Níl an t-oideachas dátheangach á chur i bhfeidhm mar is ceart i scoileanna na nIonúiteach i gCríocha Nunavut i bhfíorthuaisceart Cheanada, de réir tuarascáil nua a foilsíodh le déanaí.
Reáchtáladh cruinnithe le 24 pobal sa dúiche ina bhfuil teangacha dúchais na nIonúiteach fós á labhairt ag cuid den phobal. Deirtear sa tuarascáil go bhfuil ganntanas múinteoirí atá in ann a bheith ag múineadh san Ionúitis ann agus go bhfuil tuilleadh traenála agus tacaíochta ag teastáil ó na múinteoirí a bhfuil an teanga ar a dtoil acu.
Dúirt lucht scríofa na tuarascála nárbh fhéidir cuid den taighde a chur i gcrích mar gheall nach raibh na polasaithe oideachais a ceapadh in 2012 á gcur i bhfeidhm i gceart sna scoileanna. Moladh sa tuarascáil go ndéanfaí infheistíocht níos mó i dtraenáil na múinteoirí, i bhforbairt an churaclaim agus i soláthar ábhar don seomra ranga.
Dúradh freisin gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an éagsúlacht canúintí atá sa dúiche agus a chinntiú go bhfuil seilbh agus ceannas ag na pobail dúchais féin ar an gcóras oideachais. Moladh go bhfostófaí cúntóirí teanga i ngach scoil le tacú leis an sealbhú teanga i measc na gcainteoirí óga Ionúitise.
Seacht moladh ar fad a rinneadh sa tuarascáil a bhí bunaithe ar an taighde a rinneadh i gcaitheamh na mblianta 2023 agus 2024. Reáchtáladh os cionn 120 cruinniú leis na pobail éagsúla i gcaitheamh an ama sin agus labhraíodh le múinteoirí, tuismitheoirí, taoisigh, fostaithe de chuid na Roinne Oideachais i gCeanada, agus leis na daltaí óga féin faoin oideachas dátheangach in Nunavut.
“Bhí rud amháin an-soiléir dúinn: tá na polasaithe [oideachais] ann – ach níltear á gcur i bhfeidhm,” a dúirt údair na tuarascála.
Maítear sa tuarascáil go bhfuil “an-mheas” agus “an-éileamh” ar an Ionúitis mar theanga theagaisc i mbunscoileanna in Nunavut agus go raibh “cláir chultúir” an-láidir i bhfeidhm i roinnt mhaith scoileanna. Múintear an teanga sna cláir sin mar a mhúinfí teanga iasachta agus bíonn deis ag na daltaí í a chleachtadh. Ní shásaíonn sé sin, áfach, spriocanna na bpolasaithe oideachais dátheangaigh.
Tá trí mhodh éagsúla teagaisc i bhfeidhm in Nunavut agus deirtear sa tuarascáil nach rabhthas ar aon intinn faoi cé acu ab fhearr. Ba léir dóibh freisin nach raibh fonn mór ar aon scoil a bhí ag úsáid modh amháin modh eile a thriail.
Dúirt údair na tuarascála gur údar “frustrachais” é gurb iad na dúshláin chéanna atá ag teacht chun cinn in earnáil an oideachais dhátheangaigh leis na scórtha blianta ach gur léir gurb é an cur i bhfeidhm seachas an t-oideachas dátheangach féin is cúis leis na deacrachtaí.
Dúirt siad gur tábhachtaí i bhfad an tacaíocht ón bpobal, ó cheannairí, agus ó mhúinteoirí a bhfuil oiliúint mhaith orthu ná na modhanna teagaisc a roghnaíonn na scoileanna.
I gconclúid na tuarascála is é an moladh atá ag lucht a scríofa go gcaithfidh “gach scoil pleananna don oideachas dátheangach atá cuimsitheach agus dírithe ar spriocanna ar leith a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Caithfidh na scoileanna, an Roinn Oideachais, na heagraíochtaí Ionúiteacha agus na páirtithe leasmhara eile oibriú le chéile – le tuilleadh maoiniú feidearálach – lena chinntiú go bhfíoraítear an t-oideachas dátheangach.”
Ciaran OHagan
Foinse ? Údar ? “turascáil” = doiléir