Ní hé Eamonn Fitzmaurice an chéad cheangal caide idir Gaillimh agus Ciarraí

Tá ceangail eile idir Gaillimh agus an Ríocht ach turas fada a thabhairt i stair pheile na gcontaetha céanna

Ní hé Eamonn Fitzmaurice an chéad cheangal caide idir Gaillimh agus Ciarraí

Thar a bheith sásta atá chuile dhuine i mo chontae dúchais ar labhair mé leo ó tháinig sé chun solais i lár na seachtaine go bhfuil Eamonn Fitzmaurice ceaptha mar bhainisteoir ar pheileadóirí na Gaillimhe go ceann trí bliana.

Ba léir ón am ar fhógair Pádraic Joyce go raibh sé ag éirí as an gcúram sin gur bheag de lucht leanta na peile ansiúd a chreid go mba taobh istigh de theorainneacha a chontae a bhí a chomharba le fáil.

Is beag aird a tugadh ar na scéalta go bhféadfadh Jim Gavin ná James Horan a bheith sa gcomhaireamh, go háirithe fear Mhaigh Eo. Tá dóthain nimhe sa gcailís mar atá gan a bheith á líonadh go barr.

Ní hé Mac Muiris ar ndóigh an chéad Chiarraíoch sa bpost. Ceapadh Tomás Ó Flatharta i bhfómhar na bliana 2010. Faraor dósan, corrach go maith a bhí cúrsaí peile i nGaillimh tráth an ama sin.

Ba é Peter Ford a tháinig i gcomharbacht ar John O’Mahony. Faoina stiúir bhuaigh Gaillimh craobh an chúige faoi dhó (2005 agus 2006) mar a rinne an té a tháinig ina dhiaidh, Liam Sammon (2008). Fós, níor mhair a gceannas ach trí bliana eatarthu. Séasúr amháin a chaith Joe Kernan i mbun na Gaillimhe – a chnaipe déanta nuair a chinn air a fhoireann an t-ardú céime as Roinn 2 na Sraithe a bhaint amach agus, mar bharr ar an donas, nuair a bhuaigh Sligeach agus Loch Garman orthu sa gCraobh.

Don Fhlathartach a tugadh an stiúir ansin. An dá mhí dhéag féin níor tugadh dósan agus ní mise amháin a mheasann go mba dhona a caitheadh leis nuair a dhiúltaigh Bord Peile na Gaillimhe bliain eile a chur lena théarma i Lúnasa 2011.

Is fíor nár éirigh le foirne an Fhlathartaigh an t-ardú céime a bhaint amach sa tSraith agus gur bhuaigh Maigh Eo agus contae na Mí orthu sa gCraobh, ach agus sin tarlaithe, dúirt captaen na foirne Finian Hanly gur ghlac na himreoirí féin freagracht as a dteip agus gurbh amhlaidh a d’fhág díbirt Thomáis cúrsa ní ba mheasa ná a bhí. Dhearbhaigh Hanly nach raibh aon aighneas idir na himreoirí agus an bainisteoir agus thagair don dochar a bhí déanta ag a bheith ag ceapadh bainisteoirí agus á ndíbirt chomh minic agus a bhí.

Ba ar luas scamaill agus é á shéideadh trasna na spéire lá gaoithe a bhí ceapachán agus ruaigeadh na mbainisteoirí in aimsir Thomáis. Ag súil le grian atá siad siúd a cheap Éamonn.

Tomás Ó Flatharta. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Cinnte tá míshástacht ag baint leis an oidhreacht atá fágtha ina dhiaidh ag an Seoigheach – cén fáth nach mbeadh, buailte in dhá chluiche ceannais de chuid Chraobh na hÉireann, ar a laghad ceann acu a mba cheart é a beith buaite, dar le go leor.

Ach bí cinnte, is cuma céard a bheas tarlaithe faoin am a dtiocfaidh an t-am seo arís, nach ag síneadh na foirme P45 chuig Fitzmaurice a bheas Bord Peile na Gaillimhe.

Ní mór do dhuine turas fada go leor a thabhairt i stair pheile na gcontaetha céanna le theacht ar na ceangail idir Gaillimh agus an Ríocht atá cruthaithe ag an bhFlathartach agus ag Éamonn. Is le ceantar dúchais an Ghearaltaigh, tuaisceart Chiarraí, a bhaineann duine acu.

Ba i Maigh Mheáin a saolaíodh Jackie Flavin a bhí ar fhoireann Chiarraí a bhuaigh ar an gCabhán i gCluiche Ceannais na hÉireann 1937. Thug a chuid oibre mar bhúistéir go Béal Átha na Sluaighe é agus an bhliain dár gcionn bhí sé ar fhoireann na Gaillimhe a fuair an lámh in uachtar ar Chiarraí sa athimirt ar bhabhta ceannais 1938. Ní móide go bhfuil peileadóirí eile i stair CLG a bhuaigh dhá chraobh as a chéile do dhá chontae éagsúla.

Bhain conspóid mhór leis an athimirt chéanna, Gaillimh chun cinn agus gan fanta ach cúpla nóiméad. Shéid an réiteoir an fheadóg agus siúd isteach ar an bpáirc na céadta de lucht leanta caithréimeacha na Gaillimhe a cheap go raibh deireadh déanta. Ach ní raibh – saorchic a bhí bronnta.

Bhí i ngar do 10 nóiméad caite faoin am a rabhthas réidh lena thosaí in athuair. San achar sin agus de bharr an fhuilibiliú ar fad, bhí Páirc an Chrócaigh fágtha ag naonúr d’fhoireann Chiarraí. Cheap siadsan go raibh an imirt críochnaithe. Bhíodarsan ar a mbealach ar ais chuig an óstán ina raibh siad ag fanacht de shiúl a gcos go ngléasfadh siad iad féin san áit inar chuireadar orthu a bhfeisteas imeartha cúpla uair an chloig roimhe.

Dá n-uireasa, ní raibh ag Ciarraí ach gach a raibh d’ionadaithe acu a chur chun páirce. Fuaireadar cúilín as an gcic saor, ach níorbh leor sin. Bhuaigh Gaillimh 2-4, 0-7.

An Ollscoil a bhí sa gcathair sin a d’fhág go raibh beirt pheileadóirí a mba as Dún Chaoin dóibh iad féin ar fhoirne na Gaillimhe a bhuaigh Corn Mhig Uidhir.

Bhí Micheál Feirtéar ar dhuine acu. Bheadh an gaisce céanna le Jackie Flavin déanta aige siúd murach spadhar éicint a bhuail roghnóirí Chiarraí agus iad faoi réir le haghaidh a thabhairt ar Laois in athimirt Chluiche Leathcheannais na hÉireann 1957.

Bhí 1-3 scóráilte ag an bhFeirtéarach i mbabhta leathcheannais na Mumhan in aghaidh Thiobraid Árann agus cúl eile in aghaidh an Chláir sa gcluiche ceannais. Ach théis dóibh críochnú ar comhscór le Laois i mbabhta leathcheannais na hÉireann fágadh Micheál, Jer Carmody, Gearóid Mac Gearailt, Con Geaney agus Tim O’Leary ar lár don athimirt. Bhuaigh siad sin, ach cé is moite don Laoghaireach níor facthas ceachtar den cheathrar eile ar na foirne a d’imir in aghaidh an Chabháin.

Murach sin bheadh an gaisce céanna a rinne Jackie Flavin déanta ag Micheál Feirtéar.

Ba é Dan Learaí Ó Cíobháin an peileadóir eile de chuid Dhún Chaoin a d’imir don dá chontae. Faoi dhó a bhuaigh sé bonn Mhic Shigiúir le Coláiste na hOllscoile Gaillimhe (1941 agus 1942) agus é ina mhac léinn innealtóireachta ansiúd. Na blianta céanna sin bhí sé ar fhoirne an chontae sin a chlis i mbabhtaí ceannais na hÉireann in aghaidh a chontae dúchais agus in aghaidh Átha Cliath.

Ar ais i bPáirc an Chrócaigh ar an lá mór dhá bhliain dár gcionn thug sé an chraobh leis – ach go mba é geansaí Chiarraí a bhí ar dhroim agus an ceann ab fhearr faighte acu ar Ros Comáin.

Bhí sé freisin ar an bhfoireann a chlis in aghaidh an Chabháin sna Polo Grounds i 1947.

Éide an airm agus an Chéad Chath Gaelach a thug Jack Kissane go Gaillimh as Cill Ó Miorua in aice le Lios Eiltín i dTuaisceart Chiarraí nuair a bhí a choimisiún faighte aige ar Churrach Chill Dara i 1951. Chaith sé seacht mbliana i líne chosanta pheileadóirí na Gaillimhe agus bhí ar an bhfoireann a thug Craobh na hÉireann leo i 1956 agus ar an bpáirc freisin nuair a bhuaigh a chontae dúchais orthu i 1959.

Chaith a dheartháir, An tAth Micheál Ó Cíosáin, blianta ina shagart i bParóiste an Fheirtéaraigh áit a raibh sé sáite go mór i ngnaithí an phobail agus gnaithí cultúrtha.

Fág freagra ar 'Ní hé Eamonn Fitzmaurice an chéad cheangal caide idir Gaillimh agus Ciarraí'