Deir Uachtarán Stáit Aontaithe Mheiriceá go dtosófar ag buamáil na hIaráine arís mura mbeifear sásta leis an tslí a gcuirfear an comhaontú idir an dá thír i bhfeidhm.
Cé gur thug ceannairí an G7 “dul chun cinn” mór ar an réamhshocrú idir Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin, dúirt Trump go bhféadfadh nach socrú buan a bheadh ann.
Dúirt Trump gur “margadh an-láidir” a bhí sa socrú maidir le sos comhraic ach nach gá gurb é an socrú deiridh é.
“Mura dtaitníonn sé liom agus mura ndéanann siad iad féin a iompar go maith, fillfimid ar bhuamaí a ligean anuas caol díreach ar mhullach a gcinn,” arsa Trump.
Tá Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Iaráin le bualadh le chéile san Eilvéis chun an comhaontú síochána a shíniú.
Níl sonraí an mhargaidh ar fáil ach tá Trump ar a dhícheall ag iarraidh a chur ina luí ar dhaoine go mbeidh sé éagsúil ón margadh a dhein an t-iaruachtarán Barack Obama leis an Iaráin.
“Tá a fhios agat cad é a dhein na hIaránaigh. Bhíodar ag gáire faoi Obama agus dúradar gur dúr an mac an diabhail é,” a dúirt Trump.
Mhaígh sé gur socrú an-mhaith a bhí sa socrú nua leis an Iaráin.
“Níl a fhios ag aon duine cad é féin ach tá sé an-láidir. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil formhór daoine an-sásta.
“An dream atá an-sásta ar fad ná lucht an mhargaidh agus níl aon ní chomh glic leis an margadh.”
De réir an chur síos a rinne Trump Dé Domhnaigh seo caite ar an socrú is é atá i gceist ná sos comhraic agus margadh chun Caolas Hormuz a oscailt ar fad ar feadh 60 lá agus gealltanais ón dá thaobh go dtosófar ag caint faoina bhfuil i ndán do chlár núicléach na hIaráine.
Tuairiscítear go gcuirfear tús le babhta nua idirbheartaíochta idir an dá thír Dé hAoine, an lá céanna a shíneofar an socrú.
I ráiteas ó thíortha an G7 – SAM, Ceanada, an Ríocht Aontaithe, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil agus an tSeapáin – dúradh go rabhthas ullamh chun tacú le cur i bhfeidhm an tsocraithe.
Fág freagra ar '‘Mura dtaitníonn sé liom, ligfimid buamaí anuas caol díreach ar mhullach a gcinn arís’ – bagairtí á ndéanamh ag Trump in ainneoin socruithe'