Iarracht chiotach an rialtais an uile dhuine a choinneáil leo

Ba léir gur iarracht sa Bhuiséad an uile dhuine a choinneáil sásta ba chuma faoi na mórfhadhbanna

Iarracht chiotach an rialtais an uile dhuine a choinneáil leo

Cuireadh i leith an rialtais tar éis an bhuiséid an tseachtain seo go raibh siad ar nós cuma liom ina gcuid polasaithe eacnamaíocha agus go háirithe a gcuid caiteachais.

Cé go raibh sprioc leagtha amach ag an rialtas don chaiteachas ina ráiteas samhraidh, thapaigh siad an deis nuair a foilsíodh na figiúirí cánach is déanaí a gcuid caiteachais a ardú go dtí os cionn €8 mbilliún. Dar leis an gComhairle um Chomhairle Fhioscach tá an rialtas ag tabhairt droim láimhe le polasaithe críonna agus ag cur an gheilleagair i mbaol leis an méid a d’fhógair siad Dé Máirt. Ar ndóigh, mar is eol dúinn le fada, ní gá don rialtas cloí le comhairle na Comhairle Fioscaí. Go deimhin, is mó cleachtadh atá againn iad a bheith ag déanamh neamhairde den chomhairle úd ná a mhalairt.

Más cóir géilleadh don rialtas, tá buiséad cóir curtha i láthair a dhéanfaidh leas don dream is mó sa phobal a bhfuil gá acu leis. Tá €10 curtha leis an bpinsean agus íocaíochtaí eile leasa shóisialaigh. Tá na dleachtanna breosla le fanacht ag an ráta íseal go dtí deireadh an earraigh. Bainfear cáin charbóin den ola tís. Tá ardú le cur ar an íosráta náisiúnta pá. Cuirfear leis an gcreidmheas cánach agus má shaothraíonn tú os cionn €44,000 beidh tú slán anois ón ráta is airde cánach go dtí go dtéann do thuarastal os cionn €46,500. Má tá tú i mbun tí tábhairne i gceantar tuaithe beidh faoiseamh ar fáil duit. Beidh cúpla euro breise ar an liúntas breosla. Ná déanadh muid dearmad ar an gcuntas nua casta coigiltis a bhfuil an Tánaiste ag caint faoi le míosa. D’fhéadfaí a bheith anseo go maidin ag áireamh na nithe a fógraíodh.

An rud is mó atá le tabhairt faoi deara ag lucht tráchtaireachta na heacnamaíochta agus na polaitíochta ná gur léir gur iarracht atá anseo ag an rialtas an uile dhuine a choinneáil leo ach go gciallaíonn sin nach dtugtar aghaidh go díreach ar fhadhbanna móra na tíre. Tá 11,000 teach sóisialta le tógáil as seo go ceann bliana nuair atá a cheithre oiread sin tithe ag teastáil le cuid den bhearna sa margadh tithíochta a líonadh. Fógraíodh go mbeadh €1.2 billiún ar fáil le tús a chur le cainteanna pá sa tseirbhís phoiblí an tseachtain chéanna gur chuir múinteoirí tús le hobair de réir rialach. Go deimhin, dúirt Ard-Rúnaí Chumann Múinteoirí Éireann John Boyle ar Raidió na Gaeltachta a luaithe agus a fógraíodh an t-allúntas oideachais nach bhfaca sé aon bhunús réitigh ann don chlamhsán atá acu.

Tuigeann muid ar fad ar suim linn an teanga an scanradh a chuir allúntas na Gaeilge agus na Gaeltachta ar dhuine.

Iarracht chiotach an uile dhuine a choinneáil leo agus gan aghaidh tugtha ar aon cheann de na mórfhadhbanna atá ag an tír. Déanfaidh sé geimhreadh fada nuair a chuirtear san áireamh nár deineadh ach laghdú €48.50 ar mhíle lítear ola tís agus nár tugadh aon díolúine fuinnimh do theaghlaigh, go háirithe iad siúd atá i bhfiacha.

Tuairiscíodh go minic le roinnt seachtainí go raibh teannas idir airí rialtais agus cainteanna cantalacha go maith ar siúl leis an mbuiséad seo a aontú.

Tá roinnt urlabhraithe ón bhfreasúra agus ó na cúlbhinsí ag cur meon na déine i leith an Aire Caiteachais Phoiblí Jack Chambers ach nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil caiteachas os cionn €8 mbilliún fógartha, caithfear a admháil gur amhlaidh a deineadh an iomarca píosaí beaga den chreach lena roinnt agus nach bhfuil aon duine sásta dá réir. An troid na mba maol nó teannas dáiríre a bhí idir na hAirí agus an bhfeicfidh muid idir seo agus deireadh na bliana go bhfuil an caidreamh eatarthu gonta go buan?

Fág freagra ar 'Iarracht chiotach an rialtais an uile dhuine a choinneáil leo'