An léas do chlós súgartha Dhún Chaoin sínithe

Tá beagnach ceithre bliana caite ó cinneadh an suíomh i gCeathrú an Fheirtéaraigh a thabhairt ar léas don chlós súgartha ar thalamh de chuid an OPW in aice le hIonad an Bhlascaoid

An léas do chlós súgartha Dhún Chaoin sínithe

Tá an léas do chlós súgartha Dhún Chaoin sínithe ag Oifig na nOibreacha Poiblí (OPW) agus Comhairle Contae Chiarraí. Dúirt an tAire Stáit Kevin ‘Boxer’ Moran go raibh sé sásta faoin scéal mar go raibh an spás spraoi “riachtanach” an cheantair.

“Tá lúcháir orm a bheith in ann cabhrú le pobal na háite i nDún Chaoin trí áiseanna a bhfuil géarghá leo a chur ar fáil. Tá sé riachtanach d’fhás agus d’fhorbairt na bpáistí go mbeadh spásanna súgartha acu. Tá mé ag súil leis an obair a chuirfidh tús le soláthar an chlóis súgartha do pháistí an phobail agus do na glúnta atá le teacht,” a dúirt Moran i ráiteas a d’eisigh a Roinn.

Tá beagnach ceithre bliana caite ó d’aontaigh an tAire Patrick O’Donovan in 2021, a raibh an OPW faoina chúram aige ag an am, an suíomh i gCeathrú an Fheirtéaraigh a thabhairt ar léas don chlós súgartha ar thalamh de chuid an OPW in aice le hIonad an Bhlascaoid.

Dúirt Comharchumann Dhún Chaoin le linn an tsamhraidh seo gur “cúis mhór díomá agus frustrachais” a bhí ann nár síníodh an léas in imeacht na mblianta ó rinne an t-iarAire O’Donovan an gheallúint sin agus go raibh an tionscadal i “mbaol mór”.

Tá cead pleanála agus deontas faighte don chlós súgartha le fada agus bailíodh os cionn €40,000 trí fheachtas tiomsaithe airgid le haghaidh an togra. Ba é síniú an léasa an t-aon bhac ar an togra, dar le Comharchumann Dhún Chaoin agus Scoil Naomh Gobnait, bunscoil an cheantair.

Dúirt an OPW i ráiteas a eisíodh an tseachtain seo go bhfuil “ríméad” orthu tacú leis an togra agus go mbeidh an clós súgartha ina “áis luachmhar” do phobal na háite.

Fág freagra ar 'An léas do chlós súgartha Dhún Chaoin sínithe'