An Taoiseach Micheál Martin ag labhairt le Fatima Hassouna (nach maireann)
Louis de Paor
Ní hé nár airíos do scéal, a bhean, do ghuí mhístuama gur bás glórach a gheofá, dúnmharú nárbh fhéidir cluas bhodhar a thabhairt air. Tá’s agam: ní glórmhar, adúraís, ach a mhalairt glan. Salach. Fealltach. Mínáireach.
Ní mór bheith cúramach ar a shonsan, a dhuine, gan idirdhealú rómhór a dhéanamh idir do dhúnmharú agus an bás atá fós ag bagairt orthusan a mharaigh tú.
Déanaim comhbhrón ó chroí leosan chomh maith, thar mo cheann féin agus thar ceann mo dhaoine, ar an mbás a d’fhéadfadh a bheith fé cheilt laistiar ded chaille, ded ghúna fada, de shúil an cheamara id ghlaic.
Cá bhfios dóibhsean ná raibh an bás ag faire orthu, ag ligint a scíthe go fóill, ag prapáil chun scaoileadh leo arís id chuid focal, id shúil ghealgháireach, id bhroinn?
Ní hé nach ngéillim dod scéal, ach níor chóir, dar liom, aird rómhór a thabhairt ar bhás aon mhná amháin agus an oiread san fear, ban agus leanbh ag fáil bháis gach aon lá chun go dtiocfadh stát sibhialta daonlathach, ár ndála féin go díreach, slán ó eagla a bháis féin.
Caithfidh mé scaoileadh leat anois, a chroí, sara meallfaidh t’aghaidh shoineanta mé is go gcaithfinn an fhírinne bharbartha a bhfuil an tsibhialtacht ag brath uirthi a insint: ní leor do bhás ná bás gach duine riamh ded dhream chun go ndéanfainnse gníomh ar do shon go mb’fhéidir go mbeadh mo dhream féin thíos leis ar ball.
I bhfad uainn an anachain. Beimid cothrom i gcónaí gan aon idirdhealú riamh a dhéanamh a thiocfadh eadrainn is ár leas fhéin. M’fhocal duit air sin, a bhean.
Fág freagra ar 'Dán nua – ‘An Taoiseach Micheál Martin ag labhairt le Fatima Hassouna (nach maireann)’'