Sa scannán I mBeál na Stoirme, a thóg ocht mbliana a dhéanamh, leanann criú Seán Ó Briain, iascaire beag as Inis Bó Finne i dTír Chonaill, agus é ag iarraidh dlíthe na hEorpa i dtaobh cúrsaí iascaireachta a athrú. Feictear Seán ag bualadh le boic mhóra sa Bhruiséil féachaint an féidir leis dul i gcion orthu agus cearta iascaigh a shinsear sna farraigí amach ó chósta Thír Chonaill a chosaint.
Déantar iarracht sa scannán teacht ar fhoinsí na ndúshlán is na ndlíthe a gcaithfidh iascairí dul i ngleic sa lá inniu agus ciortar an tionchar atá ag cinnithe polaitíochta ar shlí bheatha agus ar shaol pobail bheaga cois farraige.
Leantar Seán ar a thuras pearsanta lena chlann agus lena chairde agus iad ag iarraidh a gcuid a shaothrú; iad ag streachailt le lucht na polaitíochta agus ag iarraidh tacaíocht a fháil ó phobail oileánda na hEorpa, mar aon leis an obair a dhéanann siad le grúpaí neamhspleácha idirnáisiúnta.
Craolfar ‘I mBéal na Stoirme’ amárach, an 27 Nollaig, ag 8.15pm ar TG4