FÉILTE
Féile Róise Rua in Árainn Mhór an deireadh seachtain seo
Cuireadh tús le Féile Róise Rua tráthnóna aréir (Déardaoin) agus beidh sí ar bun i gcaitheamh an deireadh seachtaine ar Árainn Mhór i nDún na nGall.
Déanann an fhéile comóradh agus ceiliúradh ar oidhreacht an amhránaí Róise Mhic Ghrianna (1879–1964), Róise na nAmhrán mar a b’fhearr aithne uirthi.
Tá agallamh a rinne sí le RTÉ i 1953 anseo.
Amhránaí ar an sean-nós a bhí i Róise Rua, a rugadh i Seascann an Róin in aice leis an Chlochán Liath sa mbliain 1879. I ndiaidh dá hathair bás a fháil, phós a máthair (arbh as Árainn Mhór di) Antain Ó Gallachair, agus chuaigh siad chun cónaí ar an oileán. Is ann a chaith sí an chuid is mó dá saol ina dhiaidh sin.
Chuaigh Seán Ó hEochaidh ó Choimisiún Béaloidis Éireann chomh fada léi sa mbliain 1953 le hamhráin a bhailiú uaithi agus cóiríodh na taifeadtaí sna 1990idí. Tá cur síos ar rogha as na hamhráin sa leabhar Róise na nAmhrán: Songs of a Donegal Woman atá in eagar ag Cathal Goan.
Tuilleadh eolais agus clár na féile anseo.
Féile Jimí Mháirí Bhillí ag ceiliúradh 25 bliain
Tá clár Fheis Thoraí agus Féile Jimí Mháirí Bhillí fógartha agus iad ag ceiliúradh 25 bliain ar an bhfód. Féile bhliantúil í a dhéanann ceiliúradh ar oidhreacht shaibhir amhránaíochta Thoraí, agus a dhéanann comóradh ar oidhreacht an amhránaí áitiúil, Jimí Mháirí Bhillí Ó Dubhgáin. Beidh an fhéile ar bun ón 22-24 Bealtaine, 2026.
Cuirfear an oscailt oifigiúil ar bun i nGailearaí Dixon ar an Aoine an 22 Bealtaine ag 7.30pm le Breanndán Ó Beaglaoich agus Aela Ní Ghaoithín. Cuirfear oíche cheoil ar bun ina dhiaidh sin san Óstán le Maitiú Ó Casaide agus Muintir Chois Fharraige.
Ar an Satharn, beidh ceardlann damhsa le Bríd Nansaí ag meán lae san Ionad Pobail, agus comórtais aithriseoireachta agus amhránaíochta ag a 2pm. San oíche Dé Sathairn, cuirfear céilí agus ceol ar bun san Óstán le Clann Sonaí agus Ceoltóirí Thoraí.
Tuilleadh eolais agus clár na féile ar an leathanach Facebook seo.
DRÁMAÍOCHT

Duaiseanna na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta bronnta
Bronnadh duaiseanna ar bhuaiteoirí na Féile Náisiúnta Scoildrámaíochta ag ócáid bhronnta speisialta ar an Déardaoin N 7 Bealtaine 2026 in Ionad an Chlasac, Cluain Tarbh, Co. Átha Cliath.
Léiríodh breis agus dhá scór dráma ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta 2026, a reáchtáladh in Ionad Ealaíon an Mhuilinn Chearr, i gcontae na hIarmhí, an tseachtain deiridh de mhí Aibreáin.
Bhí an-rath ar an bhféile agus réimse leathan léirithe ar stáitse, idir dhrámaí, cheoldrámaí, shaothair aitheanta agus drámaí nua-scríofa. Bhí bunscoileanna, iar-bhunscoileanna agus ógeagrais páirteach sna comórtais.
Tá liosta iomlán na mbuaiteoirí ar fáil ar shuíomh idirlín na Féile Scoildrámaíochta anseo.
CEOL
Gradaim NÓS á mbronnadh an deireadh seachtaine seo
Beidh beocht agus éagsúlacht cheol Gaeilge an lae inniu le feiceáil ag Gradaim NÓS 2026 i The Black Box i mBéal Feirste Dé Sathairn beag seo, an 16 Bealtaine.
Tá breis agus 40 ceoltóir agus banna ar an ngearrliosta i mbliana, agus ainmniúcháin as réimse leathan seánraí ó hip hap agus rac-cheol go ceol traidisiúnta agus popcheol.
I measc na n-ealaíontóirí a bheidh ag casadh san oíche tá Doimnic Mac Giolla Bhríde, Amano, Eve Belle, Cúán de Búrca agus hHH, chomh maith le Súil Amháin agus Ushmush.
Osclófar na doirse ag 19.30pm agus cuirfear tús leis an ócáid ag 20:00.
Tá tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.
Cóisir Cheoil ag tóraíocht na n-amhrán Gaeilge is fearr
Mar chuid de chomóradh céad bliain RTÉ, tá Cóisir Cheoil le Dónall Mac Ruairí ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ag lorg na n-amhrán Gaeilge is fearr lena n-éisteoirí.
Tá an clár ag lorg moltaí na n-éisteoirí le liosta den 30 amhrán Gaeilge is fearr leis na Gaeil a chur le chéile. Déanfaidh painéal moltóirí scagadh ar na moltaí agus fógrófar an liosta ó 30 go 11 ar Cóisir Cheoil le linn mhí an Mheithimh. Ansin, ar an 23 Meitheamh, craolfar eagrán speisialta den Chóisir Cheoil le Ceolfhoireann Choirme RTÉ áit a nochtfar na hamhráin ó 10 – 1.
Tá go dtí an 10 Meitheamh ag éisteoirí chun an traic is fearr leo a chur ar aghaidh.
Le do mholadh a chur san áireamh, téigh chuig rte.ie/amhránRnaG

Camchuairt Éireannach ag Alan Stivell
Beidh an ceoltóir agus cláirseoir Briotánach Alan Stivell ag teacht go hÉirinn an mhí seo le trí cheolchoirm a thabhairt i mBaile Átha Cliath, i nGaillimh agus i gCorcaigh agus é ag ceiliúradh 60 bliain den cheol.
Bhí tionchar mór ag Stivell ar athbheochan cheol na Briotáine agus ar fhorbairt an cheoil Cheiltigh nua-aimseartha in Éirinn. Beidh sé ar stáitse san Ambassador i mBaile Átha Cliath ar an 25 Bealtaine, in Eaglais San Nioclás i nGaillimh ar an 26 Bealtaine, agus i Live at St Luke’s i gCorcaigh ar an 27 Bealtaine. Is í seo a chéad chamchuairt mhór timpeall na hÉireann le blianta fada.
Ticéid do sheónna na Gaillimhe agus Bhaile Átha Cliath ar Ticketmaster agus ticéid don cheolchoirm i gCorcaigh ar Eventbrite.
Fág freagra ar 'CULTÚR: Cóisir Cheoil sa tóir ar na hamhráin Ghaeilge is fearr, Gradaim NÓS, duaiseanna na Féile Scoil Drámaíochta, Féile Róise Rua, Féile Jimí Mháirí Bhillí '