An bhfuil bláth ag teacht ar imirt fhoirne rugbaí na gCúigí agus muid ag druidim le deireadh an tséasúir rugbaí seo? B’in a rith liom agus mé ag breathnú ar shár-imirt na gceithre Chúige i mBabhta 15 den URC.
Ba dheacair imirt chomh snasta, eagraithe agus tomhaiste agus a chonaic muid uathu a shamhlú. Cé go raibh Cúige Uladh agus Cúige Laighean i gcoinne a chéile, bhí an cluiche drámatúil ó thús go deireadh, sular thug na curaidh, Cúige Laighean, an lá leo. B’in toradh nach raibh súil ag mórán leis. Bhí toradh dochreidte eile i gCape Town na hAfraice Theas agus na Connachtaigh ag aimsiú lánphointí i gcoinne na Stormers. Ansin thug na Muimhnigh taispeántas iontach rugbaí uathu agus iad ag tabhairt greadadh do Benetton san Iodáil.
Sea, ar fhianaise imirt an deireadh seachtaine seo caite tá rugbaí na gCúigí breá folláin. Ach an mbeidh áit dóibh ar fad i mbabhtaí ceathrú ceannais chomórtas an URC? Níl acu anois ach trí chluiche chun an sprioc sin a chinntiú.
Cúige Chonnacht, foireann atá sa naoú háit ar an tábla, an chéad fhoireann ón tír seo a bheas ag dul chun páirce i mBabhta 16 inniu agus iad ag imirt ar thalamh ard in Johannesburg i gcoinne na Lions, foireann atá sa gceathrú háit. Is fiú a mheabhrú go raibh bearna den chineál céanna ar an tábla idir na Connachtaigh agus na Stormers an Satharn seo caite. Is léir gur beag spéis a chuir foireann na Gaillimhe sa bhfíric sin agus iad bua, 33-24, acu. Caithfidh siad é a dhéanamh arís inniu, rud nach mbeidh ró-éasca, go háirithe agus foláireamh tugtha ag na Lions dóibh maidir le cumas na gConnachtach.
Sea, tá cluiche crua eile roimh na gcuairteoirí, ach cá bhfuil an té nach dtabharfadh seans dóibh?
Seans gur i Luimneach a bheas cluiche an deireadh seachtaine sa dearbaí idirchúige idir Cúige Mumhan, foireann atá sa séú háit agus Cúige Uladh atá sa gcúigiú háit. Ní scarann ach pointe amháin an dá fhoireann seo agus iad ag iarraidh buntáiste baile sna babhtaí ceathrú ceannais a chinntiú. Má chailleann na Muimhnigh beidh siad i mbaol titim amach as leath uachtair an tábla.
Is fiú a lua gur chas na foirne seo ar a chéile i mBabhta 9 nuair a thug Cúige Uladh léasadh 28 – 3 do Chúige Mumhan. Ach tháinig an t-athrú agus an feabhas a raibh gá ag na Muimhnigh leis ón lá sin agus chaill Cúige Uladh an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin tá na hUltaigh cráite le himreoirí gortaithe faoi láthair. Is cinnte go bhfuil an t-uafás ag brath ar thoradh an chluiche seo. Tá drogall orm toradh a thuar!
Malairt scéil atá ann maidir le cluiche na hoíche anocht san Iodáil idir Cúige Laighean, foireann atá sa tríú háit agus Benetton, dream atá sa tríú háit déag. Cé go bhfuil siad ag imirt as baile agus go bhfuil siad ag réiteach freisin do chluiche leathcheannais Chorn na gCuradh i gcoinne Toulon faoi cheann seachtaine, táim ag tuar bua d’fhoireann Leo Cullen.
Ach ní stopann rugbaí leis an URC amháin an deireadh seachtain seo. Anocht beidh mná na hÉireann i gcoinne na Fraince sa tríú cluiche i gcomórtas Sé Náisiún an bliana seo. Seachas a bheith ag imirt i gcoinne na Sasanach, ba dheacair dúshlán níos mó ná an ceann atá roimh fhoireann na hÉireann agus iad i gcoinne na bhFrancach agus iadsan sa mbaile a shamhlú. Ainneoin an bua iontach a bhí acu ar an Iodáil ar an mBóthar Beag seachtain ó shin ábhar iontais a bheas ann má thugann siad aon phointe leo as an gcoimhlint seo.
Ansin amárach, beidh craobh chluichí chomórtas an AIL á himirt san Aviva. Sa gcéad chluiche, craobh na mban, beidh UL Bohemian ar thóir a dtríú teideal as a chéile agus iad i gcoinne Blackrock. Sa dara cluiche, craobh na bhfear, beidh curaidh reatha an chomórtais Cluain Tarbh ag iarradh an ceann is fearr a fháil ar Choláiste Naomh Muire.
Fág freagra ar 'Na cúigí ag bláthú roimh dhearbaí idirchúige i Luimneach'