Baol ann go ruaigfear Éireannaigh as Boston

Teastaíonn ó Donald Trump go gcuirfí ar leataobh an córas cosanta atá ag imirceoirí mídhleathacha in Boston

Baol ann go ruaigfear Éireannaigh as Boston

D’fhéadfadh go leor Éireannach – roinnt acu as an nGaeltacht – a bheith i mbaol príosúin agus a ruaigthe as na Stáit Aontaithe de bharr bagairt atá déanta ag an Uachtarán Donald Trump.

Teastaíonn ón Uachtarán go gcuirfí ar leataobh an córas cosanta atá ag imirceoirí mídhleathacha in Boston.  Sé Marty Walsh, an méara a bhí ar an gcathair san am úd, a chuir an tAcht ar a dtugtar an Trust Act i bhfeidhm in 2014.

Ach tá sé ráite anois le Méara Bhostúin, Michelle Wu, go gcuirfear na sluaite oifigeach inimirce isteach go Boston agus nach dtabharfar saoirse ná scíth do dhuine ar bith ansin atá sa tír go mídhleathach.

Déanfar é sin, a dúradh, mura gcaitheann an méara amach na socruithe tearmainn a bhaineann le himirceoirí mídhleathacha sa gcathair.

Fágann an ‘Trust Act’ nach bhfuil cead ag póilíní chathair Bhostúin ceist ná caidéis a chur ar dhuine ar bith faoin stádas cónaithe atá aige nó aici sna Stáit Aontaithe – sin mura bhfuil coir thromchúiseach i gceist.  Faoi stiúir na Comhairle Cathrach agus Mhéara na Cathrach atá na póilíní i gcathair Bhostúin.  Fágann an dlí cathrach seo freisin nach bhfuil dualgas ar phóilín ar bith cuidiú leis an áisíneacht náisiúnta ICE. [Immigration and Customs Enforcement] a chuireann an dlí maidir leis an inimirce i bhfeidhm sna Stáit Aontaithe.

Tá riar cathracha sna Stáit Aontaithe a bhfuil socruithe mar seo déanta acu d’imircigh – cathracha tearmainn nó ‘Sanctuary Cities’.  Creideann Trump go bhfuil an córas seo ag tabhairt tearmainn d’eachtrannaigh atá ina gcontúirt don phobal, agus go bhfuil sé in am deireadh a chur leis an gcosaint sin.

Bhí sé ina chaismirt focal idir Donald Trump agus Marty Walsh leathscór blianta ó shin faoin ábhar seo.  Ag fiach ar an Uachtaránacht a bhí Trump an uair úd.  Rinne Marty Walsh cosaint láidir ar an bpolasaí i leith imirceoirí a bhí acu i mBoston, agus dúirt nach raibh aon ghéilleadh le bheith ann.

Ach tá talamh níos láidre faoin Uachtarán Trump an iarraidh seo agus tá ordú oifigiúil tugtha ag Ard-Aighne Mheiriceá, Pam Bondi, go gcaithfí go leataobh na socruithe cosanta d‘imirceoirí mídhleathacha in Boston.

Ach, tá a cosa curtha i dtaca ag Michelle Wu, Méara Bhoston ar na saolta seo.

Tá caint thréan le cloisteáil ó chaon taobh ach théis a bhfuil feicthe ag daoine in Washington. D.C. tuigeann siad nach bhfuil leisce ar an Uachtarán a dhul i muinín an beartaíochta láidre; tá comhaltaí airm curtha ar dualgas ansin i gcuideachta na bpóilíní.    Tuigtear go bhfuil baill den chóras ICE in éineacht leo.

Tá sé ina imní anois go bhféadfadh a leithéid tarlú in Boston, príomhchathair neamhoifigiúil na nGael i Meiriceá.

Bheadh cúiseanna polaitiúla ag Trump.   Cé go dtarlaíonn sé anois agus aríst go gcuirfí isteach Gobharnóir Poblachtánach i Stát Massachusetts (Mitt Romney mar shampla) is Daonlathaigh a bhíonn í gcathaoir an Mhéara i mBoston, príomhchathair an Stáit i gcónaí.   Feictear Boston mar chathair ‘liobrálach’.  Is ann atá Ollscoil Harvard atá faoi ionsaí ag an Uachtarán Trump freisin.  Tá na billiúin dá gcoinneáil siar ó Harvard faoi láthair agus tá bagairt déanta ar Mhéara Bhoston go gcoinneofar tacaíocht fheidearálach as an lárchiste in Washington siar ón gcathair freisin mura ndéanfaidh siad comhairle an Uachtaráin.

Ach tá na bagairtí níos tromchúisí ná sin.

Cuirfear na céadta oifigeach ó I.C.E. – na póilíní imirce – isteach go Boston, a deir Trump.  Más mar sin é, béarfar ar go leor imirceach mídhleathach.  Tádar ann sna mílte ar chuid mhór cúiseanna, an Trust Act ar cheann de na cúiseanna sin.  Tá Éireannaigh go leor ina measc.

Bheadh sé cosamar 200 bliain ó thosaigh Éireannaigh ag triall ar Bhoston.  Chuadar ann ina mílte théis an Ghorta Mhóir.

B’as iarthar na hÉireann tromlach na n-imirceoirí go Boston agus go Massachusetts – i gcaitheamh an bhealaigh as Tír Chonaill síos go hiarthar Chorcaí.  Bhunaigh siad bunáiteanna dá gcuid féin, South Boston ar an gceann ba mhó cáil.  Fuaireadar smacht pholaitiúil ar Bhoston agus chuireadar Uachtarán go dtí an Teach Bán.

Rinne an Immigration and Nationality Act 1965 lagan ar na bealaí a bhféadfadh Éireannaigh a dhul go Meiriceá go dleathach.  Ach chuaigh na mílte daoine óga as an tír seo go Boston sna 1980idí agus gan cead oifigiúil oibre ná cónaithe acu.  Troideadh feachtais mhóra thall le súil agus go dtabharfaí stádas dleathach dóibh.

Bhí an-imní ann go ruaigfí Éireannaigh abhaile agus tharla beagán de sin.  Ach den chuid ba mhó, níor cuireadh aon bhrú mór orthu.

Tá cuid acu ansin i gcónaí.

Tá Boston ar an mbunáit is mó atá acu agus go traidisiúnta, bhíodh go leor daoine óga Gaeltachta ansin.  Níl le déanamh ach a dhul isteach i  gcuid de na pubanna Éireannacha sa gcathair is cloisfidh tú neart Gaeilge.

Ní go compordach a bheidh siadsan ag maireachtáil anois agus an fear is cumhachtaí i Meiriceá ag fiach ar Bhoston.

Fág freagra ar 'Baol ann go ruaigfear Éireannaigh as Boston'