‘Ní hé sin críoch an scéil’ arsa muintir Lyra McKee nuair a frítheadh triúr fear neamhchiontach as dúnmharú an iriseora. Buille trom ab ea an cinneadh dá gaolta a dúirt nach staonfadh siad ón tóir ar an gceart do Lyra a maraíodh i nDoire seacht mbliana ó shin.
Bhuail piléir sa chloigeann an t-iriseoir a bhí ina seasamh le hais feithiclí an PSNI ag faire ar chíréib i gceantar an Chreagáin ar an 18 Aibreán 2019. Fuair sí bás go gairid ina dhiaidh sin. D’admhaigh an tIRA Nua, easaontóirí poblachtacha a d’eagraigh an chíréib, gurbh iad a bhí freagrach, iad ag scaoileadh leis na póilíní.
Ba dhuine de ghlúin na síochána í an scríbhneoir, 29 bliain d’aois. Ba mhinic easpa na díbhinne iarchoimhlinte don aos óg faoi chaibidil aici in altanna a foilsíodh in irisí mór le rá sa bhaile agus i gcéin. B’ise an dara hiriseoir a maraíodh i dTuaisceart Éireann tar éis ré na dTrioblóidí; mharaigh paraimíleataigh dhílseacha Martin O’Hagan in 2001 de bharr a chuid tuairiscí ar a gcoiriúlacht. Fearacht Lyra níor ciontaíodh éinne as a dhúnmharú fós.
Tharraing marú Lyra aird na cruinne. D’fhreastail maithe agus móruaisle, idir chléir is tuata ar an tsochraid in Ardeaglais Naomh Anna i mBéal Feirste. Ina measc bhí Uachtarán na hÉireann, Micheál D. Ó hUigínn, Príomh-Aire na Breataine Theresa May, an Taoiseach Leo Varadkar, Arlene Foster an DUP agus Michelle O’Neill Shinn Féin. Bhí an Tuaisceart gan Feidhmeannas ag an am agus fuair ceiliúraí na seirbhíse, an tAthair Martin Magill, na gártha molta nuair a d’fhiafraigh sé cén fáth ar thóg sé marú mná óige chun na polaiteoirí a thabhairt le chéile. Dá ainneoin sin, thóg sé tamall maith eile sular deineadh athbheochan ar Stormont agus ar an drochuair níor chuir an t-uafás stop leis na heasaontóirí poblachtacha.
Bhí brú mór ar na húdaráis ag an am chun duine/daoine a thabhairt chun cúirte agus an ceart a bhaint amach. Bhí an triúr a cúisíodh as comhfhiontar i ndúnmharú Lyra i measc scata daoine a bhí os comhair cúirte as cionta éagsúla a bhain leis an gcíréib. Breitheamh aonair i gCúirt na Corónach i mBéal Feirste a d’éist an cás a mhair dhá bhliain idir éisteachtaí agus tréimhsí fionraíochta.
Chinn an breitheamh Patricia Smyth go raibh an chúis dúnmharaithe bailí mar gur léir gurb é rún an ghunnadóra duine a mharú; níor mhaolú ar fhreagracht choiriúil é gur le póilín seachas le Lyra a bhí sé ag scaoileadh. Ba mhaith gur deineadh rialú oifigiúil gur dúnmharaíodh an t-iriseoir. Níor cuireadh i leith éinne den triúr, Paul McIntyre, 58, Peter Cavanagh, 38, agus Jordan Gareth Devine, 25, gurbh eisean an fear gunna. Ba é cás an ionchúisimh gur chuidigh agus gur thacaigh siad leis an bhfear a scaoil an piléar marfach agus dá bhrí sin go raibh siad comhchiontach as an dúnmharú.
Rialaigh an Breitheamh Smyth nár chruthaigh an t-ionchúiseamh a gcás thar amhras réasúnach. Scaoileadh na fir saor. Ghlac muintir McKee agus páirtnéir Lyra, Sara Canning, leis nach raibh an dara rogha ag an mbreitheamh ach níor laghdaigh sé sin a ndíomá nár cuireadh an fhreagracht de réir dlí ar aon duine. Áirítear go raibh thart ar 150 i láthair ag an léirsiú, cuid acu, na daoine óga go háirithe, ag caitheamh cloch agus buamaí peitril leis na póilíní sular tharla an eachtra lámhaigh mheargánta. Mar sin féin, ní raibh an fhianaise ag an ionchúiseamh a bheadh riachtanach le haghaidh ciontaithe. Riail an omerta? Nó daoine éiginnte faoi na príomhaisteoirí ó bhí sé dorcha agus púicíní á gcaitheamh?
Cibé, ar cheart an cás a bheith tógtha ag an tSeirbhís Ionchúisimh Poiblí in aon chor? Measann go leor gur shaothar in aisce é agus gur léir go raibh a gcás róbhearnach. Gnó costasach ó thaobh airgid agus am cúirte ach níos costasaí fós ó thaobh na síceolaíochta – an suaitheadh intinne agus crá croí do mhuintir Lyra McKee. Cothaíodh dóchas go mbeadh ar dhuine éigin freagairt as an dúnmharú ach níor fíoraíodh é.
Tá súil go leanfaidh an PSNI sa tóir ar an bhfear gunna. Tá súil freisin go n-éireoidh na paraimíleataigh as, is iad sin an geadán de ghrúpaí atá gníomhach i gcoiriúlacht agus mí-úsáid daoine óga le haghaidh foréigean sráide.
Tá deirfiúracha Lyra meáite go leanfaidh a dtóir ar an gceart ach dúirt Sara Canning, gur baolach nach gcúiseofar choíche an té a scaoil an piléar a mharaigh a páirtnéir.
Sin é breith na coitiantachta freisin in áit a bhfuil taithí ar dhúnmharuithe nár fuasclaíodh, ach más ea ní chothaíonn sé muinín.
Fág freagra ar 'Triail in aisce – an gcúiseofar choíche an té a dhúnmharaigh Lyra McKee?'