Clár nua faoi Chapaillíní Chonamara, ‘Beo ar Éigean’ beo ag Féile Litríochta BÁC, Beckett sa Chreig sa Taibhdhearc

Sa cholún seo tá moltaí ag Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí, na féilte agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh…

Clár nua faoi Chapaillíní Chonamara, ‘Beo ar Éigean’ beo ag Féile Litríochta BÁC, Beckett sa Chreig sa Taibhdhearc

TEILIFÍS

Sraith nua faoi Chapaillíní Chonamara ag tosú ar TG4

Cuirfear tús ar an 29 Bealtaine le sraith nua ceithre chlár ar TG4 ina dtugtar léargas ar an gcáil atá ar Chapaillíní Chonamara i sochaí na hÉireann sa lá atá inniu ann. Go traidisiúnta, ba ar na cnoic, ar an gcriathrach agus sa gcladach a mhair Capaillín Chonamara. Ar feadh na gcianta bhíodh teaghlaigh Chonamara ag brath go mór ar an gcapaillín oibre seo a bhí múnlaithe ag an tírdhreach garbh, iargúlta. Ní fada gur scaip cáil chapaillíní Chonamara ar fud na cruinne. Sna ceithre chlár seo, labhraítear le póraitheoirí, marcaigh, ceannaitheoirí agus díoltóirí chun an cháil agus an tóir atá ar an gcapall seo a mheas agus pléitear todhchaí an chapaillín dhúchasaigh speisialta seo tráth a bhfuil imní ann go bhfuil a cuid saintréithe i mbaol agus nach dtiocfaidh an mianach traidisiúnta slán.

Sa gcéad chlár, casfar le Máirtín Ó Neachtain as Ros Muc, a bhfuil na capaill seo aige le fada an lá, agus é ag fáil faoi réir do shéasúr eile seónna. Míníonn Peter Ó Máille ó Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara an próiseas a bhaineann le cigireacht a dhéanamh ar na capaillíní agus beidh Daragh Ó Tuairisg, Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara, ina theannta. Tá beart nua curtha i bhfeidhm ag an gCumann féachaint le pórú an chapaillín bhig thraidisiúnta seo a chur chun cinn. Casfar sa gcéad chlár freisin le Gearóid agus Patrick Devane, a bhfuil tuairimí láidre acu fhéin faoin gcaoi le capaillín traidisiúnta Chonamara a chosaint.

Tuilleadh eolais ar shuíomh idirlín TG4.

FÉILTE

Imeachtaí Gaeilge ag Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath

Beidh Féile Litríochta Idirnáisiúnta Bhaile Átha Cliath ar bun ó 16 go 25 Bealtaine i mbliana agus tá rogha imeachtaí Gaeilge ar bun mar chuid de chlár na féile. Cuirtear na himeachtaí ar bun i gCearnóg Mhuirfean i mBaile Átha Cliath áit a mbíonn puball socraithe suas do na himeachtaí. Cuirfear taifeadadh beo den phodchraoladh ‘Beo ar Éigean’ ar bun ar an Aoine, 16 Bealtaine sa Byzantium ag 6:00 i.n. Is iad Roxanna Nic Liam, Majella Ní Dhomhnaill agus Eoin P. Ó Murchú na haíonna speisialta a bheidh ag glacadh páirt sa léiriú sin.

I measc na n-imeachtaí eile, beidh oíche ‘Gal-Gáireach’, eagrán speisialta de Ghael-Gháire atá ann agus mná grinn amháin a bheidh ar stáitse don ócáid. Is iad na fuirseoirí a bheidh ag glacadh páirt ná Aideen McQueen, Síomha Hennessy, Louise O’Toole agus Louisa Ní Eideáin. Imeacht dátheangach é seo agus beidh sé ar bun i Le Fanu i gCearnóg Mhuirfean ar an Domhnach 18 Bealtaine ag 8:00 i.n.

Tuilleadh eolais agus clár na féile ar fáil ag anseo.

Imeachtaí Gaeilge ag Féile Ealaíona Idirnáisiúnta na Gaillimhe

Seoladh clár Fhéile Ealaíona Idirnáisiúnta na Gaillimhe an tseachtain seo caite agus beidh an fhéile ar bun ó 14 go 27 Iúil i mbliana. Beidh An Taibhdhearc ag cur Beckett sa Chreig: Guth na mBan i láthair ó 11 go 19 Iúil (réamhléirithe ar an 11 agus 12). Is é seo an dara cuid den tsraith de shaothar Company SJ, an comhlacht a chur Laethanta Sona i láthair i gcomhar le hAmharclann na Mainistreach amuigh faoin aer ar Inis Oírr sa mbliain 2021.

Léiriú dátheangach le ceol beo is ea Story of a Day | Scéal Lae atá á léiriú ag Branar Theatre in éineacht le Galway Music Residency. Scríofa agus maisithe ag Mary Murphy, is é Tom Lane a chum an ceol, Marc Mac Lochlainn a stiúir agus cuirfidh an ConTempo Quartet an ceol beo ar fáil. Beidh sé ar bun in The Cube in Ollscoil na Gaillimhe ó 14 go 20 Iúil agus is seó teaghlaigh atá ann.

Tuilleadh eolais agus clár na féile le fáil anseo.

CULTÚR

Oíche Chultúir 2025: Glaoch ar Iarratais do Dheontais Thacaíochta

Tá An tOireachtas, i gcomhpháirt le hOíche Chultúir, anois ag glacadh le hiarratais d’imeachtaí Gaeilge ar Oíche Chultúir 2025. Ag filleadh don fichiú bliain, tionólfar Oíche Chultúir Dé hAoine, 19 Meán Fómhair 2025.

Fáiltíonn An tOireachtas roimh iarratais ar na téamaí seo a leanas ach níltear ag cur ealaíona eile as an áireamh ach oiread: Na Taibhealaíona Teangabhunaithe; Damhsa; Ceol; Na hAmharcealaíona; Ceardaíocht; Litríocht; Dioscúrsa; Turas; Oidhreacht & Scannán. Is é Déardaoin, 12 Meitheamh 2025, an spriocdháta d’iarratais.

Is í an aidhm atá ag An tOireachtas leis na deontais seo ná spreagadh a thabhairt do ghrúpaí Gaeilge agus cainteoirí Gaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta, le himeachtaí a reáchtáil trí Ghaeilge ar Oíche Chultúir. Tá pacáiste tacaíochta ar fáil: deontas (uasmhéid €250, ach féadfar cás a dhéanamh d’ócáidí eisceachtúla); agus poiblíocht ar na meáin shóisialta, náisiúnta agus áitiúla.

Tá foirm iarratais agus gach eolas eile a fháil ar shuíomh idirlín an Oireachtais.

 

An Tóstal i mBóthar na Trá

Más báid is bádóirí is maith leat níl áit níos fearr le bheith an deireadh seachtaine seo ná ar an bProm i mBóthar na Trá i gcathair na Gaillimhe. Beart margaíochta a cheap Bord Fáilte sna caogaidí é an Tóstal a tharraing na sluaite ag imeachtaí agus a rinne réalta de lucht curachaí.

Beidh na húicéirí ag seoladh ansin ó mheán lae Dé Sathairn agus beidh curachaí agus báid seoil ag iomaíocht ansin ar an Domhnach ó 11.30am.

Más ar thalamh tirim thú beidh neart le n-ithe agus le n-ól ansin agus imeachtaí ar siúl do na gasúir. Tá an-ghealladh faoin aimsir, tabhair leat na héadaí snámha agus ná spáráil an t-uachtar gréine!

Gach eolas anseo.

Fág freagra ar 'Clár nua faoi Chapaillíní Chonamara, ‘Beo ar Éigean’ beo ag Féile Litríochta BÁC, Beckett sa Chreig sa Taibhdhearc'