Beifear ag ceiliúradh ar fud Ghaeltacht na Mí anocht agus craobhacha sinsir agus sóisir na bhfear ag Comórtas Peile na Gaeltacht tugtha leo ag na cumainn áitiúla.
Bhuaigh an fhoireann bhaile, Clann na nGael, cluiche ceannais na sóisear tar éis dóibh taispeántas maith a thabhairt i gcoinne Naomh Náille, cluiche a bhuaigh siad 2-21 in aghaidh 0-15.
Is in aghaidh foireann ó Dhún na nGall a bhí Bhulf Tón i gcluiche ceannais na sinsear chomh maith agus iad ag tabhairt aghaidh ar an Tearmann. D’éirigh le foireann na Mí an chraobh a thabhairt leo den dara huair le trí bliana anuas, ach ní gan dua é.
Bhreathnaigh sé go mbeadh na Conallaigh ag tabhairt Corn an Aire ar ais leo den chéad uair riamh agus iad trí phointe dhéag chun tosaigh agus ceathrú uaire fágtha ach níor scóráil siad as sin go deireadh agus rinne Bhulf Tón teacht aniar dochreidte chun an cluiche a bhaint, 2-18 in aghaidh 3-12.
Ocht bpointe chun cinn a bhí an Tearmann ag leath ama, 2-8 in aghaidh 0-6, agus cé go raibh cóir na gaoithe ag Bhulf Tón sa dara leath, is ag méadú a bhí an bhearna idir na foirne seachas a mhalairt nuair a thosaigh an cluiche arís. Cuireadh beirt ó chaon taobh – Saran Ó Fionnagain Bhulf Tón agus Jack Alcorn an Tearmainn – den pháirc seacht nóiméad isteach sa dara leath ach bhí cuma na maitheasa ar an Tearmann go fóill nuair a bhuaigh agus a shlánaigh Daire McDaid cic éirice. Chuir sé cúpla pointe eile leis an gcúl sin chun an Tearmann a fhágáil 3-12 in aghaidh 0-8 chun tosaigh agus lámh amháin acu ar an gcorn. Ach is ansin a thosaigh rudaí ag titim as a chéile.
Bhí an Tearmann go mór i gceannas ar an gcath i lár na páirce go dtí sin agus seilbh na liathróide á buachan ag an bhfathach Bobby McGettigan arís agus arís eile. D’éirigh le Bhulf Tón srian a chur ar thionchar McGettigan sa gceathrú dheireanach sin, áfach, agus bhí baint mhór ag Adam O’Neill, an t-imreoir contae a tugadh isteach mar ionadaí ag leath ama, leis sin.
Bhí obair mhór fós le déanamh nuair a d’aimsigh Caolan Ward agus Oisín Martin scóranna sa 48ú agus sa 49ú nóiméad ach tugadh spreagadh mór dóibh nuair d’éirigh le Martin deis iontach ar chúl a chruthú don lántosach mór, Fiachra Ward a rinne an beart.
D’aimsigh Caolan Ward agus Kyle Moran scóranna dhá phointe chun an bhearna a laghdú tuilleadh agus nuair a sheol Oisín Martin iarracht íseal go cúl na heangaí sa 58ú nóiméad, bhí na foirne ar comhscór, 2-15 in aghaidh 3-12.
Bhí ag teip glan ar an Tearmann moill a chur ar imirt Bhulf Tón faoin tráth sin agus chuaigh fir na Mí chun cinn le hiarracht ó Thomas O’Reilly sa nóiméad deireanach den 60 nóiméad. Chuir Kyle Moran agus Caolan Ward scóranna eile leis chun bearna trí phointe a chruthú agus b’in mar a chríochnaigh sé agus teacht aniar chomh maith le haon cheann atá feicthe riamh ag Comórtas Peile na Gaeltachta déanta ag Bhulf Tón.
Is beag a bhí idir na foirne sa gcuid is mó den chéad leath ach chinntigh dhá chúl ó Patrick Fegan agus an chríoch láidir a chur an Tearmann leis an leath sin, tréimhse inar aimsigh Daire McDaid (faoi dhó) agus John James Sweeney pointí, go ndeachaigh na Conallaigh isteach chun tosaigh ag leath ama. D’fhanfadh siad chun tosaigh d’fhormhór an dara leath chomh maith ach ba iad Bhulf Tón a bhí chun cinn nuair ba thábhachtaí é.
Sa gcluiche ceannais sóisir roimhe, bhí Clann na nGael ar fheabhas agus iad ag fáil an ceann is fearr ar Naomh Náille. An leathchúlaí láir Cormac Smith a fuair an scór deireanach sa gcluiche leis an gcic deireanach agus is cinnte gur fhág sé a mharc ar an gcoimhlint agus sé phointe aimsithe aige, gan ach ceann acu sin ag teacht ó chic saor. Cúig phointe a d’aimsigh Thomas Doyle agus an sárthosach óg, Ben Corkey, a fuair ceithre cinn ón imirt. Níor aimsigh an fear mór lár páirce Daragh Griffin ach cúilín amháin ach bhí an tionchar a bhí aige ar an imirt níos tábhachtaí ná sin agus taispeántas den scoth tugtha aige chomh maith.
Corkery agus Doyle a d’aimsigh na chéad chúpla scór den chluiche ach tháinig Naomh Náille ar ais go láidir. Bhíodar 0-7 in aghaidh 0-3 chun tosaigh théis 14 nóiméad agus cúig cinn de na pointí sin faighte ag an lántosach, Stephen Griffin, dhá scór dhá phointe ina measc.
Chuaigh Clann na nGael chun cinn arís, áfach agus ceithre phointe as a chéile acu agus cé gur bhabhtáil na foirne scóranna ansin, Clann na nGael a chríochnaigh níos láidre agus cúl ag Seán Óg Tiernan á gcur 1-10 in aghaidh 0-10 chun cinn ag leath ama.
Bhí an bhearna sin méadaithe go dtí ceithre phointe leath bealaigh tríd an dara leath ach tháining an scór cinniúnach ansin agus é aimsithe ag fear Ráth Chairn, Éamonn Óg Ó Donnchadha, agus críoch mhaith curtha aige le gluaiseacht a chuaigh suas taobh na láimhe clé den pháirc chun Clann na nGael a chur 2-14 in aghaidh 0-13 chun tosaigh.
Rinne Naomh Náille iarracht teacht ar ais sa gcluiche ach ba léir go raibh easpa fuinnimh ag cur as dóibh agus seans gur leáigh an dóchas leis nuair a rinne cúl báire Chlann na nGael sábháil dhochreidte chun iarracht ó Michael Coughlan a choinneáil amach sa 58ú nóiméad.
D’éirigh le Ben Corkery, Thomas Doyle agus Cormac Smith tuilleadh pointí a fháil do Chlann na nGael roimh an deireadh chun an bhearna a mhéadú agus tús a chur leis an gceiliúradh ar bhóthar Liombó.
Pádraig Ó Briain
Cad é mar teacht anair sin ó imreoirí Bhulf Tóin ! Chuir sé gliondar chroí orainn anseo i gCill Airne ag féachaint ar an cluiche ar Sport TG4.
D’imir mé le foireann Baile Ghib i nGaoth Dobhair i 1970 – is dócha gurbh é sin an céad nó an dara comórtas. Agus bliain in aghaidh bliana bainim sult as an comórtas, go mór mhór na blianta a bhuaigh na Tones Corn an Aire.
Míle buíochas as ucht do tuairisc breá ar an cluiche ceannais. Léifimid agus pléifimid é ag ár ciorcal comhrá i Lios a Phúca níos déanaí sa seachtain. Nach orm a mbeidh bród ag ár gcruinniú ar an Céadaoin seo chugainn!!!