Cá mhéad crann a leagadh chun an cheist fhánach sin ar AI a fhreagairt?

Agus na mílte ionad sonraí nua á dtógáil ar fud na cruinne, tá sé in am againn machnamh a dhéanamh ar an dochar a dhéanann ár n-andúil san intleacht shaorga don timpeallacht agus do chúrsaí aeráide, a deir ár gcolúnaí

Cá mhéad crann a leagadh chun an cheist fhánach sin ar AI a fhreagairt?

Tá sé ina chíréib san Fhionlainn ó leag Google 250,000 crann sa tír sin go mídhleathach.

Leagadh na crainn sin le cúpla mí anuas d’fhonn ionad sonraí nua a thógáil gar do bhaile Muhos in iarthuaisceart na tíre, ach d’ordaigh na húdaráis do Google stop a chur leis na hoibreacha nuair a fuarthas amach nach raibh na cáipéisí cuí maidir le tionchar na n-oibreacha ar an timpeallacht curtha ar fáil ag an gcomhlacht.

Measann an eagraíocht cosanta dhúlra Fhionlannach SLL gur leag Google 150,000 crann breise ag suíomh eile gar do bhaile Otanmäki i lár na tíre. Tá stop curtha leis an tógáil ansin agus i Muhos go fóilleach.

Thug Google a leithscéal faoin dífhoraoisiú mídhleathach sin an tseachtain seo caite, ach dúirt an comhlacht ‘gur ghníomhaigh siad de réir na tuisceana is fearr ar an reachtaíocht a bhí againn ag an am’.

Níl i scéal Muhos agus Otanmäki ach dhá chás. An mhí seo caite, fógraíodh go bhfuil infheistíocht ar fiú 13 míle milliún euro á déanamh ag Google san Fhionlainn chun ionaid sonraí nua a thógáil sa tír sin.

Bíonn spéis ar leith ag na comhlachtaí teicneolaíochta san Fhionlainn toisc go bhfuil neart spáis inti do thograí móra dá leithéid, agus aeráid fhuar atá feiliúnach d’ionaid sonraí lena chois.

Teastaíonn ó phríomhaire na tíre, Petteri Orpo an cineál sin infheistíochta a mhealladh go mór, ach tá pobal na tíre ag cur ina choinne agus a síniú curtha ag ar a laghad 100,000 duine le hachainí ar an rialtas súil níos géire a choinneáil ar scéal na n-ionad sonraí.

San iomlán, tá 145 ionad sonraí nua beartaithe san Fhionlainn faoi láthair.

Fuacht na Fionlainne, a fhágann nach mbíonn costas ollmhór ag baint le fuarú na n-ionad sonraí, a fhágann go bhfuil an tír sin agus tíortha eile sa réigiún Artach tarraingteach do na mhórchomhlachtaí teicneolaíochta.

Ach ar an taobh eile den domhan, sa Bhrasaíl, tá an t-uachtarán nuathofa, Luiz Inácio da Silva (Lula) ag iarraidh na comhlachtaí teicneolaíochta a mhealladh le haibhléis atá measartha saor toisc gur le cumhacht uisce a ghintear í den chuid is mó.

Tá infreastruchtúr leictreachais na Brasaíle lochtach go leor, áfach agus theastódh olltograí hidreachumhachta nua chun leictreachas a sholáthar do lear mór ionad sonraí nua, rud a d’fhágfadh go mbáfaí gleannta, foraoiseacha agus gach seans bailte d’fhonn taiscumair uisce a chruthú. Gan dabht, i dtír the thrópaiceach, theastódh níos mó leictreachais chun ionad sonraí a choinneáil fuar.

Idir cháin agus fostaíocht, tá airgead mór le saothrú ar ionaid sonraí. Tá tábhacht straitéiseach nach beag ag baint leo lena chois, agus gan dabht níl an Fhionlainn agus an Bhrasaíl leo féin agus iad ar a míle dícheall na comhlachtaí móra teicneolaíochta a mhealladh.

In Éirinn féin, tá 89 ionad sonraí ag feidhmiú faoi láthair (ar imeall chathair Átha Cliath den chuid is mó) agus tá 40 ceann breise beartaithe. Meastar go n-úsáideann na hionaid sin an tríú cuid de sholáthar leictreachais na tíre faoi láthair agus cuireann siad brú ollmhór ar an soláthar uisce lena chois.

An chéad uair eile agus ceist fhánach éigin á cur againn ar an intleacht shaorga, b’fhéidir gurbh fhiú dúinn na ceisteanna seo a chur orainn féin: cá mhéad crann a leagadh chun an cheist sin a fhreagairt? Cá mhéad baile bundúchasacha a cuireadh faoi uisce? Cé hiad na himpleachtaí eile atá ag ár spleáchas ar an intleacht shaorga ar an timpeallacht agus ar chúrsaí aeráide?

Fág freagra ar 'Cá mhéad crann a leagadh chun an cheist fhánach sin ar AI a fhreagairt?'