Déanfaidh an AI cothrom na Féinne a chothú, nó a scrios

Braitheann tionchar AI uile orainne – ar na cinntí a dhéanaimid inniu, agus ar an tsochaí a roghnaímid a thógáil don am atá le teacht

Déanfaidh an AI cothrom na Féinne a chothú, nó a scrios

Tá imní mhór ann, sa saol acadúil, san ionad oibre agus i réimse na polaitíochta go ginearálta, faoin Intleacht Shaorga (AI) agus a tionchar – fiú bagairt – ar shaol an lae inniu is saol an lae atá le teacht.

Ach cuimhnigh, má chruthaíonn tú teicneolaíocht nua, tá sé cruthaithe agus níl aon dul siar air, mar a fuair na Luddites amach na blianta ó shin.

Tá Éire ina seasamh ag crosbhóthar stairiúil. Bíodh muid ar a son nó ná bíodh, tá an Intleacht Shaorga (IS) ag athrú gnéithe bunúsacha de shaol an oibrí, an mhic léinn agus an ghnáthshaoránaigh.

Agus í ar thús cadhnaíochta na hEorpa ó thaobh na hinfheistíochta teicneolaíochta de, tá ceisteanna móra le freagairt ag an tír seo: An bhfágfar an IS ina huirlis ag lucht an rachmais amháin, nó an mbainfidh an pobal iomlán leas aisti? Agus thar aon ní eile – an gcabhróidh sí linn, nó an ndéanfaidh sí dochar nach féidir a leigheas?

Is í an chéad cheist ná cúrsaí fostaíochta. Is léir go mbeidh tionchar nach beag ag an Intleacht Shaorga ar an margadh fostaíochta. Baineann an scéal le breis is leath d’earnálacha uile na tíre.

Ach ní hionann tionchar agus díothú – i gcás leath na n-earnálacha sin, is dócha go dtiocfaidh feabhas ar ráta táirgiúlachta oibrithe, go háirithe i measc dlíodóirí agus bainisteoirí.

Ach don leath eile, tá an baol ann go gcaillfear poist go buan. I measc na ndaoine is mó atá i mbaol tá ríomhchláraitheoirí agus teicneolaithe saotharlainne, ach go híorónta, is iad na hoibrithe ard-oilte agus mná is mó a bheidh thíos leis an réabhlóid seo.

Sampla suntasach is ea cás 400 oibrí de chuid Covalen i mBaile Átha Cliath, a cuireadh ar an airdeall le déanaí go bhféadfaidís a bpoist a chailleadh faoi dheireadh na bliana de bharr IS. Oibríonn an comhlacht sin do Meta, agus is léir nach bhfuil anseo ach an tús. Tá an patrún ag teacht chun solais: nuair a thagann teicneolaíocht nua isteach, is í an chéad úsáid a bhaintear aisti go minic ná gearradh siar ar chostais saothair.

Ach ní drochscéal ar fad atá ann. Má infheistíonn Éire go stuama i mbonneagar na hIntleachta Saorga – mar atá molta ag roinnt saineolaithe faoin gcoincheap ‘IS Cheannasach’ – d’fhéadfaí éiceachóras nua fiontraíochta a chruthú. D’fhéadfaí poist nua ar ardchaighdeán a ghiniúint agus infheistíocht idirnáisiúnta a mhealladh.

Ach tá lúb ar lár ann. Mura ndéantar na brabúis a roinnt go cothrom, beidh an teicneolaíocht nua ina huirlis eile chun an bhearna idir saibhir agus daibhir a leathnú.

Ar an taobh eile den scéal, tá gealltanas mór ag baint le IS i réimse an oideachais. Tá mic léinn ar nós Eoghan Collins, a d’fhorbair aip darb ainm StudySmith, ag baint leas as IS mar chompánach staidéir. Is féidir leis na huirlisí seo cabhrú le nótaí a struchtúrú, cláir staidéir phearsanta a chruthú, agus smaointe tosaigh a ghiniúint.

Sea, tá an baol ann go mbeadh mic léinn ag brath an iomad ar an teicneolaíocht, go gcaillfeadh siad an cumas smaointeoireacht chriticiúil a dhéanamh, agus go ndéanfadh siad dearmad ar bhunphrionsabail na hacadúlachta.

Tá an tAcht Eorpach um Intleacht Shaorga tagtha i bhfeidhm mar chreat rialála, ach ní leor é sin. Tá gá le gníomhaíocht bhreise. Tá gá le córais oiliúna a dhíríonn ar scileanna amhail smaointeoireacht chriticiúil, cruthaitheacht, agus obair foirne – scileanna nach féidir le IS a mhacasamhlú go héasca.

Agus tá gá le rannpháirtíocht ghníomhach ó chainteoirí Gaeilge i bhforbairt na teicneolaíochta seo, lena chinntiú nach ndéanfar droch-chaighdeánú ar an teanga trí IS. Agus thar aon ní eile, tá gá le cinneadh náisiúnta faoi cé a rialaíonn an teicneolaíocht agus cé a bhaineann leas aisti.

Tá an deis ag Éirinn a bheith ina ceannaire domhanda in úsáid eiticiúil na hIntleachta Saorga. Ach caithfimid cinntí a dhéanamh anois. Mar a dúirt an tAire Stáit Niamh Smyth le gairid, is féidir le IS feabhas a chur ar an iomaíochas i gcúrsaí fiontraíochta agus ar sheachadadh seirbhísí poiblí. Ach ní tharlóidh sé sin de thaisme. Ní tharlóidh sé sin ach amháin má roghnaíonn muid é a dhéanamh.

Ní fios arb é ár leas ná ár n-aimhleas a dhéanfaidh an Intleacht Shaorga. Is féidir léi cothrom na Féinne a chothú, nó is féidir léi é a scrios. Is féidir léi an Ghaeilge a shábháil, nó is féidir léi an teanga a chaitheamh i dtraipisí na linne seo. Is féidir léi poist nua a chruthú, nó is féidir léi na poist atá ann a dhíothú. Braitheann sé ar fad orainne – ar na cinntí a dhéanaimid inniu, agus ar an tsochaí a roghnaímid a thógáil don am atá le teacht.

Má fhágann muid i lámh lucht an rachmais é, beidh muid thíos leis, ach má riarann muid ar bhonn sóisialta é, i lámha an stáit, bainfimid buntáistí as.

Fág freagra ar 'Déanfaidh an AI cothrom na Féinne a chothú, nó a scrios'