A lán den Bhéarla atá ag imeacht ar na saolta seo, Béarla aduain, aisteach, liobarnach is ea é. Uime sin, a lán den Ghaeilge atá ag imeacht ar na saolta seo, Gaeilge aduain, aisteach, liobarnach is ea í, óir, an mhórchuid de Ghaeilge na linne seo, lomaistriúchán, nó aithris, ar Bhéarla a chodail amuigh is í í.
An ghlúin atá suas, is dall atá siad ar a bhinne a bhí an Ghaeilge fadó. Ba leor dóibh saothar Sheáin Uí Chuirrín, Déiseach, a léamh d’fhonn léargas a fháil ar a ghlaine a bhí an Ghaeilge anallód. Fear ba ea Seán Ó Cuirrín a d’fhéach chuige go raibh ceol i ngach focal a chuir sé ar phár. Níor dhóigh leat, agus an t-aistriúchán suaithinseach a rinne sé ar Rip Van Winkle á léamh agat, fágaim, nach ag éisteacht le cantain na n-éanán a bheifeá. Solaoid agus eiseamláir ar an rud is dea-Ghaeilge ann is ea é, gan ghó. Monuar, is mór idir Gaeilge na huaire úd agus Gaeilge na freacnairce.
Focal a mbíonn an-mhí-úsáid á baint as i láthair na huaire is ea an focal ‘le’. Níl aon dealramh le ‘daoine le Gaeilge’, le ‘fear le folt rua’, ná le ‘an scannán leis an arracht gránna’. An té a deir ar an gcuma sin iad, is é ‘with’ an Bhéarla a bhíonn sé a aistriú. Cén fáth nach ndéarfadh sé ‘daoine a bhfuil Gaeilge acu’, ‘an fear rua / an fear a bhfuil folt rua air’ agus ‘an scannán a bhfuil an t-arracht gránna ann’?
Níl aon amhras ná gur dream an-chumasach an dream atá suas arae is féidir leo gach saghas rudaí ‘a chumhdach’. Bíonn saoirí máithreachais á gcumhdach acu, bíonn cluichí caide agus iomána á gcumhdach acu, agus, go fiú na cúrsaí léinn, bíonn siad sin á gcumhdach acu, leis. Cad leis a mbíonn siad á gcumhdach acu, ámh? Brat de chineál éigin? Blúire páipéir?
Ní hannamh a scríobhtar ‘Minister hosts a meeting’, ‘President chairs a conference’, ‘the government welcomes the agreement’, etc., ar na saolta deireanacha. Lucht nuachtáin is mó a bhíonn ag scríobh na dteideal doiléir sin. Siúd is gur Béarla tútach, ciotrúnta gurb ea ‘hosts’, ‘chairs’ agus ‘welcomes’ ós ní hé nach bhfuil puinn gnáthaíochta ag baint leis an scéal, is beag duine a gheobhadh locht ar na teidil úd, mar sin féin. Is cinnte, áfach, gurbh aisteach le go leor ‘óstálann an tAire cruinniú’, ‘déanann an mheitheal cathaoirleacht ar chomhdháil’ agus ‘fáiltíonn an rialtas roimh an gcomhaontú’. Is minic agus is an-mhinic Gaeilge lagspreosach den chineál sin á scríobh ag daoine, faraor. Nárbh fhurasta ‘rachaidh an tAire i gceannas ar chruinniú ar …’, ‘déanfaidh an tUachtarán cathaoirleacht ar chomhdháil ar …’ agus ‘is díol sásaimh don rialtas / is geal leis an rialtas gur thángthas ar chomhaontú ar …’ a scríobh?
Siod é a scríobh Seán Mac Maoláin, in Lorg an Bhéarla, i dtaobh mhí-úsáid sin aimsirí na mbriathra Gaeilge:
‘I mórán de Ghaeilge scríofa na linne seo, úsáidtear cuid d’aimsirí na mbriathra i ndóigheanna is gaolmhaire go mór do ghnás an Bhéarla ná do ghnás na Gaeilge.’
Bíonn lucht caide agus iomána ag moladh an imreora sin a bhí ‘mar laoch na himeartha’. Cad ina thaobh nach ndeir siad ‘ba é laoch na himeartha é’?
An té a bhfuil spéis aige san aistriúchán, gheobhadh a bheith go léifeadh sé, agus na haistriúcháin aige á léamh, ‘soláthraíonn an Rialachán seo an bunús don Ghníomh sin’ i gcáipéis reachtach éigin. Is gan dua a scríobhfaí ‘tá an Rialachán seo ina bhunús leis an nGníomh sin / Is é an Rialachán seo is bunús leis an nGníomh sin’. Ní hansa!
Drong éigin a mbeidh cruinniú á thionól acu go luath amach anseo, is é is dóichí go mbeidh siad ‘ag tógáil ar an méid a pléadh i gcaitheamh an chruinnithe an tseachtain seo caite’. Lomaistriúchán ar ‘building on’ atá in ‘ag tógáil ar’, ar ndóigh. Níor dheacair ‘an méid a pléadh i gcaitheamh an chruinnithe an tseachtain seo caite, sin é is bunús lena bpléifear le linn an chruinnithe inniu’, nó rud éigin dá shórt, a scríobh.
Más fíor d’údair na linne seo, is féidir ‘todhchaí a thógáil’. Nach deise go mór fada ‘amach anseo’, ‘feasta’, ‘an t-am atá le teacht’ agus ‘na laethanta (atá) amach romhainn’ ná an focal gránna sin ‘todhchaí’?
Nuair is leithscéal is mian le duine a ghabháil, is áirithe gur ‘tá brón orm’ a déarfaidh sé leis an diúlach bocht a ndearna sé feall air. Tuilleadh bróin a bheidh ar an diúlach bocht úd ar é an bhrille bhreaille sin a chloisteáil.
Agus más buíochas seachas leithscéal atá faoi a ghabháil, ní móide gur ‘go ndéana a mhaith duit’ an freagra a thabharfar air ach ‘tá fáilte romhat’, ‘ná habair é’ nó neachtar acu ‘fadhb ar bith’.
Caithfidh sinn ‘peitreal’ a scríobh seachas ‘artola’, ‘beár’ a scríobh seachas ‘deochlann’, ‘béar’ a scríobh seachas ‘mathúin’, ‘héileacaptar’ a scríobh seachas ‘ingearán’, ‘dabht’ a scríobh seachas ‘amhras’, ‘músaem’ a scríobh seachas ‘iarsmalann’, ‘plean’ a scríobh seachas ‘gúm’, ‘polasaí’ a scríobh seachas ‘beartas’ nó ‘dúnghaois’, ‘doiciméad’ a scríobh seachas ‘cáipéis’, ‘tornapa’ a scríobh seachas ‘meacan ráibe’, ‘cairéad’ a scríobh seachas ‘meacan dearg’, etc. Is saoth liom na focail ghránna sin go léir a bheith sna foclóirí.
Tá daoine eile ann agus is ‘tagann sé as Baile Átha Cliath’ a deir siad i leaba ‘is as Baile Cliath dó’. An ea go bhfuil col acu leis an gcopail?
Tá agus daoine eile fós ann a deir ‘labhraíonn sé Gaeilge’ in áit ‘tá Gaeilge aige’.
In Éirinn na linne seo, ‘cuireann an tseirbhís cúnamh ar fáil’ i ndiaidh gur rud neamhbheo gurb ea seirbhís nach bhfuil in ann, dá fheabhas í, gníomhartha a dhéanamh.
Bíonn aibhneacha ag rith, bíonn beartais ag soláthar eolais, bíonn tíortha ag teacht i gceann a chéile. Ní fada uainn an lá a mbeidh an Mhuir Mheann, an tAigéan Atlantach, an Mhuir Rua agus an Níl ag dul i gceannas ar chruinniú i dteannta an Aigéin Chiúin. Agus bí cinnte de gur ‘óstálann an Mhuir Mheann, an tAigéan Atlantach, an Mhuir Rua agus an Níl cruinniú i dteannta an Aigéin Chiúin’ a bheidh i dteideal an ailt ar an gcruinniú úd.
Baintear feidhm as an mbreischéim ar bhealach fíoraisteach go deo ar na saolta seo, leis. In áit ‘daoine aosta’ a scríobh, scríobhtar ‘daoine níos sine’. Lomaistriúchán ar an áiféis úd, .i. ‘older people’, atá in ‘daoine níos sine’, gan amhras. Is cuimhin liom ‘na conarthaí níos sine’ a léamh i gcáipéis reachtach uair nuair is ‘na seanchonarthaí’ ba cheart a bheith ann. Uair eile is ‘an Eoraip níos leithne’ a léigh mé i gcáipéis dlí éigin. ‘An Eoraip mar a ritheann’ nó ‘an Eoraip trí chéile’ a bhí i gceist ag an duine a scríobh an t-uafás sin, .i. ‘wider Europe’. Cén fáth nach scríobhfadh sé ‘the whole of Europe’ nó ‘Europe in its entirety’? Agus más ‘wider public’ atá sa leagan Béarla, bí deimhin de gur ‘an pobal níos leithne’ a bheidh sa leagan Gaeilge seachas ‘an gnáthphobal / an pobal i gcoitinne’.
D’eile, is mór idir Gaeilge na haimsire anallód agus Gaeilge na freacnairce. An méid a scríobh an tríú Seán, eadhon Seán Ó Ruadháin, fadó, is fiú é a léamh agus é a léamh in athuair. Ag seo na briathra sin an Ruadhánaigh:
‘Tá an dara glún ag fás suas anois agus gan a fhios acu go bhfuil na leaganacha seo lochtach. ‘Cneasú tar goimh’ é ar cheart a lansáil agus an mháthair ghoir a scaoileadh chun bealaigh chomh luath géar in Éirinn agus is féidir é.’
Den chríonnacht comhairle Sheáin Uí Ruadháin a ghlacadh.
Fág freagra ar 'Níl aon dealramh le ‘daoine le Gaeilge’ – teanga aisteach liobarnach na linne seo'