Deis foghlaim faoi ainmniú sráideanna agus eastát ar chúrsa nua Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe

Tá 13 ghearrchúrsa san iomlán, atá dírithe ar ábhar ar nós na Pleanála Teanga agus cúrsaí aistriúcháin san AE, ar fáil san ollscoil anois

Deis foghlaim faoi ainmniú sráideanna agus eastát ar chúrsa nua Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe

Tá ‘Ainmniú Sráide agus Eastáit i Rialtas Áitiúil’ ar cheann de cheithre ghearrchúrsa úr atá seolta ag Ollscoil na Gaillimhe i mbliana.

13 gearrchúrsa san iomlán ar fáil in Ollscoil na Gaillimhe a thugann deis do dhaoine díriú ar réimse faoi leith a bhaineann leis an Ghaeilge agus creidiúnú a fháil.

Deirtear go dtabharfaidh an cúrsa ‘Ainmniú Sráide agus Eastáit i Rialtas Áitiúil’, a mhairfidh ar feadh ocht seachtaine, “eolas agus muinín” duit dul i ngleic le logainmneacha Gaeilge “i gcomhthéascanna uirbeacha”.

“Forbhróidh na rannpháirtithe tuigbheáil shóiléir agus phraiticiúil ar logainmeacha i gceantracha uirbheacha, lena n-áirítear an reachtaíocht, na polasaithe agus na treoirlínte a rialaíonn an dóigh a moltar, a ndéantar measúnú ar, agus a gceadaítear leaganacha Gaeilge d’ainmneacha”, a deirtear ar shuíomh na hollscoile.

Deirtear gur buntáiste é a bheith ábalta téacsanna Gaeilge a léamh agus Gaeilge labhartha a thuigbhéail ach nach bhfuil sé “riachtanach”.

I measc na ngearrchúrsaí úra eile a bhaineann leis an Ghaeilge, tá ‘Eagarthóireacht agus Léamh Profaí’, ‘Aistriúchán Téacsanna Eorpacha’ agus ‘Aistriúchán Téacsanna 2 ’.

Díreofar ar na gnéithe is tábhachtaí a de chúrsaí eagarthóireachta i nGaeilge sa ghearrchúrsa, ‘Eagarthóireacht agus Léamh Profaí’.

Is ag déanamh staidéir ar na téacsanna “a aistrítear go Gaeilge in institiúidí an Aontais Eorpaigh” a bheas na rannpháirtithe sa ghearrchúrsa ‘Aistriúchán Téacsanna Eorpacha’ agus díreofar ar théacsanna “níos teicniúla” aríst sa ghearrchúrsa ‘Aistriúchán Téacsanna 2’.

Ar chuid de na gearrchúrsaí eile a bhaineann leis an Ghaeilge in Ollscoil na Gaillimhe, tá ‘An Caighdeán Oifigiúil’ agus dhá ghearrchúrsa dírithe ar an Phleanáil Teanga.

Dúirt Peadar Mac Donncha atá ag obair mar oifigeach pleanála teanga do Limistéar Pleanála Teanga Chois Fharraige, gur thug sé faoin chúrsa pleanála teanga chun “tuiscint níos doimhne” a fháil ar an earnáil ina bhfuil sé ag obair ann.

I ráiteas pearsanta a scríobh sé do shuíomh na hollscoile, dúirt sé go bhfuair sé tuighbheáil le linn an chúrsa ar an tionchar a bhíonn ag cinntí an rialtais agus beartas poiblí ar “stádas agus ar staid na Gaeilge”.

Cuirfear tús le ‘Eagarthóireacht agus Léamh Profaí’ an mhí seo agus tosóidh na gearrchúrsaí úra eile i mí Eanáir na bliana seo chugainn.

Fág freagra ar 'Deis foghlaim faoi ainmniú sráideanna agus eastát ar chúrsa nua Gaeilge in Ollscoil na Gaillimhe'