Nach deas é? ‘Bhí sé ina ghruth is ina mheidhg aige’

Mír rialta ó scríbhneoirí éagsúla faoi nathanna cainte a thugann léargas ar shaibhreas, ar shaíocht agus ar aclaíocht na teanga

Gearrscéal greannmhar le Máirtín Ó Cadhain é Gan Murcha gan Mánas.

Cuntas is ea é ar mhúinteoir óg atá ag dul amach le beirt fhear in éineacht, i ngan fhios dóibh féin, gan amhras – gníomh a shamhlófá le fear de ghnáth.

Donncha agus Tomás na fir atá i gceist. Ach filleann an feall ar an bhfeallaire sara i bhfad. Agus í á cur faoi bhrú ag fear an phoist lasmuigh den seomra ranga lá, bíonn de mhí-ádh ar Nóra litir Dhonncha a chur i gclúdach litreach Thomáis agus litir Thomáis a chur i gclúdach Dhonncha, sa tslí is go bhfaigheann chaon duine acu litir an duine eile.

Tugtar le tuiscint i gcaitheamh an scéil go raibh Nóra i ngrá le Tomás, ach má bhí féin, is amhlaidh a theastaigh uaithi seal a chaitheamh in éineacht le Donncha ar dtúis d’fhonn píosa spraoi a bheith aici.

D’fhág tuaiplis na litreacha, áfach nárbh fhada gur beireadh amuigh ar Nóra agus fágtar ina cadhain aonraic í i ndeireadh an scéil, gan ghrá, gan phósadh, gan Múrcha gan Mánas.

An té a thuigfeadh nach bhféadfadh críoch de shaghas ar bith eile teacht ar chás Nóra, déarfadh sé lena leithéid nach féidir é a bheith ‘ina ghruth is ina mheidhg’ ag duine.

Tuiseal tabharthach den bhfocal ‘meadhg’ is ea meidhg anso, ‘sé sin, an dríodar a bhíonn fágtha nuair a bhaintear an gruth as bainne. ‘Seard atá sa ghruth, an chuid ramhar den bhainne a mbaintear gaisneas as chun cáis a dhéanamh.

‘Ní féidir é a bheith ina ghruth is ina mheidhg agat’ – nach deas é?

An Fleiscín

Fág freagra ar 'Nach deas é? ‘Bhí sé ina ghruth is ina mheidhg aige’'

  • sean@hotmail.com

    Cé a thuigfeadh é sin inniu? Níl aon trácht ar ghruth ná meadhg inniu, nach bhfuil an bainne fein imithe as faisean mar dheoch ach amháin mar liathadh don tae nó don gcaifé.
    Agus cá bhfaighfeá bainne ceart seachas an eanglais a chuirtear ar fáil anois?
    Ciallaíonn ‘deoch’ buidéal coke, 7 up etc.
    Ní chiallaíonn ‘bia’ bia a thuilleadh fiú. Tá bia ‘bio’ ann a bhfuil scamhard éigin ann, deirtear linn, agus an truflais eile a itheann na hísle ‘ná cothódh luideog’!
    ‘cineál’ a thugann Tomás Ó Criomhthain ar bhia den sórt sin.
    ‘cineál’ a itheann ár bhformór mór inniu agus uisce siúicriúil a ólaimid (coke etc)