Beidh áit speisialta ag Gráinne Uí Mhaitiú inár gcroí go deo

Gach seachtain cuireann scríbhneoirí éagsúla ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc

Beidh áit speisialta ag Gráinne Uí Mhaitiú inár gcroí go deo

Chuala muid an tseachtain seo go bhfuil Gráinne Uí Mhaitiú, a bhí ar dhuine de na láithreoirí ba mhó a raibh aithne orthu ar an gclár Bosco, imithe ar shlí na fírinne agus í 72 bliain d’aois.

Éinne a d’fhás aníos in Éirinn sna 1980idí, cuimhneoidh siad ar ghlór Bhoscó agus é ag fógairt go mífhoighdeach, “Tá sé sin UAFÁSACH, Gráinne!”

Bhí an clár ina chuid den saol gach lá ag páistí ar fud na hÉireann, agus ráitis an phuipéid de ghlanmheabhair acu. Bhíodh sé ar an teilifís i ndiaidh na scoile agus is iomaí gasúr a bhíodh ag deifriú abhaile le breathnú air. Bhí mé féin ina measc.

Bhí Bosco ar RTÉ ó 1979 go 1987, agus leanadh air á athchraoladh ina dhaidh sin. Agus an scéala brónach faighte an tseachtain seo faoi bhás Ghráinne, tugadh go leor againn siar bóithrín na smaointe go dtí na laethanta agus muid cumhdaithe isteach sa seomra suí os comhair na teilifíse i ndiaidh na scoile.

Nuair a chuala mé an scéala, chuimhnigh mé siar ar lá agus mé i rang a trí sa bhunscoil, mé féin agus an buachaill a bhí ina shuí in aice liom ag caint ar Bhoscó. Ag sáraíocht ar a chéile a bhí muid i ndáiríre, ag iarraidh a dhéanamh amach cé againn ab fhearr a raibh eolas againn ar Bhoscó… Cén uimhir is fearr leis? Cúig. Cén dath is fearr leis? Glas!

Is deacair a chreidiúint go bhfuil sí imithe. I m’intinnse, tá sí fós ina bean óg agus í lán foighne leis an bpuipéad beag mífhoighneach. Nuair atá muid inár ngasúir, measann muid nach bhfuil saol ar bith eile ag na láithreoirí, na múinteoirí, agus go deimhin ár dtuismitheoirí féin scaití.

Mar a scríobh John Spillane ina amhrán álainn cumhach Magic Nights in the Lobby Bar, ‘we were children and our mothers were young / and fathers were tall and kind’.

Inár n-intinn beidh siad i gcónaí mar atá siad, óg agus foighneach, réidh le barróg a bhreith ort nó focal misnigh a thabhairt duit, iad cineálta agus bríomhar.

Ag breathnú siar anois, tá sé éasca a fheiceáil cén fáth a raibh an oiread sin ceana ag gasúir ar Ghráinne. Bhí sí lách, cineálta agus lán le spraoi. Craoltóir den scoth ab ea í, i nGaeilge agus i mBéarla, agus chuireadh sí an clár SBB ina Shuí i láthair le Seán Bán Breathnach chomh maith.

Bíonn cion ar leith againn ar na leabhair, na cláir agus an ceol a chloisimid inár dtimpeall agus muid óg. Mar atá scríofa sa mBíobla,: ‘Déan an leanbh a oiliúint sa bhealach is dual dó, agus nuair a rachaidh sé in aois ní thréigfidh sé é.’

I gcaitheamh na mblianta, aimsíonn muid ár mbealach féin ar chosán an tsaoil, ach is iad na cláir, an ceol agus na leabhair sin ónár n-óige a mhúnlaíonn an dearcadh atá againn ar an saol, agus bíonn áit speisialta inár gcroíthe acu go deo.

Is mar sin atá sé le Bosco, agus Gráinne Uí Mhaitiú imithe ar shlí na fírinne, fágann sí oidhreacht mhór chultúrtha ina diaidh.

Bhí éascaíocht, croí, foighne agus cineáltas san oidhreacht a d’fhág Gráinne ag páistí na hÉireann, agus beidh áit speisialta aici inár gcroí dá bharr. Trócaire léi.

Fág freagra ar 'Beidh áit speisialta ag Gráinne Uí Mhaitiú inár gcroí go deo'