Chuirfeadh Oifig an Phoist mearbhall ar aon duine. Mar a dúirt mé le bean sa líne an lá cheana, ‘tá sé ar nós a bheith ag iarraidh ceart a bhaint as Ciúb Rubik ceart a bhaint as an gcóras anseo’.
Ba é seo mo chéad chuairt ar oifig an phoist ó shiúil mé amach as a macasamhail san Airgintín nuair a dúradh liom gur €10 a chosnódh stampa go dtí an Eoraip. Agus go gearr ina dhiaidh sin, d’fhógair an Danmhairg go rabhadar ag éirí as an tseirbhís poist litreacha.
Bhuel, ar a laghad, beidh gach rud i gceart sa mbaile, dúirt mé liom féin.
Nach mise a cheap go raibh mé cliste agus chuile shórt réitithe agam sular leag mé cos ar an gcosán fiú. Téip ghreamaitheach, peann agus an dara peann ina ‘fhear ionaid’, mála siopadóireachta, bronntanas beag gan mórán meáchain, cárta scríofa agus dúnta, fón agus an seoladh i Meiriceá ann (agus seiceáilte). Ní fhéadfadh duine a bheith ní ba réitithe.
Caithfidh foighid a bheith ag duine ar ndóigh. Ná bí ag súil go mbeidh tú in ann do chuid gnó a dhéanamh in aon iarraidh amháin, ná baol air.
Rinne mé mo bhealach go deas réidh suas an líne chuig an gcuntar. Mar a tharla cheana, bhí mé ag déanamh iontais i gcaitheamh an ama den mhéid beartán a bhí á gcur chun bealaigh ag daoine. Shílfeá go raibh glac beartán ag gach duine eile sa líne freisin.
De réir mar a líontar na ciseáin mhóra le beartáin, bíonn ar fhoireann na hoifige iad a thabhairt isteach i gcúlseomra agus tosú á líonadh arís.
Leag mé síos mo chuid dindiúirí agus mo chuid ábhar postála ar an bpísín beag de chuntar a bhí saor – níor mhórán é.
Mheáigh sé mo bhronntanas agus gan air ach páipéar daite, shocraigh muid ar an gcineál seirbhís agus clúdach a bhí uaim (neamhchláraithe) agus b’éigean dom gach rud beo a bhailiú agus a bhreith liom ar ais go dtí an t-aon spás oibre a bhí fágtha – seastán fógraíochta le haghaidh fón póca, sílim. An geábh seo, bhailigh mé clúdach tiubh ón rogha ar na seilfeanna (iad ar fad mór millteach) agus líon mé isteach na sonraí go cúramach le mo pheann – seoladh i Meiriceá, mo sheoladh, mo chód Eircode.
Ar chúis éigin, nach raibh an téip ghreamaitheach fágtha in mo dhiaidh agam sa mbaile. Chuir mé drochbhail ar an bpáipéar daite toisc nach raibh mo dhá lámh saor aon am agus mé ag iarraidh gach rud a choinneáil ar an seastán fógraíochta. Ar dhúirt mé go raibh sé ar fána? Shín mé amach mo lámh agus tharraing paicéad téipe chugam féin ón tseilf. Dhá rolla téipe a bhí ann – ní inseoidh mé daoibh cé mhéad rolla atá sa mbaile agam.
Nuair a bhí gach rud bailithe le chéile arís agam b’éigean dom tosú ar an dara hoilithreacht suas go dtí an cuntar. B’in an uair a luaigh mé Rubik’s Cube le bean sa líne. Bhreathnaigh sí sa treo eile agus í ag iarraidh cúig nó sé cinn de bheartáin a choinneáil ina glaic agus fear óg in éineacht léi agus an líon céanna beartán aigesean.
Shroich mé an fear a bhí taobh thiar den ghloine den dara huair. Thosaigh muid arís.
Mheáigh sé an beartán. Cén luach a bhí ar an mbronntanas? Agus gach a raibh in Oifig an Phoist ag cúléisteacht, b’éigean dom a admháil gur chosain sé fiche euro. Actually, a chairde, cheannaigh mé Tigh Dunnes é níos túisce, agus ní raibh air ach deich euro. Ach ní fhéadfainn admháil go raibh mé ag cur an chruatain seo orm féin thar ceann ‘babygro’ a chosain 10 euro.
‘Croch suas an clúdach sin os comhair na fuinneoige go gcóipeálfaidh mé an seoladh agus na sonraí eile anseo,’ a dúirt sé liom.
Shíl mé go ndéarfainn focal cabhraitheach nó ar a laghad go gcuirfinn comhairle ar lucht ‘An Post’.
‘Táimse tar éis dhá thuras suas go dtí an cuntar a dhéanamh,’ arsa mise. ‘Ar smaoinigh aon duine ariamh ar bhealach chun é seo ar fad a ghiorrú? Mar shampla, dá mbeadh méarchlár thíos ansin ar an urlár agus nasc ann leatsa, d’fhéadfadh an seoladh agus na sonraí ar fad a bheith curtha chugat roimh ré (sa gcaoi is nach mbeadh ort a bheith ag cur ceisteanna náireacha ormsa os comhair an tsaoil agus tú ag clóscríobh amach chuile fhocal a scríobh mise le mo pheann nóiméad ó shin)?
‘Féach,’ a dúirt sé agus cuma na tuirse air. ‘Níl An Post sásta pingin rua a infheistiú in aon rud chomh nua-aimseartha leis sin.’
‘Ach,’ a dúirt mé agus ionadh orm. ‘Tá mé in ann dul síos ansin chuig Tesco agus oráiste a cheannach, é a chur faoin ‘scanner’ agus beidh chuile eolas acu faoi, beidh mé in ann íoc as le m’fhón agus imeacht liom.’
Mheabhraigh mé dhó go raibh an t-uafás gnó á dhéanamh anois ag An Post as beartáin a chur ar fud an domhain, b’fhacthas dom féin. Bhí na ciseáin mhóra beagnach líonta arís ó thosaigh mise ag plé le mo bheartán go Meiriceá. Nárbh fhiú bealach ní b’éifeachtaí a aimsiú le déileáil leis an ngnó sin?
‘An bhfeiceann tú na ciseáin mhóra lán go béal le beartáin thall?’ d’fhiafraigh sé díom.
‘Tá b’fhéidir suas le 80% de na beartáin sin ag dul ar ais go dtí an gnó as ar ceannaíodh iad ‘ar líne’. Tháinig daoine isteach anseo leis na beartáin sin, i gclúdaigh nó i mboscaí, seoladh priontáilte orthu agus fiú amháin an postas íoctha – toisc go bhfuaireadar gach ní nuair a cheannaigh siad an stuif.’
‘Anois,’ a dúirt sé, ‘caithfidh chuile mhac máthar acu sin teacht isteach anseo, áit a thógáil sa líne chun go ndéanfaidh mise ‘scanáil’ ar an mbeartán. Níl mé fiú ag cur stampa air. Ach sin í an riail.’
Ba léir go raibh sé mífhoighneach. An amhlaidh nár thug mé é sin ar fad faoi deara ar mo chuid cuairteanna ar an oifig roimhe sin? Níor thug. Bíonn sé deacair súil a choinneáil ar mo chuid gnóthaí féin – tá mise chomh heagraithe sin.
Bhailigh mé suas mo chuid giuirléidí ón gcuntar agus ón seastán fógraíochta. Rinne mé iarracht ar jóc beag a laghdódh ar a chuid struis.
‘Tar éis sin ar fad, sílim gur chuir mé mo pheann sa chlúdach poist go Meiriceá,’ arsa mise agus mé ag gáire.
‘Arb in é an peann atá sáinnithe taobh thiar de do chluais?’ arsa mo chara.
Agus é ag féachaint anois ar líne a bhí ar tí dul amach an doras.
Fág freagra ar 'Mar a chéile córas oifig an phoist agus Ciúb Rubik…'