Tá Puisín na mBróg, athinsint Fhearghais Mhic Lochlainn ar an síscéal cáiliúil, ainmnithe do Ghradam Leabhair Pháistí Éireann 2026. Is é an t-aon leabhar Gaeilge atá ar an bhfadliosta.
Tá seacht leabhar déag ar fad ar an liosta, a roghnaíodh as 151 leabhar a léigh na moltóirí i mbliana. Tá leabhar Béarla de chuid Laureate na nÓg, Patricia Forde, a bhíonn ag scríobh i nGaeilge freisin, ar an liosta – Letters to a Monster.
Is é Puisín na mBróg an tríú leabhar sa tsraith seo ó Futa Fata ina ndéantar athinsint i bhfoirm filíochta ar sheanscéalta cáiliúla. Is é Fearghas Mac Lochlainn a scríobh an chéad leabhar sa tsraith, An Slipéar Gloine, agus is í Áine Ní Ghlinn a scríobh Na Trí Mhuicín.
Tá an-aithne ar Mhac Lochlainn mar fhear Oireachtais agus is iomaí duais atá buaite aige ar an ardán dá chuid amhrán, lúibíní, agus agallamh beirte. Tá an “ceol agus rithim na filíochta ag croílár” na hinsinte, dar le léirmheastóir Leabhair Pháistí Éireann, agus “bua na véarsaíochta” atá ag Mac Lochlainn ina leabhar.
Is é an t-ealaíontóir Paddy Donnelly a rinne na léaráidí don leabhar, mar a rinne sé don dá leabhar eile sa tsraith. Is Éireannach é Donnelly ach tá sé ina chónaí sa Bheilg anois. Tá roinnt mhaith leabhar maisithe aige do Futa Fata i gcaitheamh na mblianta.
Fógrófar an gearrliosta do Ghradaim Leabhair Pháistí Éireann ar an 4 Feabhra 2026 in Ionad Ealaíon an Chorráin i mBéal Feirste. Is é an craoltóir Rick O’Shea a bheidh ina fhear an tí ar an lá agus beidh an scríbhneoir Kelly McCaughrain ina haoi ag an ócáid. Beidh fógairt na n-ainmniúchán á sruthú beo ar líne idir 13:30 agus 14:30 ar an lá.
Bunaíodh Gradaim Leabhair Pháistí Éireann sa bhliain 1990 agus is iad na gradaim leabhar do pháistí is mó sa tír. Deir an eagraíocht go n-aithnítear tríd na gradaim “feabhas” na leabhar do pháistí ó scríbhneoirí agus maisitheoirí Éireannacha agus go dtugtar ómós dóibh. Tá duaischiste €16,000 ar fáil do na gradaim agus tugtar duaiseanna i sé rannóg: Leabhar na Bliana; Gradam Onóra don Fhicsean; Gradam Onóra don Mhaisiú; Gradam Eilís Dillon d’údar nua; Gradam Speisialta na Moltóirí; agus Gradam Speisialta na Moltóirí Óga.
Fógrófar an gearrliosta i mí Feabhra, beidh deis ag na moltóirí óga a vótaí a chaitheamh go dtí an 12 Bealtaine, agus bronnfar na gradaim ag Féile Idirnáisiúnta Litríochta Bhaile Átha Cliath ar an 18 Bealtaine.
Fág freagra ar '‘Puisín na mBróg’ ainmnithe do Ghradam Leabhair Pháistí Éireann'