Literati leamha Londan i ‘Youth’, ach joie de vivre in ‘Aperitíf’ TG4

Titeann ‘Youth’ idir dhá stól ach tá clár nua cleamhnais TG4 bríomhar, éadrom, lán gliondair

Literati leamha Londan i ‘Youth’, ach joie de vivre in ‘Aperitíf’ TG4

Seachtain eile agus sprioclá eile. Beidh orm ábhar maith a aimsiú don Eagarthóir nó beidh drochspionn air i ndiaidh gur chaill Utd sa Spáinn. An clár sin ar S4C faoin údar iomráiteach? Spéisiúil ach trom. An clár sin ar BBC Alba faoin cheoltóir chlúiteach. Spéisiúil ach trom fosta.

Rud inteacht eile leis an chian a thógáil de? Sraith nua ag Sharon Horgan, Youth (HBO Max); Horgan mar Alex, gníomhaí liteartha a bhfuil cónaí uirthi i Londain. Dhéanfaidh sin cúis bhreá. Is duine óg é an tEagarthóir agus tá leabhar scríofa aige féin. Foirfe!

Bean 50 bliain d’aois atá ann mar Alex, carachtar Horgan, agus í colscartha. Tá sí ag obair i measc literati Londan ach is beag sásamh a bhaineann sí as an tsaol seo. Tá na scríbhneoirí cantalach agus ní hé seo rogha Alex. Bhí siopa leabhar aici ach thit an tóin as an ghnó sin agus b’éigean di obair úr a lorg. Tá sracadh inti, mar sin, bean nach bhfuil le cloí agus tá sin le moladh.

Faraor, searbh go maith atá Alex, míshásta go minic, an saol mór gránna ina héadan, dar léi féin.

Tá fear uaithi ach ní thig léi fear maith a fháil; tá aithne aici ar fhear amháin ar cara leapa é ach ní thugann sé tacaíocht ar bith di taobh amuigh den tseomra leapa.

Tá a hiarchéile fir le bean nua, agus bean níos óige, anois agus tá a mac, Ruari (sic) ar an ollscoil agus is beag grá a thugann sé dá mháthair. Bhuail muid le tuismitheoirí Alex sa chéad chlár fosta; seandaoine aisteacha saoithiúla. Cliché eile ar bharr na gclichéanna eile go dtí seo.

Mar bharr ar an donas, tá an carachtar Alex searbh, thar a bheith searbh, chomh searbh le Fear Buí as Port an Dúnáin. Tugann nótaí an chláir le fios gur ‘comedy drama’ atá in Youth ach garbh gáirsiúil atá an greann agus mórán línte loma fite fuaite fríd an rud ar fad.

‘I can’t face a new dick,’ a scríobhann Alex i dteachtaireacht téacs agus í ag dul amach le fear, thar a bheith sean, agus ní bhacfaidh mé leis an iarraidh a dhéanann an fear céanna uirthi ar ball.

Sin sampla beag amháin den chaint agus eachtraí ach chuala muid agus chonaic muid a leithéidí go mion minic roimhe seo in SATC le Carrie, Sam et al nó in Insecure le Issae Rae agus a cairde nó in Entourage le Vinc agus E nó in Ballers. Leagan lite de Sam a thabharfá ar Alex agus a cuid eachtraí ach carachtar í nach bhfuil chomh greannmhar grámhar le Sam. Thabharfá ‘gurn’

ar Alex i mBéarla Bhéal Feirste agus ní fada go n-éiríonn a cuideachta tuirsiúil. Titeann an clár idir dhá stól: níl an greann láidir go leor le go mbainfeadh sé gáire asat agus is doiligh ‘dráma’ a thabhairt ar an tsaol a chaitheann sí. Bean fhásta í, post maith aici, deiseanna taistil ach difear dá laghad ní dhéanann sin

  1. Níl sí sásta agus níl sí le sásamh.

Tuigeann muid uilig faoin am seo go dtig leis an tsaol a bheith cadránta ach an bhfuil pléisiúr ar bith le fáil as a bheith ag plé le húdair, as a bheith ag taisteal go féilte liteartha? Sa chás nach bhfuil, an féidir níos mó grinn a bhaint as éirí in airde na n-údar agus a gcuid egónna, à la Call My Agent. Ní hea?

Gach seans go bhfuil mise ar an taobh chontráilte ar fad den inscnedheighilt don chlár seo ach ní shílim go bhfuil sé chomh snasta le SATC nó chomh cliste le Entourage, abair.

Ní bheadh lá deifre orm pionta a ól le Alex ach ba bhreá liom Aperitíf (TG4) a ólnle Mairéad Ní Chuaig agus Cúán de Búrca, beirt a chuireann an tsraith cleamhnais seo i láthair.

Is iad atá líofa lonrach agus iad ag ceistiú na ndaoine óga ar an chlár faoi cheist íogair an chroí.

Cur chuige simplí atá ann, tábla i mbialann agus triúr ag iarraidh coinne; tig duine chugat don réamhchúrsa; an dara duine don phríomhchúrsa agus an tríú duine don mhilseog. Daoine óga ag caint le chéile, ag cur aithne ar a chéile, seal faiteach, seal gealgháireach.

Ag deireadh an dinnéara atá rogha thar a bheith crua le déanamh agus aon duine amháin a phiocadh mar choinne.

Arú, l’amour nó briseadh croí?

Níl cur i gcéill ar bith ag baint le Aperitíf ar chor ar bith. Ní bheidh tú pioc níos cliste ina dhiaidh ná ní bhfaighidh tú léargas ar bith ar pholaitíocht na linne.

Ach tá sé ionraic mar chlár; bríomhar, éadrom, lán gliondair. Tá joie de vivre anseo atá tógálach. (Dá mbeinn le gearán beag bídeach amháin a dhéanamh, ba bhreá liom fáil amach cad é a ordaíonn an slua suirí. Tá cuma ar dóigh ar an bhia.)

Cuireann Ní Chuaig agus de Búrca ceist ar a gcuid aíonna an raibh ‘splanc’ sna coinní ar bhuail siad leo; tá splanc sna láithreoirí gan amhras agus pléisiúr atá ann a bheith ina gcuideachta.

Joie de vivre! Sin an rud atá ar iarraidh in Youth! Joie de vivre!

Fág freagra ar 'Literati leamha Londan i ‘Youth’, ach joie de vivre in ‘Aperitíf’ TG4'