Cúpla seachtain ghearr ó shin ní raibh an dara rogha agam ach na cúigí ar fad a cháineadh de bharr a gcuid lag-iarrachtaí nuair a chaill chuile fhoireann acu a gcuid cluichí ag tús chomórtas URC na bliana seo. Tús nach raibh súil leis agus tús nach raibh uainn, mar a dúirt mé ag an am!
Bhuel caithfidh mé ardmholadh a thabhairt dóibh anois de bharr an tús spleodrach dearfach a chuir siad ar fad leis an dara comórtas eile a bhfuil siad páirteach iontu, Corn na gCuradh agus i gcás na nUltach, Corn an Dúshláin. Roimh thús an dá chomórtas Eorpacha an deireadh seachtaine seo caite, bhí amhras ann maidir le cumas na gConnachtach mórchlub Saracens a chur ó dhoras, in ainneoin buntáiste an bhaile a bheith acu féin.
Thug siad freagra láidir orainn ar fad a bhí san amhras agus sheas siad an fód i gcoinne foireann a bhí lán le himreoirí idirnáisiúnta agus cúpla Leon freisin. Beidh áit go deo i stair an chúige agus an Bhóthair Bhig ag an toradh 45-36 glórmhar sin agus tuige nach mbeadh?
Rinne na cúigí eile thar barr freisin. Sin tús a bhí uainn ach ceann nach raibh mórán súil leis do na comórtais Eorpacha.
Ní bheidh an chéad bhabhta eile de na comórtais sin á n-imirt go dtí mí na Nollag, idir an dá linn imreofar trí bhabhta den URC agus trí chluiche idirnáisiúnta.
I gcás an URC tá deis anocht ag Cúige Connacht a ndara bua sa gcomórtas seo a chlárú agus iad i Staid Dexcom i gcoinne Zebre, foireann atá fós ar thóir a gcéad bhua in aon chomórtas an séasúr seo. Is fiú a lua gur i gcoinne foireann Iodálach eile, Benetton, a d’aimsigh Cúige Chonnacht a gcéad bhua an séasúr seo. Is deacair tada eile seachas bua le pointe bónais a thuar d’fhoireann an bhaile, fiú agus Lancaster ag tabhairt scíthe do chúpla imreoir chéad rogha.
Cuirfidh Cúige Uladh tús amárach le camchuairt dhá chluiche ar an Afraic Theas agus iad ar thóir a gcéad bhua san URC. Faraor, ní fheicim mórán seans go dtiocfaidh aon athrú air sin agus iad i gcoinne na Bulls, foireann atá sa tríú háit ar an tábla agus gan ach cluiche amháin caillte acu sa gcomórtas go dtí seo. Lá crua i Pretoria roimh fhoireann Bhéal Feirste.
Seans gur i gcluiche an lae amárach idir curaidh reatha an URC, Cúige Laighean agus an tsean-namhaid Cúige Mumhan a bheas an tsuim is mó ag lucht leanúna rugbaí an deireadh seachtaine seo. Scarann áit amháin agus pointe amháin na foirne seo ar an tábla, Cúige Mumhan in uachtar. Cuimhnigh gur thug Mumhain greadadh do Laighin sa gcluiche seo anuraidh, ach le buntáiste an bhaile agus leis an doimhneacht painéil atá ag Cúige Laighean is deacair a thuar go mbeidh bua ag na cuairteoirí. Ní hin le rá nach mbeidh an choimhlint iomaíoch agus fisiciúil mar a bhíonn i gcónaí idir an dá fhoireann seo. Is fiú breathnú ar an gceann seo.
Fág freagra ar 'An ghaoth i seolta na nÉireannach agus Cúige Mumhan ag déanamh ar an Aviva'