Ní i gcónaí a thugann an Bhé cuairt ort nuair a bhíonn cuairt ón mBé uait.
Agus fiú agus an aeráid ag athrú, ní i gcónaí a bhíonn an ghrian ag scaladh sa samhradh.
Má bhíonn sé ag cur báistí lá éigin as seo go deireadh na laethanta saoire, cuir cúpla uair an chloig i leataobh chun dul siar ar do chuid leabhar nótaí.
Más suim leat an scríbhneoireacht, is cinnte go bhfuil carn cóipleabhar agat áit éigin faoin staighre nó i gcófra tarraiceán, na leathanaigh breactha lán cuimhní, smaointe, liostaí, comhráite a chuala tú nó rudaí a thug tú faoi deara.
Le blianta fada anuas, an dara rud a dhéanaim gach maidin (cupán caife an chéad rud) ná peann a chur le páipéar i gcóipleabhar. Leathanach amháin ar a laghad. Trí cinn más féidir. Tabhair dialann air, dumpáil cuimhne nó liosta ‘le déanamh’ an-fhada, ach cabhraíonn sé liom ord agus eagar a choinneáil ar m’aigne.
Dríodar den chuid is mó a bhíonn sa stuif a bhreacaim síos an t-am sin ar maidin agus ní hionann agus na leabhair nótaí a bhaineann le tograí scríbhneoireachta ar leith, caithim amach iad nuair a bhíonn siad lán. Ach breathnaím tríothu ó chlúdach go clúdach sula gcaithim sa bhruscar dáiríre iad. Tharlódh go mbeadh péarla i bhfolach sa dríodar.
Fiú mura n-aimseoidh tú péarla a spreagfadh togra nua éigin, is fiú an t-am a chur i leataobh chun dul siar ar nótaí a bhí ag bailiú dusta – agus níl mé ag tagairt don chupán chaife sa bhreis a cheadófar le linn na hoibre sin.
Breathnaigh ar athléamh do chuid nótaí mar staidéar teangeolaíoch ort féin. Céard é a ritheann leat maidir le do stíl féin? An mbaineann tú úsáid as nathanna cainte nó struchtúir chomhréire áirithe a bhféadfá úsáid a bhaint astu níos minice – nó arbh fhearr gearradh siar orthu, b’fhéidir? An bhfuil greann ar leith a bhfuil dúil agat ann? An mbíonn tú rud beag ródhuairc uaireanta? An bhfuil an fad céanna i do chuid abairtí ar fad?
Ar eagla na míthuisceana, ní scrúdú ba chóir a bheith san athléamh sin ach staidéar; léargas a fháil ar do stíl scríbhneoireachta nádúrtha féin an cuspóir, seachas botúin a lorg agus a cheartú.
Mar bhuntáiste sa bhreis, gheobhaidh tú léargas ar do shaol féin nach bhfaighidh an té nach nglacann nótaí (nó nach ndéanann athléamh ar na nótaí a ghlacann sé.) ‘Ó, is ea, bhí mé sa riocht sin nuair a bhreac mé an méid sin síos san earrach. Nach mór an dul chun cinn atá déanta agam ó shin!’
Deirtear go gcaitheann scríbhneoirí a saol faoi dhó, uair san fhíorshaol agus uair ar pháipéar. An dea-nuacht: má théann tú siar ar do chuid nótaí go tráthrialta, ní gá duit leabhar iomlán a chríochnú chun fiúntas teiripeach a bhaint as an scríobh.
Fág freagra ar 'Báisteach geallta? Meall an Bhé leis na seanchóipleabhair sa chófra'