Seo Linn ag iarraidh barr na cairte a bhaint amach Seachtain na Cásca

Tá Seo Linn ag súil go mbainfidh a n-amhrán nua ‘Musicmakers’ an chéad áit amach ar chairt cheoil na hÉireann an tseachtain seo. Má éiríonn leo is í an chéad uair a bheidh amhrán le Gaeilge ann ar bharr na cairte in Éirinn

"Seo Linn" ar chlár RónánBeo.
Seo Linn

Tá dóchas ag an mbanna ceoil Seo Linn go mbeidh a n-amhrán nua ‘Musicmakers’ ar an gcéad amhrán dátheangach, i mBéarla agus i nGaeilge, ar bharr na cairte in Éirinn agus iad ag súil leis an gcéim sin a bhaint amach le linn Sheachtain na Cásca.

Seoladh ‘Musicmakers’ inniu agus is féidir é a cheannach ar an iTunes Store agus an Google Play store agus tá beartaithe ag baill an bhanna cóipeanna crua den amhrán a dhíol ar Shráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath Satharn beannaithe Domhnach Cásca. Tá na cóipeanna crua ar díol i Tower Records freisin.

D’iarr RTÉ ar an mbanna amhrán a scríobh mar chuid de chomóradh 1916 bunaithe ar an dán ‘Ode’ le Arthur O’Shaughnessey. Tá línte ón dán sin le cloisteáil san amhrán nua-chumtha.

“Nuair a seoladh an t-amhrán inniu bhí muid ag uimhir 40 ar an gcairt náisiúnta, mar gheall ar na orduithe réamhsheolta a cuireadh isteach. Ó shin tá muid tar éis bogadh suas go dtí uimhir 25 nó 24 agus ba mhaith linn a bheith ag uimhir a haon roimh dheireadh na seachtaine.

“Dá dtarlódh sé sin go bheadh sé ar an gcéad uair a bheadh amhrán le Gaeilge ann ar bharr na gcairteacha riamh, agus ba bhreá linn dá dtarlódh sé sinn le linn Sheachtain na Cásca agus an tÉirí Amach á cheiliúradh,” a dúirt Cathal Ó Ruaidh, dordghiotáraí an bhanna.

Seo é an chéad amhrán atá eisithe ag Seo Linn nach bhfuil go huile is go hiomlán i nGaeilge. Bhain an banna cáil amach an chéad lá tríd a gcuid oibre le TG Lurgan agus Coláiste Lurgan in Indreabhán, áit ar chuir siad Gaeilge ar amhráin mhór-le-rá.

D’eisigh siad an t-amhrán ‘Ar Scáth a Chéile’ sa bhliain 2014 ar mhaithe le hairgead a bhailiú don charthanacht Self Help Africa. Dúirt Ó Ruaidh le Tuairisc.ie nach gceapann sé go gcuirfidh an t-athrú teanga isteach ar lucht leanta an bhanna.

“Ní dóigh liom go ndéanfaidh sé aon dochar, nuair a bhunaigh muid Seo Linn shíl muid an uair sin go mbeadh sé níos fearr feidhmiú go dátheangach, mar is daoine dátheangacha muide. Den chuid is mó labhraíonn muid Gaeilge eadrainn féin, ach ní féidir a shéanadh gur Béarlóirí freisin muid agus go bhfuil cairde agus gaolta againn a labhraíonn muid Béarla leo.

“Beidh daoine ann a mbeidh díomá orthu, ach thuig muid nuair a thosaigh muid amach go mbeadh amhráin Ghaeilge, Bhéarla agus dhátheangacha á scríobh againn agus go gcabhródh an cur chuige sin linn an Ghaeilge a chur chun cinn tríd an gceol. Tá muid ag súil le daoine nach gcuimhneodh riamh ar éisteacht le hamhrán Gaeilge a mhealladh freisin,” a dúirt sé.

Tá €0.99 ar ‘Musicmakers’ ar iTunes agus tá sé ar fáil anois.

Fág freagra ar 'Seo Linn ag iarraidh barr na cairte a bhaint amach Seachtain na Cásca'