aird cheart á tabhairt ag gnóthaí na Gaeltachta orthu. B’in a dúradh le lucht freastail ar sheimineár turasóireachta a d’eagraigh Údarás na Gaeltachta in Óstán Chuan Charna, Conamara.

Ba í an tuairim ba choitianta a léirigh rannpháirtithe an tseimineáir turasóireachta ná go raibh easpa tuisceana faoin tábhacht a bhain le cultúr na Gaeilge i dtionscal na turasóireachta sa Ghaeltacht. Bhailigh ionadaithe ó chumainn forbartha pobail ar fud na Gaeltachta le chéile ag an deireadh seachtaine chun tabhairt faoi phlean gníomhaíochta turasóireachta do na ceantair Ghaeltachta.

Moladh ag an seimineár go mbunódh eagraíochtaí turasóireachta na Gaeltachta gréasán chun cás na hearnála sin a chur chun cinn. Cuireadh i láthair ag an seimineár samplaí de chomhlachtaí a mbíonn béim ar an teanga acu. Ina measc siúd bhí Teach Solais Fhánada, Co Dhún na nGall.

Ó Mhárta go Deireadh Fómhair 2016, díoladh 16,000 ticéad don teach solais i nDún na nGall, a dúirt Emer Ní Mhathúna, bainisteoir Phobal Fhánada Teo. “De bhrí gur i nGaeltacht Dhún na nGall atá sé, tá Gaeilge ag an bhfoireann agus taitníonn an Ghaeilge labhartha go mór le cuairteoirí. Táimid tiomanta an Ghaeilge a chur chun tosaigh,” a dúirt Ní Mhathúna.

Emer Ní Mhathúna ag caint faoi fhorbairt Teach solais Fhanada mar mar áis turasóireachta
Emer Ní Mhathúna ag caint faoi fhorbairt Theach Solais Fhánada mar áis turasóireachta

Tá an polasaí teanga céanna i bhfeidhm ag Ionad an Bhlascaoid i gCorca Dhuibhne, dar leis an mbainisteoir Dáithí de Mórdha. “Tá Gaeilge ag an bhfoireann agus molaimid í a úsáid mar ghnáth-theanga oibre.” Tá fostaíocht bhuan do chúigear agus 20 post séasúrach eile san ionad.

Leagtar béim, a dúirt de Mórdha,  ar éagsúlacht chultúr na Gaeltachta ina bhfuil an t-ionad lonnaithe. Is cúis díomá do chuairteoirí an “róchosúlacht”, dar leis.

“Ní thaitníonn sé le turasóirí dul isteach sna siopaí céanna atá acu san Eoraip nó na béiltí céanna a ithe,” a dúirt sé.

D’fháiltigh bainisteoir Ionad an Bhlascaoid go mór roimh an bplean turasóireachta don Ghaeltacht a láidreodh an chomhpháirtíocht i measc na gceantar Gaeltachta, dar leis. “Tá seanrá i gCiarraí ‘is lá curtha amú aon lá taobh amuigh de Chiarraí’. Tá lá na tuairime sin féin caite anois. Ba bhreá an rud síneadh amach agus an t-iarthar ar fad a fheiceáil.”

Tháinig fadhbanna le fás mór na turasóireachta i nGaeltacht Chiarraí.

“Níl an t-infreastruchtúr ná na seirbhísí againn le freastal ar líon na gcuairteoirí. Ní féidir le busanna dul thar a chéile ar na bóithre. Bíonn tranglam tráchta sa samhradh. Tá daoine san áit fiú ag moladh srian a chur ar thurasóireacht.

“Nuair a iarrann turasóir bocht faoi am sroichte an chéad bhus eile, tá sé i mbaol ‘Thursday’ a chlos. Ábhar machnaimh sin d’aon cheantar Gaeltachta atá ag tabhairt faoi thogra mór turasóireachta,” a dúirt de Mórdha.

Ina chur i láthair féin maidir le forbairt tionscnamh turasóireachta i nGaeltacht Chiarraí, thug Fionnán Ó hÓgáin, Údarás na Gaeltachta, le fios go raibh Corca Dhuibhne breac le bealaí siúlóide agus iad fógartha ar bhróisiúir, léarscáileanna agus ar an suíomh idirlín, irishtrails.ie. Ní raibh an scéal amhlaidh i gConamara, áfach, agus gan ann ach Siúlóid Gharmna, idir An Spidéal agus Cloch na Rón.

Bernadette Mullarkey, comhairleoir forbairt tionscnaimh
Bernadette Mullarkey, comhairleoir

Tuairiscíodh gur thug 121,000 daoine cuairt ar Dhún Aonghusa ar Inis Mór, Árainn, in 2015 agus gur 125,000 a rinne amhlaidh in 2016.

Ach má tá cuma mhaith ar na figiúirí sin tá údar díomá ag muintir na n-oileán freisin, dar le Cillian de Grás, ón OPW, a dhéanann cúram do Dhún Aonghusa agus Teach an Phiarsaigh, ar thug 16,000 duine cuairt air i mbliana.

“Ní fhanann formhór mór na ndaoine seo san oileán. B’fhearr liom 50,000 duine a d’fhanfadh trí lá san oileán ná 150,000 duine nach bhfanann.”

Dúirt sé go raibh galar an ticéid fillte aon lae ó Ghaillimh go mór i réim, gan aon tairbhe don ghnó áitiúil. Ba é an cúram is tábhachtaí  d’aon eagras turasóireachta don Ghaeltacht ná margaíocht mhaith a dhéanamh a spreagfadh daoine chun fanacht sna ceantair ar leith, dar le de Grás.

Fiú má fhéachann muintir na Gaeltachta féin ar ‘iargúltacht’ na Gaeltachta mar mhíbhuntáiste, ba chóir cuimhneamh gur “bua atá sa mhéid sin i súile na dturasóirí,” a dúirt Fidelma Mullane, comhairleoir oidhreachta, a labhair leis an slua.

Dúirt Mullane go raibh tionscal na turasóireachta sa tír seo go mór taobh thiar de thíortha eile, go háirithe ó thaobh na “smaointeoireachta agus na teicneolaíochta”.

Dúradh go mba thrua tithe lóistín agus óstáin Ghaeltachta a bheith ag dúnadh sa gheimhreadh, ina measc Óstán Chuan Charna, láthair an tseimineáir féin, a bheidh ag dúnadh go luath an mhí seo chugainn.

Dúirt an comhairleoir oidhreachta go raibh tábhacht mhór leis an gcultúr ‘fírinneach’ a léiriú don turasóir agus nár ghá gur ‘togra’ ar leith a bheadh i gceist.

Fionnán Ó hÓgáin, Údarás na Gaeltachta
Fionnán Ó hÓgáin, Údarás na Gaeltachta

Insíodh scéal faoi thurasóir ón bhFrainc ar bhris a charr síos agus a d’fhan sa teach tábhairne Tí Mheaic i gCarna agus é ag fanacht ar mheicneoir. Nuair a fiafraíodh de an raibh leadrán air ag fanacht, dúirt sé gur a mhalairt a bhí fíor, gur aoibhinn leis an ciúnas, ambience an tí agus “Gaeilge na seandaoine ag ól ag an mbeár”.

I gcás na bhFrancach, níl aon ní eile sa cheann acu nuair a thagann siad go hÉirinn, a dúirt  Fidelma Mullane. “Chonaic siad na scannáin Taxi Mauve agus The Quiet Man. An t-amhrán is ansa leo ná ‘Les Lacques de Conamara’,” a dúirt sí.

Dar le cainteoir ón urlár a thacaigh leis an méid sin, is í an “aisling” ag cuairteoirí na Fraince ná pictiúr a ghlacadh díobh féin ag seasamh taobh le loch i gConamara agus taobh le comhartha ‘Conamara’. B’aisteach an rud, a dúradh, gur beag comhartha atá ann sa cheantar a bhfuil an focal ‘Conamara” air.

Rinne comhairleoir turasóireachta eile, Bernadette Mullarkey, cur síos ar cad is fiú an turasóireacht don tír seo agus ar ról na n-eagraíochtaí féin i gcur chun cinn an tionscail.

“Amharctar ar thurasóirí mar chustaiméirí i siopa Fáilte Éireann, ach bíonn na seilfeanna folamh sa siopa. Is fúibhse atá sé na pacáistí a chur le chéile agus a chur ar na seilfeanna,” a deir Mullarkey.

Cillian De Grás, Oifig na nOibreacha Poiblí
Cillian de Grás, Oifig na nOibreacha Poiblí

 

Fidelma Mullane, comhairleoir oidhreachta, ag caint
Fidelma Mullane, comhairleoir oidhreachta