Tá na Leoin fós ar thóir a ‘mojo’ féin agus an dara cluiche i gcoinne na hAstráile linn

Chuir na Leoin tús maith leis an gcéad chluiche an deireadh seachtaine seo caite ach is cinnte go mbeidh Joe Schmidt ag súil le tógáil ar an mborradh a bhí faoi na hAstrálaigh sa gcluiche sin

Tá na Leoin fós ar thóir a ‘mojo’ féin agus an dara cluiche i gcoinne na hAstráile linn

Tommy Freeman (Na Leoin) agus Joseph-Aukuso Suaalii (An Astráil). PIc: INPHO/Dan Sheridan

Dé Sathairn, 19 Iúil

An Astráil v Na Leoin – MCG, 11:00 (Beo ar Sky Sports)

Is cinnte gur chuir na Leoin an tús a bhí uathu leis an gcéad cheann de thrí mhórchluiche i gcoinne na nAstrálach seachtain ó shin. Cé gur theip orthu an bhearna dhá phointe dhéag nó níos mó a bhí á thuar ag na geallghlacadóirí roimh thús an chluiche, a aimsiú, is cinnte go raibh siad féin agus a lucht leanúna breá sásta bearna ocht bpointe a chlárú ach ar chríochnaigh an cluiche tar éis don dara leath a bheith i bhfad níos fisiciúla agus níos iomaíche ó na hAstrálaigh ná mar a bhí súil ag aon duine leis.

Ní raibh ach nóiméad imeartha ach ar aimsigh na Leoin trí phointe ó chic éirice. Idir sin agus deireadh an chéad leatha léirigh siad imirt a bhí snasta, eagraithe agus uaillmhianach agus iad ag trasnú líne an úid faoi dhó. Ní hamháin sin ach bhí mí-ádh orthu nár éirigh leo trí úd eile a aimsiú.

Ach i leaba brú chun cinn sa dara leath mar a bhí súil ag chuile dhuine leis, d’ardaigh na Wallabies an ráta oibre agus fisiciúlachta agus d’aimsigh siad dhá úd agus ceithre phointe dhéag sa dara ceathracha nóiméad i gcomparáid lesin is na deich bpointe a fuair na Leoin. D’fhág gur acu a bhí an momentum ag deireadh an chluiche, in ainneoin nár bhuaigh siad.

Is cinnte go mbeidh Joe Schmidt ag súil le tógáil ar an mborradh sin sa dara mór-chluiche i Melbourne ag 11.00 maidin amárach. Cuimhnigh freisin go bhfuil fáil arís ag na hAstrálaigh ar Will Skelton agus Rob Valetini, beirt tosaithe ollmhóra a chuirfidh go mór lena gcumhacht sa bpaca.

Maidir le himirt an aon imreoir déag ón tír seo a chuir Farrell chun páirce sa gcéad mhórchluiche, is tuairisc mheasctha atá le ríomh agam daoibh. Bhí Tadhg Furlong, Dan Sheehan, Joe McCarthy agus Tadhg Beirne, laoch na himeartha, thar barr ar fad sna tosaithe, díreach mar a bhí Jamison Gibson-Park, James Lowe agus Hugo Keenan sna cúlaithe, sin go dtí gur thóg Farrell den pháirc iad. D’imir Jack Conan agus Bundee Aki sách maith freisin ach is cinnte nach róshásta a bhí Ronan Kelleher leis an bhfiche nóiméad a fuair seisean ach a dtáinig deacrachtaí chun solais arís sa síneadh amach.

Mar sin féin tá aon imreoir déag ón tír seo ainmnithe ag Farrell arís i measc an phainéil triúr fichead amárach agus tá naonúr ag tosnú, curiarracht eile.

Seans freisin nach róshásta a bhí Maro Itoje, captaen na foirne, lena chuid iarrachtaí féin sa gcéad mhórchluiche ach oiread, cé go mbeidh sólás áirid le fáil aige mar gur bhuaigh a fhoireann an cluiche.

Mar a dúirt mé, tá bunchloch mhaith againn anois don dara mórchluiche. Tá na hAstrálaigh ag treisiú agus tá na Leoin fós ar thóir a ‘mojo’ féin.

Bhí a fhios agam go mbeadh na Leoin róláidir do na Wallabies sa gcéad chluiche. Caithfidh mé a admháil go bhfuil amhras orm faoi thoradh an chluiche seo!

Fág freagra ar 'Tá na Leoin fós ar thóir a ‘mojo’ féin agus an dara cluiche i gcoinne na hAstráile linn'

  • Mícheál Ó Flaithearta

    ‘Mojo’ Itoje?