Tá suim ag duine as gach cúigear sa Tuaisceart Gaeilge a fhoghlaim nó cur leis an nGaeilge atá cheana acu, de réir pobalbhreithe a rinne an comhlacht Millward Brown do Chonradh na Gaeilge.
Bhí 41% de na daoine a ceistíodh sa phobalbhreith den tuairim nach bhfuil dóthain deiseanna ann do dhaoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid taobh amuigh den chóras oideachais.
26% díobh siúd a ceistíodh a dúirt go bhfuil dóthain deiseanna ag daoine óga a gcuid Gaeilge a úsáid.
Thug 63% den dream a ceistíodh le fios gur chreid siad go raibh sé de cheart ag gach páiste oideachas a fháil trí Ghaeilge, más é sin a rogha.
Deir Niall Comer, Tánaiste Chonradh na Gaeilge, go léiríonn an taighde go bhfuil gá le hAire Oideachais agus le hAire Pobail a thacódh leis an nGaeilge sa chéad rialtas eile ó thuaidh.
“Tá figiúr nua sa taighde seo a léiríonn go bhfuil suim ag duine as gach cúigear Gaeilge nó tuilleadh Gaeilge a fhoghlaim ó thuaidh…
“Cuireann seo le tábhacht éilimh phobal na Gaeilge a bhaint amach sa toghchán i mí na Bealtaine, chun tuilleadh infheistíochta a chinntiú agus Airí a bheidh tiomanta don teanga a cheapadh sa Roinn Pobail agus sa Roinn Oideachais,” a dúirt Niall Comer.
Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Bainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge, go raibh teachtaireacht shoiléir sa taighde go bhfuil an pobal ó thuaidh “ag tacú le cur i bhfeidhm chearta teanga, go háirithe trí fhreastal sásúil a dhéanamh ar riachtanais earnáil na Gaelscolaíochta”.
Fearn
agus cé mhéid atá á foghalim?