Géarchéim na tithíochta sa nGaeltacht chun cinn i bhfeachtais iarrthóirí i nGaillimh Thiar

I gConamara a sheol na Daonlathaithe Sóisialta plean nua do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht inné

Géarchéim na tithíochta sa nGaeltacht chun cinn i bhfeachtais iarrthóirí i nGaillimh Thiar

Tá straitéis náisiúnta tithíochta agus pleanála don Ghaeltacht, tuilleadh tithíochta inacmhainne agus scéimeanna ar leith don Ghaeltacht i measc spriocanna atá leagtha amach ag na Daonlathaithe Sóisialta i bplean tithíochta nua an pháirtí don Ghaeltacht.

An t-iarrthóir fothoghcháin i nGaillimh Thiar, Míde Nic Fhionnlaoich, agus an Teachta Dála Rory Hearne a sheol an plean ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara inné.

Dúirt Nic Fhionnlaoich go bhfuil an easpa tithíochta inacmhainne sa nGaeltacht ag cruthú géarchéime do phobal na Gaeltachta agus do thodhchaí na teanga.

“Ní féidir linn glacadh le bánú na Gaeltachta agus caithfidh muid a dhéanamh cinnte go bhfuil an chéad ghlúin eile in ann teach a fháil agus saol a bheith acu anseo.”

Deirtear i bplean na nDaonlathaithe Sóisialta gur chóir beartas náisiúnta tithíochta a fhorbairt maidir le pleanáil tithíochta agus forbartha i gceantair Ghaeltachta “mar bhonn práinne”. Deirtear freisin gur chóir treoirlínte pleanála a fhorbairt ina dtabharfar “aird ar an dualgas reachtúil atá ar na húdaráis áitiúla an Ghaeilge a chaomhnú mar theanga phobail”.

Agus é ag labhairt ar RTÉ oíche Dé Domhnaigh, dúirt an Seanadóir Seán Kyne ó Fhine Gael, iarrthóir eile i bhfothoghchán Ghaillimh Thiar, go raibh sé ráite ag an Aire Stáit do chúrsaí pleanála, John Cummins, go raibh ráiteas náisiúnta do chúrsaí pleanála sa nGaeltacht le foilsiú ag an rialtas roimh dheireadh na bliana seo.

Deirtear i bplean tithíochta an rialtais, a foilsíodh mí na Samhna anuraidh, gur sa chéad leath de 2027 a d’fhoilseofaí an ráiteas Gaeltachta, beart atá le teacht in áit na dtreoirlínte pleanála a gealladh le fada.

Agus é ag labhairt ar an gclár The Week in Politics, áfach, mhaígh an Seanadóir Kyne gur dhúirt an tAire Stáit Cummins leis go mbeadh an ráiteas pleanála don Ghaeltacht foilsithe roimh dheireadh na bliana seo.

Dúirt an Seanadóir Kyne go mbeadh “ról lárnach” ag Údarás na Gaeltachta sa scéal i gcomhar le hUisce Éireann agus na húdaráis áitiúla chun seirbhísí fuíolluisce agus a leithéid a chur ar fáil.

I plean na nDaonlathaithe Sóisialta do chúrsaí tithíochta sa nGaeltacht, deirtear gur chóir go mbeadh “cumhachtaí soiléire” ag an Údarás maidir le cúrsaí tithíochta agus go mbeadh cead aige “talamh a cheannach, agus suíomhanna seirbhísithe a fhorbairt agus a dhíol le cainteoirí Gaeilge.”

Deir na Daonlathaithe Sóisialta go bhfuil níos mó tithíocht inacmhainne ag teastáil sa nGaeltacht agus dá mbeadh siadsan sa rialtas go socródh siad sprioc maidir le líon na dtithe inacmhainne a bheadh le cur ar fáil i gceantair Ghaeltachta agus go dtacódh siad “le bunú comharchumann tithíochta Gaeilge nua, chun scéimeanna tithíochta inacmhainne nua a thógáil do chainteoirí Gaeilge amháin”.

Tá an páirtí freisin i bhfabhar an scéim deontas tithíochta Gaeltachta a thabhairt ar ais chun tacú le daoine tithe a thógáil agus scéim eile ar nós na scéime ‘Réidh le Tógáil’ atá ann faoi láthair a dhearadh, dírithe ar cheantair tuaithe Ghaeltachta.

Sheol Pobal Seachas Brabús polasaí nua don Ghaeilge le gairid freisin agus moltaí ann maidir le cúrsaí tithíochta sa nGaeltacht.

Deirtear ann gur chóir don stát clár tógála tithíochta a chur i bhfeidhm sa nGaeltacht chun go mbeadh cainteoirí dúchais in ann fanacht ina gceantar féin go fadtéarmach.

Deirtear chomh maith gur chóir go mbeadh cainteoirí dúchais agus daoine atá ag iarraidh a bheith ag obair agus ina gcónaí sa nGaeltacht ar bharr na liostaí tithíochta sa nGaeltacht.

Eoghan Ó Ceannabháin, iarrthóir an pháirtí i bhfothoghchán Bhaile Átha Cliath Láir a sheol an polasaí nua.

Deirtear ann gurb é “an caipitleachas an dúshlán is bunúsaí agus is mó a thugtar do chainteoirí Gaeilge, thuaidh agus theas”.

Molann Pobal Seachas Brabús go gcuirfí “deireadh le heaspa maoinithe Gaeilge agus le gortmhaoiniú phobal na nGaeltachtaí”.

Fág freagra ar 'Géarchéim na tithíochta sa nGaeltacht chun cinn i bhfeachtais iarrthóirí i nGaillimh Thiar'