Droim láimhe tugtha ag an Taoiseach le geallúintí maidir leis an nGaeilge

I ndiaidh dó clár Gaeilge 2016 a sheoladh ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath, dhiúltaigh Enda Kenny aon gheallúint a thabhairt i dtaobh na dtrí mhóréileamh réamhthoghcháin atá déanta

TaoisOireach15-0185
An Taoiseach faoi agallamh tráthnóna ag Cormac Ó hEadhra don chlár ‘Cormac ag a Cúig’ ar RTÉ RnaG

Dhiúltaigh an Taoiseach Enda Kenny tráthnóna aon gheallúint a thabhairt i dtaobh na dtrí mhóréileamh réamhthoghcháin atá déanta ag Conradh na Gaeilge agus suas le seachtó eagraíocht Ghaeilge.

Cuireadh an Taoiseach faoi agallamh tráthnóna in óstán an Citywest don chlár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG, i ndiaidh dó seoladh a dhéanamh ar ‘An Teanga Bheo’, snáithe na Gaeilge de Chlár Comórtha Céad Bliain 1916.

Le linn an agallaimh, a bhí teoranta do chúrsaí Gaeilge ar iarratas ó lucht Oifig an Taoisigh, cuireadh trí cheist shonrach ar Enda Kenny faoi na móréilimh a rinne na heagraíochtaí ag tús na míosa seo.

Bhain na ceisteanna sin le héileamh na n-eagraíochtaí Gaeilge ar gheallúintí réamhthoghcháin maidir le ceapadh Aire Sinsearach Gaeltachta, bunú comhchoiste oireachtais seasta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, agus maoiniú breise a chur ar fáil d’Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge.

Níor thapaigh an Taoiseach an deis geallúint a thabhairt faoi aon cheann de na héilimh sin. Dúirt sé go raibh sé féin mar Thaoiseach báúil leis an teanga. Níor chuir sé as an áireamh é go mbeadh breis maoinithe ar fáil do ghnóthaí Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo, ach ní raibh sé, a dúirt sé, ag iarraidh dul sáite “i gcoimhlint na ngeallúintí”. Chaithfeadh fios a bheith aige ar dtús go mbeadh an maoiniú ann sula dtabharfadh sé geallúintí dá leithéid.

Tá tacaíocht tugtha cheana féin ag Fianna Fáil agus ag Sinn Féin d’éilimh réamthoghcháin na n-eagraíochtaí teanga.

Ba níos luaithe tráthnóna a sheol an Taoiseach ‘An Teanga Bheo’ ag Oireachtas na Gaeilge i mBaile Átha Cliath.

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Taoiseach go raibh “athbheochan na Gaeilge mar phríomhsprioc ag an nglúin ar ar tugadh An Ghlúin Réabhlóideach”.

“Bhí go leor de smaointeoireacht cheannairí 1916 bunaithe ar fhís d’Éirinn neamhspleách lena teanga labhartha agus scríofa féin, a bheadh mar bhunchloch dár gcultúr uathúil. Tugtar deis dúinn leis An Teanga Bheo machnamh a dhéanamh air sin agus ár dteanga náisiúnta a cheiliúradh agus a chur i láthair i gcomhthéacs an Chláir Chomórtha Céad Bliain mar chuid uathúil, bhríomhar agus luachmhar dár gcultúr agus dár bhféiniúlacht,” a dúirt an Taoiseach.

Ag labhairt dó i ndiaidh an Taoisigh, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Joe McHugh, gurb ionann An Teanga Bheo agus “an toradh ar chomhoibriú dlúth le raon páirtithe leasmhara, a d’oibrigh le chéile ag leibhéal pobail agus náisiúnta chun clár cuimsitheach Gaeilge a chur ar fáil a mhúsclóidh suim, rannpháirtíocht, díospóireacht, machnamh agus athshamhlú i measc an phobail i dtaca leis an Ghaeilge; mar a bhí sí, mar atá sí anois, agus mar a bheidh amach anseo”.

Tá an t-eolas go léir faoi An Teanga Bheo ar fáil ag www.ireland.ie.

Fág freagra ar 'Droim láimhe tugtha ag an Taoiseach le geallúintí maidir leis an nGaeilge'