‘Is cuma cé chomh fada a bheidh mé thíos anseo i Luimneach, nuair atá Gaillimh ag imirt níl uaim ach go mbuafadh Gaillimh’ – Aislinn Connolly

Duine de theaghlach cáiliúil Connolly ón gCaisleán Gearr í Aislinn Connolly, atá anois ag cur fúithi in Áth Dara agus í timpeallaithe ag laochra Luimnigh

‘Is cuma cé chomh fada a bheidh mé thíos anseo i Luimneach, nuair atá Gaillimh ag imirt níl uaim ach go mbuafadh Gaillimh’ – Aislinn Connolly

Aislinn Connolly agus Conor Fitzgerald lena bpáistí, Peigí, Brídín, Ailbhe agus Cóilí

Tá taithí acu in Áth Dara agus ar an gCaisleán Gearr ar lá mór na hiomána. Ba é Declan Hannon captaen Luimnigh nuair a bhuadar ar Ghaillimh i gcluiche ceannais 2018, tús ré órga an chontae. Is ar Joe Connolly an Chaisleáin Ghearr a bronnadh Corn Mhic Cárthaigh i 1980 nuair a bhuaigh na Gaillimhigh ar Luimneach chun an chraobh a bhaint den chéad uair le 57 bliain.

Tá cur amach maith ag Aislinn Connolly ar an dá áit, agus ar an dá cluiche áirithe sin. Neacht í le Joe agus tá a hathair John leis áirithe i measc na n-iománaithe ab fhearr riamh sa gcontae. Tá Aislinn anois ag cur fúithi in Áth Dara agus í pósta le Conor Fitzgerald, fear a d’imir iomáint agus peil do Luimneach.

Cé gur bhain Aislinn an-sásamh as na gaiscí atá déanta ag iománaithe Luimnigh le blianta beaga anuas, deir sí le Tuairisc nach bhfuil aon cheist ann cé dhóibh a bheidh sí dílis an deireadh seachtaine seo.

“Tá bratach Luimnigh ar bharr an dín ag Conor ach tá bratach na Gaillimhe crochta amach an fhuinneog agamsa,” a deir sí ag gáire.

“Bíonn píosa craic agam sa teach le Conor, ag iarraidh a bheith ag spochadh as ag dul timpeall na háite le dathanna na Gaillimhe,” a deir Aislinn, a d’imir faoi dhó i gcluiche ceannais camógaíochta na hÉireann le Gaillimh.

“Bíonn Conor an-neirbhíseach roimh na cluichí móra. Ní bheidh sé in ann codladh anois oíche Dé Sathairn ach ní bhímse mar sin. Bímse gríosaithe, ag súil leis an gcluiche.

“Tá mé ag spochadh astu thíos anseo ag seoladh timpeall an fhíseáin sin de Kevin Keegan, ‘I will love it if we beat them, love it!’”

Ar an drochuair do Keegan agus foireann Newcastle United, theip orthu an ceann is fearr a fháil ar Manchester United 30 bliain ó shin, ach tá súil ag Aislinn go ndéanfaidh Gaillimh an beart, cé go nglacann sí leis go mbeidh sé deacair acu.

Is ag iarraidh an ceathrar clainne atá aici féin agus Conor – Peigí (7), Ailbhe (5), Brídín (3) agus Cóilí (1) – a mhealladh i dtreo na Gaillimhe an dúshlán is mó atá ag Aislinn sa mbaile.

“An bheirt is óige, níl a fhios acu céard atá ag dul ar aghaidh i ndáiríre ach an bheirt eile, uaireanta bíonn siad i ngeansaí na Gaillimhe, uaireanta eile bíonn siad i ngeansaí Luimnigh. Go hiondúil, bíonn Ailbhe ag tacú le Luimneach agus is í Peigí an Gaillimheach ach athraíonn sé sin má bhíonn sí rófhada le Conor!”

Is i mbliana a thosaigh Aislinn agus Conor ag tabhairt na bpáistí chuig cluichí agus iad sáite iontu anois agus iad ag iarraidh a bheith cosúil lena laochra ar chuile bhealach.

“Thug muid chuig cluiche ceannais Laighean iad agus chuig cuid de na cluichí i gcraobh na Mumhan. Aithníonn siad anois na himreoirí, bíonn siad ag breathnú siar ar na cluichí ar GAA+ nó ar an teilifís den chéad uair. Bíonn siad gafa le cláir na gcluichí agus ag déanamh na stats,” arsa Aislinn.

“Bhí muid sa gcarr an lá cheana agus dúirt an cailín is sine go raibh sí ag iarraidh tatú a fháil nuair a bheadh sí níos sine. Bhí mise ag rá, ‘Right, ok?’. D’iarr mé di cá bhfaca sí tatú. ‘Ar Ciano,’ a dúirt sí liom, Cian Lynch, amhail is gur duine de na comharsana béal dorais é aici!”

Laoch níos gaire don bhaile ag Aislinn é duine d’ógánaigh na Gaillimhe, Darragh Neary, arb as an Caisleán Gearr dó.

“Tá muid an-bhródúil as Darragh,” a deir Aislinn. “Is comharsana iad muintir Neary againn sa mbaile ach ní bheadh aon aithne agam air. ​​Tá mé thíos in Áth Dara anois chomh fada agus níl an ceangal céanna agam leis an gCaisleán ach fós bheadh tú chomh bródúil as agus é ag déanamh ionadaíocht ar an gcumann. Tá sé ag imirt go hiontach go dtí seo i mbliana, rinne sé ar fheabhas an cúl a fháil in aghaidh Chorcaí, agus beidh mé ag tabhairt tacaíocht bhreise dó Dé Domhnaigh.”

Deir Aislinn go bhfuil níos faide caite anois aici ina cónaí i Luimneach ná mar a chaith i nGaillimh agus ceangal láidir aici le cúrsaí CLG sa gcontae. Ní hamháin gur chaith Conor blianta ag imirt d’fhoirne Luimnigh ach is lena mhuintir óstán an Woodlands in Áth Dara agus úsáid bainte ag John Kiely agus an fhoireann as go minic.

Níl aici ach moladh do na himreoirí, do na gaiscí atá déanta acu agus don oidhreacht a bheidh fágtha ina ndiaidh acu ach ní raibh sé éasca i gcónaí iad a cheiliúradh, go háirithe in 2018 nuair a fuaireadar an ceann is fearr ar Ghaillimh.

“Baineadh stangadh asam nuair a chaill muid. Ní raibh mé in ann labhairt le Conor ar feadh dhá uair an chloig i ndiaidh an chluiche. Bhí muid imithe trasna go dtí Óstán Pháirc an Chrócaigh faoin am go raibh mé in ann focal a rá. Tá beagán aiféala orm mar gur rud chomh mór a bhí ann dóibhsean, do mhuintir Luimnigh. Bhí siad ag gol. 45 bliain ó bhuaigh siad an chraobh go deireanach. Bhí ríméad agus lúcháir orthusan agus mise sa gcúinne le strainc orm!”

Athrú mór a bhí ann ón mbliain roimhe nuair a bhuaigh Gaillimh Craobh na hÉireann den chéad uair ó 1988.

“Chuaigh muid siar go Gaillimh ar an Luan chun fáilte abhaile a chur roimh an bhfoireann. Chuaigh mé ann le mo mhuintir, le m’uncailí, mo chol ceathracha agus chonaic mé an lúcháir a bhí orthu uile. Bhí Daid linn agus é chomh sásta agus ag baint an oiread craic as, ag pleidhcíocht. Is ar éigean gur aithnigh mé é! ‘Cé hé an fear seo mar ní hé m’athair é!’ a dúirt mé.”

Bíonn draíocht sa bhreis ann nuair is sa marún agus bán a bhíonn na gaiscígh, a deir sí.

“Nuair a théim chuig cluichí Luimnigh, bím ag iarraidh go mbeadh an bua ag Luimneach ach tá tú in ann suí siar agus do shuaimhneas a dhéanamh. Bíonn sé difriúil nuair is é do chontae féin atá ann. Ag an gcluiche leathcheannais in aghaidh Chorcaí, bhí mé ag léim suas ón suíochán agus ansin nuair a thuig mé go raibh an cluiche buaite againn, bhí sé dochreidte ar fad.

“Is cuma cé chomh fada a bheidh mé thíos anseo i Luimneach, faoi na cairde atá agam nó faoin ardmheas atá agam ar an bhfoireann, nuair atá Gaillimh ag imirt níl uaim ach go mbuafadh Gaillimh.”

Ní hiad na Connollys agus muintir na Gaillimhe amháin a bhain sult as an ngaiscíocht agus as an gceiliúradh sin in 2017 áfach. Is léir go raibh tionchar mór aige ar dhream eile chomh maith.

“Bhí Conor liom an lá sin agus nuair a bhí muid istigh sa gcathair níos deireanaí, bhuail sé le Declan Hannon. Bhí siad ag féachaint orainne ag ceiliúradh agus iad ag rá ‘An bhfeicfidh muid go deo é seo?’ An bhliain dár gcionn ansin, thosaigh an t-aistear sin ag Luimneach.”

B’fhéidir gur féidir le muintir an Chaisleáin mar sin cuid den chreidiúint a fháil as tús a chur le ré órga Luimnigh. Beifear ag súil le cúiteamh an deireadh seachtaine seo.

Fág freagra ar '‘Is cuma cé chomh fada a bheidh mé thíos anseo i Luimneach, nuair atá Gaillimh ag imirt níl uaim ach go mbuafadh Gaillimh’ – Aislinn Connolly'