Níl aon cheilt agamsa air gur aoibhinn liomsa scannáin agus go bhfuil d’ádh orm mar shaor-léirmheastóir go bhfaca mé na céadta scannán le cúpla bliain. Ní mór mo ghean ar na scannáin do mhná ná na scannáin ghrinn rómánsúla agus éasca go leor mar sin a scaoilfinn tharam scannán Blake Lively, It Ends with Us.
Tá an scannán seo bunaithe ar úrscéal Colleen Hoover agus é á dhíol mar scannán grinn rómánsúil, nó ‘rom com’ mar a deirtear. Rud a dúirt Jessica Bowes, bean a d’fhulaing foréigean, ar Twitter a ghoin m’aire. B’fhéidir go bhfuil rómánsúlacht ag baint leis i gciall an lae inniu ach is cinnte glan nach aon scéal grinn é. Ní raibh a hathair, a rinne mí-úsáid fhisiciúil uirthi, ach curtha i gcré na cille ag an bpríomhcharachtar nuair a thosaigh sí caidreamh foréigneach le fear gur bheag a haithne air.
Dá dhonacht dá raibh an scéal sa scannán, ba mheasa fós an scéal a bhí á insint beo beathach don saol mór. Rinne Blake Lively, an príomhaisteoir agus an léiritheoir, líomhaintí ciaptha gnéis agus ionsaithe in aghaidh Justin Baldoni, an stiúrthóir agus a comhréalta. An rud is íorónta faoin scéal ná gurbh eisean an páirtí a rinne mí-úsáid fhoréigneach uirthi ina ról sa scannán. Tá an bheirt réalt sin fós ag troid an cháis sna cúirteanna ach níor stop sin na meáin chumarsáide ag tabhairt ‘scannán grinn’ air.
Cén fáth go mbíonn doicheall ar scríbhneoirí is léiritheoirí scannán an t-ainm ceart a thabhairt ar gach aon mhí-úsáid laistigh de chaidreamh? Cén fáth nach féidir leo léiriú níos fírinní a thabhairt ar an mbail a fhágann an mhí-úsáid sin ar an té a fhulaingíonn í agus ar na daoine atá gar dóibh? Sa scannán seo It Ends with Us, feicimid Lily Bloom, a ndearna a hathair mí-úsáid uirthi, ag fágáil a shochraide.
Éiríonn léi a brionglóid a fhíorú agus siopa bláthanna a oscailt (d’uireasa taithí ná airgead), agus buaileann sí le mian a croí d’fhear. Níl tuiscint dá laghad ag an mbean óg ar an smachtú comhéigneach, foréigean fisiciúil, mí-úsáid fhisiciúil agus mhothúchánach, sárú príobháide, éad, aonrú ná céasadh dá leithéid. Pósann sí an mí-úsáideoir, bíonn páiste aici agus fágann sí é chomh luath agus a shaolaítear an páistín.
Agus tá muid in ainm is a chreidiúint gur lig amhas foréigneach di imeacht léi slán sábháilte. Í féin agus a páiste gan dídean, gan pingin ina póca agus í gonta go dona ina hintinn agus ina corp.
Ach mar a bhíonn sa síscéal, sa scannán seo tá Boston go hálainn, tá Lily go hálainn, tá a cairde agus a saol go hálainn (taobh amuigh). Ar nós gach ‘rom com’ bíonn deireadh sona ar an scéal.
Mo léan géar ní hamhlaidh a bhíonn ag go leor daoine a éalaíonn ó chaidreamh na drochíde. Is iomaí dúshlán a bhíonn fós le sárú acu, cinn nua san áireamh. Cá gcónóidh tú? Céard faoi airgead? Céard faoi na leanaí? An mbeidh ceisteanna le réiteach faoi chaomhnóireacht leanaí agus cothabháil?
An ‘deireadh sona’ an seansteiréitíopa is gean le Hollywood i gcás caidreamh mí-úsáideach óna dteitheann an t-íospartach. Féach ar Julia Roberts sa scannán Sleeping with the Enemy, ní raibh nóiméad sa lá nach raibh sí faoi smacht ach iontas na n-iontas, thug sí cosa léi agus thug faoi shaol breá nua.
Sampla eile is ea Jennifer Lopez sna scannáin Enough agus The Boy Next Door. Sa radharc deiridh feicimid an bhean agus í brúite basctha amhail is gur tháinig sí slán as timpiste aeir. Táthar ag iarraidh a chur ina luí orainn go mbeidh saol níos fearr aici ón nóiméad sin ar aghaidh.
Nach sílfeá go bhféadfadh déantóirí scannán an scannán a thosú ag an bpointe a bhfágann sí an mhí-úsáid? Tosaíodh an scéal leis na lochtanna atá ar an gcóras, an easpa spásanna tearmainn, an t-athrú a bhíonn le déanamh ar sheoladh poist, na billí leighis, srl
Tugann an cás dlí atá ar siúl idir Blake Likely agus Justin Baldoni maidir leis an bhfuath ban a líomhnaítear, agus an léargas atá sa scannán ar scéal ficsin faoin mhí-úsáid chaidrimh, léargas dúinn ar ghluaiseacht Me Too Hollywood, go háirithe ar an gcaoi a gcaitear le mná i dtionscal na scannán.
Tá a ndearcadh féin ag daoine faoi cé acu Lively nó Baldoni a chreideann siad ach tá an chuma air gurb iad dlíodóirí na beirte is fearr a shaothróidh dollair ar an gcás. Is cinnte go bhfuil sé tábhachtach aird a tharraingt ar an seobhaineachas a bhí rábach in earnáil na siamsaíochta le fada an lá ach céard faoi na milliúin eile ar fud na cruinne nach n-insítear a scéal in aon chor?
Deir lucht an fheachtais No More go ndéantar foréigean sa bhaile nó/agus foréigean gnéis ar bhean amháin as gach triúr uair éigin lena mbeo. An tseachtain seo caite chonaiceamar an ghalántacht ar fad a bhaineann le Gradaim an Acadaimh, rinneadh Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh agus díríodh aird ar an bhfeachtas No More.
Nach bhfuil sé in am againn athscrúdú a dhéanamh ar an léiriú a dhéantar ar fhoréigean ar bhonn inscne sna scannáin? Nach bhfuil sé in am leagan eile den scéal a chloisteáil agus go n-éileodh mná ar fud na cruinne ar scríbhneoirí scripte agus léiritheoirí scannán an script a athrú?
Fág freagra ar 'Tá sé in am ag Hollywood an script a athrú ó thaobh an fhoréigin in aghaidh na mban'