GAILEARAÍ/AN SAMHRADH SA GHAELTACHT: Na hiarratais is déanaí ar ár gcomórtas grianghrafadóireachta… #pixGaeltachta Sa Ghailearaí seo tá cuid de na hiarratais ar ár gcomórtas grianghrafadóireachta dár léitheoirí…Tá tuilleadh eolais faoin gcomórtas ag bun an ghailearaí… Dé Céadaoin, Iúil 13 2016 ag 7:20 am Ar an mbealach go dtí an pósadh ar thrá Inis Oírr. Pictiúr: Mairéad Ní Chonghaile ‘Jeaic’ ag baint taitneamh as an ngrian, ina luí sa bhfeamainn. Pictiúr: Máirín Seoige Ceann de na róidíní ar an taobh ó dheas d’oileán Inis Meáin nach mbaineann mórán daoine úsáid as. Pictiúr: Orla Ní Chonghaile Tá sé sé ina shamhradh ar Inis Meáin. Pictiúr: Orla Ní Chonghaile Radharc d’áilleacht Inis Meáin. Pictiúr: Orla Ní Chonghaile An ghrian ag scoilteadh na gcloch ar Thrá an Dóilín, An Cheathrú Rua. Pictiúr: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill Doras sí i nGairdín Bhríde, Maigh Cuilinn. Pictiúr: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill Ní bhíonn néal gan ghealán. Pictiúr: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill Gathanna gréine ag briseadh tríd na scamaill ar An Chaoláire Rua. Pictiúr: Ailbhe Nic Giolla Chomhaill Binsí scoile bánaithe, Coláiste Íde, Daingean Uí Chúis. Pictiúr: Gavin Devitt Nach deas iad na dathanna difriúla atá ar an lao óg? Dathanna na Gaillimhe do chluichí móra an tsamhraidh! Pictiúr: Ann Nolan Tá an mhóin gróigthe! Portaigh Chor na Rón. Pictiúr: Johanna Ní Mháille Teach Solais, Árainn Mhór, Dún na nGall. Pictiúr: Áine Máire Ní Fhlanagáin Oíche Tine Sheáin, an 23 Meitheamh in Inis Oírr; Árainn. Pictiúr: Mairéad Ní Chonghaile Cian Finn agus a chairde, trá Inis Oírr, roimh ghig in Áras Éanna mar chuid den Fhéile Dúil. Pictiúr: Mairéad Ní Chonghaile Aindrias de Staic ar an stáitse in Áras Éanna, Inis Oírr. Pictiúr: Mairéad Ní Chonghaile Tuilleadh eolais anseo
Grúpa feachtais ag iarraidh feidhm reachtúil a leagan ar Údarás na Gaeltachta maidir le cúrsaí tithíochta Déardaoin, Aibreán 11 2024
‘Tá géarchéim teanga sa Ghaeltacht, níl aon dabht faoi sin’ – Aire Stáit nua na Gaeltachta Dé Céadaoin, Aibreán 10 2024
GAILEARAÍ: Google le Gaeilge – 600 dalta ó choláistí Gaeilge is Gaeltachta ag Tech Féile Kinia i m... Dé Luain, Aibreán 29
Ní haon mhaith trua a bheith agat duit féin nuair a fhaigheann tú diúltú ó na fo... Dé Sathairn, Aibreán 27
Mórshuirbhé le déanamh faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge... Dé Luain, Aibreán 29
Ní leithscéal eile ach gníomh atá tuillte ag muintir Luimnigh tar éis bás gan gh... Dé Sathairn, Aibreán 27
A bhfreagra tugtha ag Luimneach, an gcuirfidh Tiobraid Árann ceist eile orthu? Dé Sathairn, Aibreán 27
Fág freagra ar 'GAILEARAÍ/AN SAMHRADH SA GHAELTACHT: Na hiarratais is déanaí ar ár gcomórtas grianghrafadóireachta…'