Tarrtháil déanta ar dheilfeanna a triomaíodh ar thrá i gCorca Dhuibhne

Tarrtháladh dhá cheann déag de na hainmhithe ach cailleadh naoi gcinn eile

Tarrtháil déanta ar dheilfeanna a triomaíodh ar thrá i gCorca Dhuibhne

Rinneadh tarrtháil ar dhá dheilf choiteann déag a triomaíodh ar Thrá na Feothanaí i nGaeltacht Chorca Dhuibhne an tseachtain seo. Cailleadh naoi gcinn de na hainmhithe mara san eachtra mhór triomaithe ar an trá Ghaeltachta Dé Céadaoin.

Cuireadh fios ar stiúrthóir Mhara Beo, aquarium an Daingin, Caoimhín Ó Flannúra, agus dheifrigh sé chun na láithreach. Chuir Flannery féin fios ar a an nGrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG), agus bhailigh slua daoine ar an bhFeothanaigh leis na deilfeanna a chur san fharraige arís.

Tarrtháladh dhá cheann déag de na hainmhithe, idir dheilfeanna fásta agus deilfeanna óga, ach bhí na naoi gcinn a cailleadh básaithe faoin am a bhfuarthas an chéad ghlao. Bhí muintir na háite agus baill den Gharda Síochána i láthair le cúnamh a thabhairt do na deilfeanna. Ghabh an IWDG buíochas le gach duine a d’fhreagair an glao agus a thug cúnamh na deilfeanna a iompar chun na farraige arís.

Tá foireann oibrithe deonacha anois ar faire i gCorca Dhuibhne lena chinntiú go n-éalóidh na deilfeanna a tarrtháladh amach chun na farraige móire agus nach dtriomófar arís iad ar thránna na Gaeltachta.

Agus é faoi agallamh ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, dúirt Caoimhín Ó Flannúra, gur turasóirí as an Spáinn a chonaic na deilfeanna i dtrioblóid ar an trá ar dtús agus gur cuireadh fios air féin go gairid ina dhiaidh sin.

“Fuaireas glaoch ó dhaoine ón Spáinn, bhíodar ag féachaint amach ar na héanlaith, agus chuireadar glaoch isteach go dtí Mara Beo. Dúradar go raibh deilfeanna caite isteach ar an dtráigh. Cheapadar nach raibh ann ach trí cinn. Thánag aniar aneas agus bhí os cionn trí cinn déag caite isteach anso, go mór mór na rudaí beaga, an-chuid deilfeanna beaga. Ní rabhadar ábalta dul amach mar bhí an taoide imithe amach, bhíodar nach mór ag fáil bháis.

“Dheineamar iarracht, agus thugas glaoch ansan ar Raidió na Gaeltachta agus gach aon duine eile, an IWDG, chun teacht anso agus cabhair a thabhairt dúinn iad a chaitheamh amach san fharraige. Tháinig daoine le tuáillí agus buicéidí agus gach aon rud, agus bhíomar ag iarraidh iad a choimeád fliuch,” a dúirt Ó Flannúra.

Dúirt sé gur éirigh leo thart ar leath na ndeilfeanna a shábháil ach gur cailleadh an chuid eile, deilfeanna óga den chuid ba mhó. Mhínigh sé gur dócha gur shnámh na deilfeanna óga isteach sa chuan beag i ndiaidh iasc, gur ghlaoigh siad ar a máithreacha nuair a thosaigh an taoide ag trá, agus gur tháinig na deilfeanna móra isteach d’fhonn iad a tharrtháil ach gur rugadh orthu ar fad ar an ngaineamh.

“Bhíodar stranded mar a déarfá, ní rabhadar ábalta maireachtaint ansan. Nuair a bhíonn an taoide tráite, ní bhíonn easnacha acu agus faigheann siad bás ana-thapa mar bíonn brú uafásach ar na duáin, an t-ae, agus an croí. Faigheann siad bás tar éis uair an chloig nó b’fhéidir níos lú. Sin an fáth ar chaitheamar iad a chur amach chun na farraige chomh tapa agus ab fhéidir,” a dúirt sé.

Dúirt Ó Flannúra go mbeadh gach aon cheann de na deilfeanna coiteann básaithe murach gur tháinig na daoine a d’fhreagair an glaoch a cuireadh amach ar Raidió na Gaeltachta agus tríd an IWDG le teacht i gcabhair orthu ag Trá na Feothanaí.

Fág freagra ar 'Tarrtháil déanta ar dheilfeanna a triomaíodh ar thrá i gCorca Dhuibhne'