Ciarraí ar ais sa gcluiche ceannais agus Áth Cliath cloíte

Tháinig seaimpíní na hÉireann slán ó ghéarchoimhlint ach bhí conspóid ag baint leis na cúil a d'aimsigh na buaiteoirí

Ciarraí ar ais sa gcluiche ceannais agus Áth Cliath cloíte

Ciarraí 2-18 Áth Cliath 0-20

An seans ar an dara craobh as a chéile a mheall Jack O’Connor ar ais mar bhainisteoir ar fhoireann Chiarraí i mbliana agus tá an seans sin fós aige agus ag Ciarraí tar éis do churaidh na hÉireann teacht slán ó chluiche crua conspóideach in aghaidh Átha Cliath.

Farasbarr ceithre phointe a bhí ag na Ciarraígh sa deireadh ach beidh muintir Átha Cliath ag clamhsán faoin dá chúl a d’aimsigh Ciarraí agus cúis acu, b’fhéidir. Cinnte bheadh na Ciarraígh ag gearán dá mbeadh an cic éirice a bronnadh ar Joe O’Connor sa gcéad cúpla nóiméad tugtha ina gcoinne ach, ag an am céanna, ní raibh Peadar Ó Cofaigh Byrne ag casaoid mórán ach an oiread.

Tá bunús níos mó ag na clamhsáin a bheidh ag Áth Claith faoin dara cúl agus an chuma ar an scéal go raibh Seán O’Brien, a d’aimsigh an cúl lena dhorn sa 46ú nóiméad, sa gcearnóg bheag nuair a bhuail Dylan Geaney iarracht a thit i mbéal an chúil.

Ag Dia atá a fhios chomh maith an raibh an liathróid thar an líne sular theagmháil sí le cloigeann Mike Breen ar an taobh eile den pháirc deich nóiméad ina dhiaidh sin nuair a thug Ross McGarry iarracht ar chúl.

Ní bheidh sna clamhsáin sin anois ach caint san aer, áfach, agus Ciarraí ag dul ar aghaidh chun casadh le Maigh Eo i gcluiche ceannais na hÉireann.

Lucht tacaíochtaí Chiarraí sásta. Pictiúr: Séan Ó Mainnín/Tuairisc

Nuair a séideadh an bonnán ag deireadh an chluiche, lascáil David Clifford an liathróid suas go dtí Leibhéal 7 d’Ardán Uí Dhaimhín chun tús a chur leis an gceiliúradh. Bhí Clifford ag ceiliúradh nóiméad roimhe sin agus an scór faighte aige chun bearna ceithre phointe a chur idir na foirne ach seans go raibh beagán den frustrachas i gcic Uí Chlúmháin chomh maith. Ní hé an lá ab fhearr a bhí aige i bPáirc an Chrócaigh ach fós chríochnaigh sé le 1-5, níos mó ná aon fhear eile, agus bhí scóranna ag amanna cinniúnacha ina measc.

Thóg Ciarraí céim mhór i dtreo an chluiche ceannais sa tréimhse  inar tháinig cúl O’Brien sa dara leath. Bhí Áth Cliath théis tús iontach a chur leis an dara leath agus iad imithe trí phointe chun tosaigh ach sa deich nóiméad ón 43ú nóiméad ar aghaidh, scóráil Ciarraí 1-7 agus gan ach dhá phointe mar fhreagra ag Áth Cliath.

Cúl O’Brien a chur tús leis an tréimhse iontach sin do Chiarraí tráth nach raibh rudaí ag dul go maith dóibh. Chuir Dylan Geaney a chéad iarracht i gcraobh na bliana seo ar strae nuair a thit iarracht ar dhúiblín uaidh gearr ach d’éirigh O’Brien in airde chun an liathróid a stiúradh i dtreo an chúil agus cé go ndearna Evan Comerford gach iarracht í a choinneáil amach, thrasnaigh sí an líne chun na foirne a chur ar comhscór, 2-8 in aghaidh 0-14.

Thug Charlie McMorrow freagra maith ar an gcúl lena dhara phointe d’Áth Cliath ach bhí gaoth láidir ag tacú le Ciarraí sa dara leath agus bhain Paudie Clifford leas aisti chun dúiblín breá a aimsiú théis 45 nóiméad. Chuir Paudie, a bhí ar fheabhas, pointe eile leis go gairid ina dhiaidh sin agus scóráil David dúiblín eile i ndiaidh do Bhrian Ó Beaglaoich obair mhaith a dhéanamh chun an seans a chruthú dó. Nuair a ardaíodh brat oráiste eile d’iarracht ó Sheán O’Shea, bhí Ciarraí imithe cúig phointe chun tosaigh, 2-15 in aghaidh 0-16.

Brian Howard (Áth Cliath) agus Mark O’Shea (Ciarraí). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

D’éirigh le hÁth Cliath greim a fháil ar chúrsaí ina dhiaidh sin ach idir an mí-ádh agus easpa cruinnis, níor thapaíodar na deiseanna a chruthaíodar. Sa 57ú nóiméad, ghearr Ross McGarry tríd an lár ach shábháil Shane Murphy i gcúl Chiarraí an chéad iarracht aige. Tháinig an liathróid ar ais chuig McGarry ón gcuaille ach idir Paul Murphy agus Mike Breen ar an líne, choinníodar amach í ar éigean. Bhí seans eile ag Cormac Costello cúpla soicind ina dhiaidh sin ach d’éirigh le Jason Foley í a bhlocáil agus  thug na Ciarraígh na cosa leo.

Choinnigh Costello, a bhí ar fheabhas d’Áth Cliath, agus leithéidí Brian Howard agus Niall Scully an brú ar Chiarraí ach bhí na Muimhnigh in ann pointí a fháil ar an bhfrithionsaí agus Áth Cliath brúite suas. Chuir Tomás Kennedy cúig phointe idir na foirne sa 67ú nóiméad agus cé gur laghdaigh Seán Bugler agus Scully an bhearna go dtí aon chúl amháin, chinntigh David Clifford an bua do Chiarraí sna soicindí deireanacha.

Clifford a chur tús le scóráil Chiarraí chomh maith. Cormac Costello a d’aimsigh an chéad scór den chluiche agus cic saor dhá phointe aimsithe aige sa gcéad nóiméad ach tugadh seans mór do Chiarraí nuair a leagadh Joe O’Connor go talamh tar éis dó gearradh isteach sa dara nóiméad. Níor bhronn an réiteoir Brendan Cawley tada ar dtús, ansin bhronn sé cic saor agus faoi dheireadh bhronn sé an cic éirice.

Is minic a deirtear gurb é David Clifford Lionel Messi na caide agus bhí rian an Airgintínigh le feiceáil sa gcic éirice a thóg sé agus lagiarracht sábháilte go héasca ag Evan Comerford. Ar an dea-uair do Chiarraí, phreab an laithróid díreach amach chuig fear an Fhosaidh arís agus lascáil sé í go cúl na heangaigh leis an dara hiarracht.

Con O’Callaghan (Áth Cliath) agus David Clifford (Ciarraí). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc

Bhí deis ar an dara cúl ag Ciarraí théis 10 nóiméad nuair a bhuail Comerford kick amach gearr díreach chuig Dylan Geaney ach d’imigh iarracht an Chiarraígh ar chúl díreach os cionn an mhaide trasna chun a fhoireann a chur 1-3 in aghaidh 0-2 chun cinn.

Bhí Cormac Costello, Colm Basquel, Paddy Small agus Cormac Costello ag cruthú deacrachtaí do Chiarraí ar an taobh eile den pháirc áfach agus a scóranna a thug Áth Cliath ar ais sa gcluiche. Nuair a scóráil Costello (péire) agus Charlie McMorrow trí phointe as a chéile i dtreo deireadh an chéad leath, bhiían ghaoth i seolta Átha Cliath. Ach fuair Seán Ó Sé scór tábhachtach do Chiarraí blaiseadh díreach roimh an mbriseadh. Thosaigh fear Neidín in áit Paul Geaney, a bhí gortaithe, agus ba é O’Shea a lorg seilbh na liathróide chun tabhairt faoin iarracht dheireanach. Tar éis dó pasanna a bhabhtáil le David Clifford ar thaobh na láimhe deise, sheol sé iarracht thar an trasnán don dara pointe aige agus chun na foirne a fhágáil cothrom ag leath ama, 1-8 in aghaidh 0-11.

Bhí Ciarraí agus Shane Murphy go mór faoi bhrú ag tús an dara leath nuair a chaill siad trí cinn de chiceanna amach as a chéile. Fuair Paddy Small, Brian Howard agus Colm Basquel scór an duine chun Áth Cliath a chur trí phointe chun cinn. Nuair a bhí ceannaire ag teastáil, áfach, O’Shea a sheas an fód arís. Bhuaigh sé seilbh na liathróide ar an taobhlíne ó chic iontach ó Murphy agus sheol iarracht ar scór dhá phointe thar an trasnán. Bhí obair fós le déanamh ag Ciarraí, agus ag Murphy a shábháil iarracht ó Con O’Callaghan go luath ina dhiaidh sin agus seilbh bainte de David Clifford, ach bhíodar in ann í a dhéanamh.

Ciarraí: S Murphy; P Murphy, J Foley, D Casey; G O’Sullivan (0-2), M Breen, G White; M O’Shea, S O’Brien (1-0); J O’Connor, P Clifford (0-5, 1d), D O’Connor; D Clifford (1-5, 1d), S O’Shea (0-4, 1m, 1d), D Geaney (0-1). Fir Ionaid: B Ó Beaglaoich in áit O’Sullivan (43 nóim), K Evans in áit O’Brien (47 nóim), E Looney in áit P Murphy (59 nóim), A Heinrich in áit White (59 nóim), T Kennedy (0-1) in áit Geaney (63 nóim).

Áth Cliath: E Comerford; L Gannon, E Kennedy, D Byrnes; A Gavin, T Clancy, C McMorrow (0-2); P Ó Cofaigh Byrne, B Howard (0-2); C Kilkenny, C O’Callaghan (0-2, 1d), N Scully (0-1); P Small (0-2), C Costello (0-7, 1csd, 1’45), C Basquel (0-3). Fir Ionaid: C Murphy in áit Gavin (51 nóim), R McGarry in áit Uí Chofaigh Byrne (55 nóim), S Bugler (0-1) in áit Kennedy (58 nóim), S Guiden in áit Small (63 nóim).

Réiteoir: Brendan Cawley (Cill Dara)

Fág freagra ar 'Ciarraí ar ais sa gcluiche ceannais agus Áth Cliath cloíte'