Is bocht an rud an focal ‘náire’ a chloisteáil i gcomhthéacs na Gaeilge

Mura mbeadh agat ach ‘Dia dhuit’ agus ‘tá an lá fliuch’ bheifeá sábháilte go leor i mbeagnach gach comhrá a bheadh agat idir geataí na scoile agus an seomra ranga

Naire

Ach céard a dhéanfainn dá dtiocfadh sruth mór scioptha Gaeilge ar ais?’ a d’fhiafraigh duine eile de na máithreacha orm i siosca go himníoch agus muid seasta sa bpasáiste taobh amuigh de sheomra an naíonra anuraidh. I mBéarla a bhí an comhrá.

Ní raibh de Ghaeilge aici ach na focail ‘Dia’ agus ‘Dhuit’, dar léi. Is é an imní a bhí uirthi ná go labhródh sí le duine éigin le Gaeilge líofa is go mbeadh sí seasta ansin gan barúil aici nuair a thosóidis ag labhairt ar ais léi.

Níl a fhios agam cén toradh uafásach a shamhlaigh sí leis an gcomhrá. Go gcuirfí a hainm sa leabhar? Go mbeadh uirthi rith amach as an scoil faoi ghleáradh cóipleabhar agus glantóirí?

‘Tá náire orm, tá sé uilig dearmadta agam,’ a dúirt sí. Níorbh í an chéad duine a chuala mé ag rá go bhfuil náire orthu aon fhocal Gaeilge a labhairt. Is bocht an rud an focal ‘náire’ a chloisteáil i gcomhthéacs na Gaeilge, feictear dom. Is boichte fós é a chloisteáil ó dhuine eicínt a bhfuil suim aici sa teanga agus a bhfuil Gaelscoil roghnaithe acu dá clann.

Tá an samhradh thart. Mura bhfuil 99 ite fós i mbliana agat, bí ag rith chuig an siopa go beo. An tseachtain seo chugainn, beidh na céadta tuismitheoir ag tabhairt a bpáistí chuig Gaelscoil den chéad uair agus a gcroíthe ina mbéal. ‘Dia dhuit’ i bhfolach acu ina bpócaí. Náire orthu aon Ghaeilge a labhairt. Ach níl fáth ar bith go mbeadh.

Tá sé in am dearmad a dhéanamh ar an náire agus is maith an t-am é an fómhar chun tabhairt faoi rudaí nua, nó rudaí atá ligthe i ndearmad a thabhairt chun cuimhne. Mura bhfoghlaimeodh tuismitheoirí ach an ceathrú cuid den méid Gaeilge a d’fhoglameodh a bpáistí sna seachtainí amach romhainn, bheidís breá ábalta ag cómhrá simplí. Cuimhnigh, ní gá labhairt ar ar an ngéarchéim sa tSiria ná an fiosrúchán baincéireachta.

Ní mórán focal atá ag teastáil chun comhrá leathshibhialta a bheith agat ag geataí na scoile.

Mura mbeadh agat ach ‘Dia dhuit’ agus ‘tá an lá fliuch’, bheifeá sábháilte go leor i mbeagnach gach comhrá a bheadh agat idir geataí na scoile agus an seomra ranga idir seo agus mí Meithimh na bliana seo chugainn. Cuir ‘ná caith na glantóirí liom, más é do thoil é,’ leis an ‘Dia dhuit’ agus ‘tá an lá fliuch’ is bheifeá sábháilte uilig.

Fág freagra ar 'Is bocht an rud an focal ‘náire’ a chloisteáil i gcomhthéacs na Gaeilge'

  • Fearn

    Easpa muiníne a airímse ón bhean óg seo.

    Tá sin chomhbhocht i gcomhthéacs na Gaeilge, Agus ní taise don bhean bhocht fhéin.