Is céim mhór chun cinn é a bheith ag tosú ar scoil! Chun tacú le páistí aistriú réidh a dhéanamh chun na bunscoile in 2025, tá ríméad ar leabharlanna ar fud na tíre, i gcomhpháirtíocht leis an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus leis an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Málaí Leabhar Mo Leabharlainne Bige a thabhairt isteach.
Céard atá istigh i málaí Leabhar Mo Leabharlainne Bige?
I ngach mála, bíonn acmhainní iontacha a dearadh chun tacú le haistear luathfhoghlama do linbh. Tá fáil ar na málaí i mBéarla agus i nGaeilge araon, agus istigh iontu, tá:
- Leabhar álainn faoi bheith ag tosú ar scoil.
- Scéal mealltacht faoi bheith ag déanamh cairde nó ag déanamh ceiliúradh ar an indibhidiúlacht.
- Cárta leabharlainne úrnua, lena gcuirtear scéalta go leor ar fáil!
- Sparán cárta speisialta ‘Mo Leabharlann Bheag’ chun a gcárta a choinneáil sábháilte.
- Áiseanna cabhracha, amhail an Leabhar Sceálta Níocháin Lámh Rufus, lena gcuirtear nósanna sláintiúla chun cinn.
An bealach le do mhála a fháil
Beidh Málaí Leabhar Mo Leabharlainne Bige ar fáil lena mbailiú ó do leabharlann áitiúil ón 9 Bealtaine 2025.
Níl le déanamh ach dul chuig do leabharlann áitiúil i Laois chun mála leabhar saor in aisce do linbh a phiocadh suas agus tús a chur le heachtra iontach sa léitheoireacht agus san fhoghlaim.
Cuirtear fáilte mhór romhat i Leabharlanna Laoise!
Ba mhaith le lucht Leabharlanna Laoise leanaí agus a dteaghlach a spreagadh chun bualadh isteach go rialta! Tá raon leathan leabhar do pháistí againn agus bíonn go leor imeachtaí spraíúla ar siúl againn i gcaitheamh na bliana.
Aimsigh draíocht na léitheoireachta agus déan nasc le do phobal i Leabharlanna Laoise!
Leis na málaí leabhar seo, tá súil againn go spreagfar grá feadh saoil don léitheoireacht agus don fhoghlaim san uile leanbh agus iad ag tabhairt faoin gcéim nua iontach seo!
Chun tuilleadh eolais a fháil cliceáil anseo https://laois.ie/newsroom/2025/my-little-library-bag-book-initiative
Fág freagra ar 'GNÉ-ALT FÓGRAÍOCHTA: Málaí Leabhar Mo Leabharlainne Bige'