Gaillimh ag iarraidh aithris a dhéanamh ar fhoireann Chorcaí

Imreoidh Corcaigh agus Gaillimh in éadan a chéile i gcluiche ceannais chraobh shinsir na camógaíochta don tríú bliain as a chéile tráthnóna

Gaillimh ag iarraidh aithris a dhéanamh ar fhoireann Chorcaí

Cé go bhfuil cleachtadh maith ag foireann chamógaíochta Chorcaí ar Corn Uí Dhufaigh a ardú ar ardán Uí Ógáin le blianta beaga anuas, is iad mná na Gaillimhe a d’ardaigh é go deireanach, nuair a bhuail siad Corcaigh a bhuíochas do chúilín den scoth ó Carrie Dolan in am cúitimh anuraidh.

I mbliana tá deis ag mná na Gaillimhe greim a fháil ar an gcorn dhá bliain as a chéile, rud nach bhfuil déanta acu ariamh, ach rud atá déanta ag mná Chorcaí go mion minic.

Is i 1997 agus i 1998, nuair a bhí cuid d’imreoirí na Gaillimhe ag brionglóidí sa chliabhán agus cuid eile acu nach raibh fiú ar an tsaol a bhain Corcaigh craobh na hÉireann faoi dhó in éadan na Gaillimhe.

Tráthnóna inniu, tá deis ag Gaillimh aithris a dhéanamh ar fhoireann Chorcaí ó na 90idí agus an séú craobh a thabhairt na bhaile leo siar thar abhainn na Sionainne, ach ní bheidh sé furasta orthu agus fonn díoltais ar imreoirí cumasacha Chorcaí.

Bhuail na foirne seo ar a chéile sa chéad bhabhta den chraobh níos luaithe i mbliana, lá a raibh bua seacht bpointe ag Corcaigh ar an fhoireann baile i mBaile Átha an Rí.

Ochtar ón fhoireann a thosaigh i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh a bhí ar an pháirc ar an lá sin ach bhí siad go hiomlán i gceannas ó thús go deireadh a bhuíochas do thaithí Libby Coppinger and Méabh Murphy i gcroílár na cosanta.

Is amhlaidh a bheidh sé ag Corcaigh tráthnóna agus imreoirí ar nós Katrina and Pamela Mackey, Laura Treacy, Aoife Healy, Hannah Looney agus Kate Wall imithe ó phainéal Ger Manley ar chúiseanna éagsúla i mbliana.

Sa chluiche leathcheannais d’oibrigh Cill Chainnigh go crua sa chéad leath in éadan na Gaillimhe ach chuidigh cic éirice ó Carrie Dolan ag tús an dara leath le girseacha an iarthair cúrsaí a stiúradh ón bhomaite sin ar aghaidh agus bua sé phointe fháil ar na Cait.

Bhí níos mó oibre le déanamh ag Corcaigh sa dara leath sa cluiche leathcheannais eile in éadan Thiobraid Árann agus gan ach cúig phointe idir na foirne sa deireadh. Chinntigh cúil ó Amy O’Connor agus Millie Condon sa chéad leath áit i gcluiche ceannais na hÉireann do Chorcaigh don séú bliain as a chéile.

Níl cúl ar bith géillte ag Gaillimh le ceithre chluiche anuas sa chraobh agus cúl amháin atá géillte ag Corcaigh, nuair a chuir Ailish O’Reilly an sliotar san eangach i mBaile Átha an Rí ag tús mhí an Mheithimh.

Beidh ar líne leath-thosach Chorcaí súil ghéar a choinneáil ar leithéidí Niamh McPeake a bhfuil dhá chúl agus naoi bpointe faighte aici ón imirt, ó bhí an chéad bhabhta ann agus gan mórán spáis a thabhairt di sa lár, mar a bhí aici sa chluiche leathcheannais in éadan Chill Chainnigh.

Ar an taobh eile de, d’éirigh le cosantóirí na Gaillimhe tosaithe Chorcaí a choinneáil faoi smacht anuraidh. Caithfidh Corcaigh bealach maith a aimsiú leis an sliotar a oibriú isteach chomh fada le léithéidí Amy O’Connor, Sorcha McCartan, agus Emma Murphy atá breá ábalta scóranna a aimsiú nuair a bhíonn deiseanna ar fáil.

Fág freagra ar 'Gaillimh ag iarraidh aithris a dhéanamh ar fhoireann Chorcaí'