Is í an pholaitíocht a chuireann seoladh faoin úrscéal ábalta seo. Feidhmíonn an diansmacht stáit mar bhunsraith scéalaíochta ina ndéantar scagadh ar am, stair agus eiticí éiginnte an ghrá. Thiar i ndeireadh na seascaidí – 1969 le bheith cruinn – a lonnaítear téad amháin den scéal faoi chleamhnas samhraidh mar a thugtar air.
Tá lámh agus focal idir Caoimhín agus Áine ar múinteoirí nuacháilithe iad beirt. Socraíonn siad ar shaoire a chaitheamh cois cladaigh in iarthar Chorcaí sula dtabharfaidh siad aghaidh ar phoist a lorg agus saol socair na buirgéise a thabhairt orthu féin. Na gnáthchomharthaí sóirt, shílfeá, go bhfuil Caoimhín agus Áine le teacht in inmhe nó tairseach éigin eile a chaitheamh.
Col ceathrar le hÁine í Órlaith in iarthar Chorcaí. Péintéir, ealaíontóir, cúramóir dá máthair, a bhfuil roinnt blianta aici ar Áine, fuílleach taithí saoil aici agus géarchúis i gcúrsaí an chroí. Bean is ea í nach seachnaíonn an modh díreach, a dhiúltaíonn don chur i gcéill. Géaraíonn ar an teannas ar an uile bhealach ón uair go gcastar Caoimhín agus Órlaith ar a chéile.
Faoi cheannas an Ghinearáil atá an stát. Ceannaire náisiúnta, ceannasaí údarásach, tíoránach. Mar sin a bhíonn i 1969 agus deich mbliana ina dhiaidh sin fós i 1979 nuair a bhíonn sé ag saothrú an bháis. Ní tír ó aithint í ach oiread mar tráchtar ar ré órga Chiarraí agus ar an tráth a mbítí ag éisteacht le ceol Chris de Burgh chomh maith. Cé nár chleacht muid an leagan seo den stát san fhichiú haois, tá eolas maith againn ar na réimis Eorpacha inar ligeadh scód leis an tiarnúlacht le linn an Chogaidh Fhuair.
Tá an téacs breac leis na ciútaí – ceansú sóisialta, bolscaireacht bhréagach, forlámhas slándála, teaghlach róchumhachtach – agus a shliocht ar shaol na ndaoine. Is teist ar chumas an scríbhneora é go léirítear seo ar fad seachas go n-insítear dúinn é.
Tá rian láidir den diostóipeachas ar an insint agus bordálann codanna den scéalaíocht i dtreo na háiféise ar fad – teoiricí Einstein, tábhacht an mheaingil agus córas diamhrach ina gcruthaítear maidhmeanna nó scoilteáin a chuireann am agus spás as a riocht. Is ionann na maidhmeanna is uirlis cheansaithe. San am céanna, is meafar éifeachtach é ar bhaois na hiomaíochta armála agus contúirt an olldíláithriúcháin choitinn – réim sceimhle faoinar cuireadh suas le hansmacht faoi chló an fhrithchumannachais.
Is iad Marcas agus Donnchadh mac agus garmhac an Ghinearáil agus tuigtear ón tús go mbeidh iomarbhá eatarthu maidir le comharbacht. Is é Marcas is drabhlásaí, is sotalaí. Tuigtear go mbaineann soineantacht éigin le Donnchadh ach meabhraíonn bean Mharcais, Cáit, gur aige a bheidh tacaíocht mhaithe móra na Comhairle – údarás géarleanúna eile.
Is grinne léamh Cháit ar riar na cumhachta ná a fear ar mó a spéis sa mbantracht ná sa bpolaitíocht. Cuireann muid aithne freisin ar Phaddy agus Éamann – bleachtairí, brainséirí, póilíní slándála a bhíonn de shíor i gcuideachta an teaghlaigh – carachtair trína léirítear leimhe na hurchóide, mar a thug Hannah Arendt air.
Tagann Caoimhín, Áine agus Órlaith i láthair an stáit nuair a chuirtear iad in aithne do Dhonnchadh agus iad go léir ar saoire ó dheas. Tugann imoibriú na gcaidreamh luachanna, prionsabail agus eiticí go barr uisce. Tá tóir ag Donnchadh ar Órlaith ach gan spéis dá laghad ag Órlaith ann.
Ní thuigeann Áine cad chuige nach gcuireann Órlaith suas le hiarrachtaí místuama suirí Dhonnchaidh ina leith. Bheadh brabach ag gach duine ar chara sa gcúirt, nach mbeadh? Tugann Caoimhín ceachtanna snámha d’Órlaith agus bíonn ceachtanna péintéireachta, mar dhóigh dhe, ar bun eatarthu freisin.
Déantar spíonadh ar chiontacht na beirte – cinneadh comhfhiosach Órlatha Caoimhín a mhealladh chomh maith le siléig Chaoimhín an fhírinne a insint d’Áine. Tróp bunaithe go maith is ea an fear óg á chur faoi oiliúint ag an mbean a bhfuil taithí an tsaoil aici ach baineann feidhm eile le carachtracht Chaoimhín. Is é an fear óg é nach dtagann in inmhe – go pearsanta ná go polaitiúil. Tagann seisce an stáit roimh a chuid forbartha agus ainneoin téisiúlacht an chaidrimh le hÓrlaith fágtar ina leathdhuine seargtha é de bharr imeachtaí duairce an úrscéil. An teacht in inmhe nár tháinig.
Tá marach, smál nó uireasa éigin ar na caidrimh ar fad san úrscéal. Samhail fheiliúnach eile den mhífheidhmiúlacht ag leibhéal pearsanta agus polaitiúil. Fiú má bhíonn na céadta limistéar coiscthe ann, ligtear le fios linn tríd an tubaiste a tharlaíonn i ndeireadh samhraidh nach féidir le hansmacht stáit mianta agus aimhréidhe na daonnachta a chloí. Agus meabhraítear arís agus arís eile gur túisce an beart suarach ná an gníomh gaisce sa saol polaitiúil go mór mór nuair a chailltear an Ginearál faoi dheireadh.
Tá plé téamúil den mhianach céanna in úrscéalta le Paul Lynch (Prophet Song) agus Colm Tóibín (The Story of the Night) ach is saothar fiúntach ina cheart féin é seo. Tá léirithe ag Colm Ó Ceallacháin cheana féin gur scríbhneoir paiteanta gearrscéalta é. Tá stíl mhaith mheáite aige san úrscéal seo cé gur mheas mé go ndearnadh róshaothrú meafarach in áit chriticiúil nó dhó – an tsú ar an gcraobh agus an gráinne ar an dias in aimsir fhómhar beag na ngéanna, mar shampla.
Mionphointe fánach nuair a chuirtear scagadh tábhachtach os ár gcomhair ar an bpolaitíocht phearsanta in aimsir na spídiúlachta.
Colm Ó Ceallacháin
Leabhar Breac €16
Fiche
Declan Fitzpatrick
Mo bhuíochas d’údar an ailt thuas. Is mionscagadh machnamhach an léirmheas é féin ar an úrscéal suimiúil seo.