Leathchéad bliain ó ciontaíodh Osgur Breatnach san éagóir as robáil traenach na Sollán tá sé fógartha anois gur iomrall ceartais a bhí ann.
Gaeilgeoir líofa 75 bliain d’aois é Osgur agus bhí ocht mí dhéag den phríosún dhá bhliain déag a gearradh air as an robáil i 1976 curtha de aige sular cuireadh an daorbhreith ar neamhní i 1980.
An lá deiridh de mhí an Mhárta 1976 a cuireadh traein Chorcaí-Bhaile Átha Cliath ar atreo in aice leis Na Solláin i gcontae Chill Dara agus meastar gur goideadh suas le £200,000 aisti.
Mí na Nollag 1978, ciontaíodh Osgur Breatnach sa gCúirt Choiriúil Speisialta, cúirt nach raibh aon ghiúiré i bhfeidhm inti. Bliain go leith ina dhiaidh sin cuireadh an daorbhreith ar neamhní nuair a chinn cúirt gur faoi ansmacht a thug sé an tuairisc.
Inniu, Dé Máirt, sa gCúirt Achomhairc, chinn an Breitheamh Isobel Kennedy go léiríonn eolas a tháinig chun solais le déanaí gur iomrall ceartais a bhí i mbreith na cúirte i 1978.
Baineann an t-eolas nua-aimsithe sin le fianaise faoi ailibí.
Dúirt an Breitheamh Kennedy go raibh an chúirt sásta go raibh bonn sách láidir ann le teastas iomrall ceartais a bhronnadh sa gcás.
Dúradh sa gCúirt Achomhairc go nglacann an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí le háitiú Bhreatnach nach raibh “baint ná páirt” aige féin leis an robáil.
Bhí Osgur Breatnach, ar dhuine de roinnt ball den Pháirtí Sóisialach Poblachtach a gabhadh faoin eachtra sna Solláin.
Agus iad á bhfiosrú ag an nGarda Síochána, chuir triúr acu a n-ainm le hadmháil a dúradh a rinne siad. D’áitigh na fir gurbh iad na Gardaí ba chúis leis na leonta ar fad a bhí orthu.
Aonad Gardaí ar a dtugtaí an ‘Heavy Gang’ a bhain na hadmhálacha ó na fir agus cuireadh ina leith sin go mbídís brúidiúil le daoine a bhíodh faoi choinneáil. I 1977 d’eisigh Amnesty International tuarascáil faoin díorma míchlúiteach sin.
Tá Osgur Breathnach fós ag éileamh go reáchtálfaí fiosrúchán poiblí lena fháil céard go díreach a tharla ina chás féin.
“Tá ceachtanna fós le foghlaim sa lá inniu ó fhiosrúchán faoi eachtra na Sollán agus b’fhéidir go n-athródh roinnt rudaí dá bharr, athruithe atá fós le déanamh,” a dúirt Breathnach leis an Irish Examiner.
“Murach an tAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit a bheith ai bhfeidhm, ní tharlódh cás na Sollán.
“Murach an Chúirt Choiriúil Speisialta, ní tharlódh iomrall ceartais.
“Chomh fada agus a bhaineann sé liomsa, comhcheilg choiriúil a bhí ar bun agus ní féidir a bheith ag ligean orainn féin nár tharla sin.”
Fág freagra ar 'Iomrall ceartais a bhí i gciontú Osgur Breatnach san éagóir mar gheall ar robáil traenach na Sollán'