Os cionn €500,000 ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do chumainn spóirt i nDún na nGall

Agus an maoiniú fógartha aige, dúirt an tAire Calleary go raibh ‘nasc tábhachtach’ idir an spórt agus an Ghaeilge sa nGaeltacht

Os cionn €500,000 ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do chumainn spóirt i nDún na nGall

Tá maoiniú ar fiú breis is leathmhilliún euro é fógartha ag Aire na Gaeltachta chun tacú le trí cinn de thograí spóirt i nGaeltacht Dhún na nGall.

Is fiú €508,872 uile na deontais a cheadaigh an tAire Dara Calleary chun áiseanna nua a thógáil agus chun athchóiriú a dhéanamh ar áiseanna atá ann.

Is do Chumann Gailf Chloich Cheann Fhaola ar an bhFál Carrach a ceadaíodh an deontas is mó agus suas le €327,561 le bronnadh chun clubtheach nua a thógáil. Beidh oifig, seomraí feistis, seomraí stórála, taisceadáin, spás sóisialta, cistin, beár agus leithris sa chlubtheach nua.

Tá deontas ar fiú suas le €116,894 é ceadaithe do CLG Chill Charthaigh chun seomraí feistis nua a thógáil don pháirc traenála atá acu. Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCill Charthaigh in 2026 agus áiseanna breise ag teastáil chun freastal ar an líon mór foirne a bheidh ag triall ar an Tamhnaigh don deireadh seachtaine sin.

Is do Club Sacair Ruagairí an Chéididh in Ailt an Chorráin a ceadaíodh an tríú deontas de €64,417 chun seomraí feistis agus seomra réiteora a athchóiriú.

Agus an maoiniú fógartha aige, dúirt an tAire Calleary go raibh “nasc tábhachtach” idir an spórt agus an Ghaeilge sa nGaeltacht agus go bhfuil “ról lárnach ag cumainn spóirt sa phróiseas pleanála teanga”.

“Is samplaí maithe iad na tograí seo den chineál cúnaimh caipitil atá ar fáil faoin Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga do ghrúpaí agus d’eagraíochtaí Gaeltachta agus tá mé cinnte go mbeidh muintir na háite, idir óg is aosta ábalta leas a bhaint as na háiseanna éagsúla a bheas ann mar thoradh an mhaoinithe seo.”

Fág freagra ar 'Os cionn €500,000 ceadaithe ag Aire na Gaeltachta do chumainn spóirt i nDún na nGall'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Dea-scéal cinnte ach an bhfuil coinneál gaeilge leis na deontais seo??
    An bhfuil dualgas ar an rialtas cigireacht a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil an ghaeilg a chuir chun tosaigh chomh maith? Ar cheart iarrataisí gaeltachta a dhiúltiú muna bhfuil siad déanta trí mheán na gaeilge? Nár cheart d’iarrthóirí gaeltachta fianaise a thabhairt faoi úsáid agus tábhacht na gaeilge mar theanga cumarsáide san eagras s’acu agus go ndéantar iniúchú gan choinne orthu sula dtugtar aon airgead daofa?
    Tá géarghá an phobal taobh amuigh de shuíomh na scoile a spreagadh leis an ghaeilg a úsáid – é sin nó tosaigh ag foghlaim an pholainnis nó tá níos mó de chainteoirí polainnise sa tír seo anois ná mar atá de chainteoirí gaeilge…mó léan..

  • Carraig

    Ba cheart sciar maith mór de sin a thabhairt do Naomh Muire Íochtar na Rosann, Ó Searcaigh, Oifigeach Cultúir, a athfhostú AGUS ardú céime is tuarastail a thabhairt dó.
    Ó, mo dhearmad, leithscéal a ghabháil leis.