Thart ar mhí ó shin, bhí an chuma ar chúrsaí go raibh na hÚcránaigh i bhfad ní ba shásta leis an dul chun cinn a bhí á dhéanamh acu sa chogadh, go háirithe ar an líne choimhlinte, ná mar a bhí siad ag tús na bliana.
Le linn na bliana, d’éirigh leo feachtas a sheoladh ar na línte soláthair sna críocha gafa rud a chuir isteach go mór ar chumas na Rúiseach ionsaithe éifeachtacha a dhéanamh ar an scála céanna agus a bhí siad in ann a dhéanamh anuraidh.
D’éirigh leo stop a chuir leis an bpionsúrghluaiseacht aduaidh a bhí ar bun ag na Rúisigh chun na cathracha daingin deireanacha sa Donbas a thimpeallú, tar éis dóibh iad a bhrú ar ais chuig an líne choimhlinte a bhí ann anuraidh. Anuas air seo, d’éirigh leo moill a chur ar an gcuid sin den phionsúrghluaiseacht ón deisceart.
Ag an am céanna bhí an-tionchar ag a bhfeachtas ar na scaglanna ola sa Rúis agus bhí ar na Rúisigh srianta a chuir i bhfeidhm ar sholáthairtí ola i roinnt ceantar, bhí orthu ciondáil a dhéanamh ar pheitreal agus go háirithe ar díosal i gceantair eile agus chuir siad cosc ar easpórtáil earraí díosail chomh maith.
Gan amhras, ní raibh na hÚcránaigh ag tnúth le teacht an gheimhridh toisc go raibh a fhios acu nach mbeadh fáil acu ar idircheapóirí chun diúracáin bhalaistíochta a scriosadh mar gheall ar an gcogadh sa Mheánoirthear, ach bhí siad ar tí réiteach in aghaidh na scaird-drón nuafhorbartha Rúiseacha a chur i bhfeidhm.
Ach thart ar choicís ó shin, rinne na Meiriceánaigh roinnt cinntí a léirigh cé chomh leochaileach agus atá na hÚcránaigh. Ar dtús d’fhogair an tUachtarán Trump go riabh siad chun díosail a cheannach ón Rúis chun faoiseamh a thabhairt do thomhaltóirí Meiriceánacha, dár leis, roimh na toghcháin lár téarma.
Ní raibh agus ní bheidh mórán tionchair ag an gcinneadh ar phraghas díosail, ach bá bhua suntasacha é do na Rúisigh toisc gur féidir leo a rá, fiú is féidir leis na Meiriceánaigh a rá chomh maith, gurb ionann ionsaithe ar scaglanna ola agus ionsaithe ar sholáthair ola do mhuintir Mheiriceá.
Níos measa fós do na hÚcránaigh, léirigh sé go raibh na Meiriceánaigh sásta margaí eacnamaíochta a dhéanamh leis na Rúisigh, rud a dheimhnigh urlabhraí Rúiseach cúpla lá ina dhiaidh sin, nuair a d’fhógair sé ag comhdháil eacnamaíochta go raibh roinnt margaí gnó faoi chaibidil ag an dá thaobh.
Cúpla lá ina dhiaidh sin, d’fhógair an tUachtarán díolúine ó smachtbhannaí d’earraí Rúiseacha díreach tar éis dó an t-acht chun smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar roinnt tíortha, an Rúis san áireamh, a shíniú.
Mar gheall ar an gcinneadh díosal a iompórtáil ón Rúis, bhí leithscéil poiblí aige chun brú breise a chur ar na hÚcránaigh gan scaglanna Rúiseacha a ionsaí, agus ní raibh drogall ar bith aige an beart a dhéanamh de réir a bhriathair.
Níos mó ná seachtain ó shin, den chéad uair sa chogadh, ní bhfuair na hÚcránaigh foláireamh ó na Meiriceánaigh, go raibh na Rúisigh tar éis diúracáin bhalaistíochta a sheoladh agus mar gheall air seo ní raibh an deis ag muintir chathair Chív, go háirithe, dul chuig na foscadáin bhuamála.
Go gairid ina dhiaidh sin, thug siad faoi deara nach raibh na dróin a d’fhorbair siad chun dul i ngleic scaird-dróin na Rúise ag feidhmiú i gceart, toisc nach raibh siad in ann ceangal a dhéanamh le córas satailíte Starlink/StarShield.
Thapaigh na Rúisigh an deis chun ceann de na hionsaithe diúracán balaistíochta agus drón is mó a sheoladh ar na hÚcránaigh, ionsaithe nach raibh aon chosaint acusan ina gcoinne.
Toisc gur tharla na trí ghníomh díreach i ndiaidh a chéile: easpa foláirimh ar ionsaithe, theip ar chóras satailíte Starlink/StarShield agus ionsaithe na Rúisigh, is féidir talamh slán a dhéanamh de gur chuir na Meiriceánaigh na Rúisigh ar an eolas faoina gcinntí. Tá eagla ar na hÚcránaigh go raibh comhoibriú idir na Meiriceánaigh agus na Rúisigh agus toisc gur tharla sé uair amháin, go bhféadfadh sé tarlú arís.
Idir an dá linn, tá an córas foláirimh idir na Meiriceánaigh agus na hÚcránaigh ag feidhmiú arís agus de réir dealraimh tá córas satailíte Starlink/StarShield ag feidhmiú le cúpla lá anois ach cé go bhfuil na hÚcránaigh tar éis ionsaithe a dhéanamh ar mhonarchana a dhéanann néamhtheachtaithe don earnáil ola ní dhearna siad aon ionsaí ar scaglann Rúiseach ó tháinig an córas foláirimh ar ais.
Dúirt an tUachtarán Zelenskyy go mbeadh sé thar a bheith deacair ar na hÚcránaigh teacht slán ón gcogadh dá ndéanfadh na Meiriceánaigh na cinntí, gan foláireamh a thabhairt ar ionsaithe diúracán balaistíochta agus gan rochtain a bheith acu ar Starlink/StarShield, arís.
Is deacair argóint a dhéanamh ina choinne sin agus na dúshláin go léir atá roimh na hÚcránaigh go háirithe sa chogadh ón aer.
Fág freagra ar 'An dúshlán is déanaí ag an Úcráin – an comhoibriú idir na Meiriceánaigh agus na Rúisigh'